Seṗaniah 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I. Gu ḃfuil slat ġéar go teaċt ar Iudah, arson iomad á bpeacaḋ. 1 Briaṫar an TIĠEARNA noċ ṫáinig go Seṗaniah ṁac Cusi, ṁic Gedaliah, ṁic Amariah, ṁic Hisciah, a laéṫiḃ Iósiah ṁic Amon, ríġ Iúdah. 2 ¶ Scriosfa mé ṫríd amaċ a nuile ní ón talaṁ, a deir an TIĠEARNA. 3 Díoġḃáiġfiḋ mé an duine agus an beaṫaċ, scriosfa mé éanlaiṫ a naiéir, agus eisc na fairge, agus na cip ṫuisliġ maille ris na ciontaċaiḃ; agus geárrfa mé amaċ an duine ón ttalaṁ, a deir an TIĠEARNA. 4 Sínfiḋ mé mar an ccéadna mo láṁ amaċ air Iúdah, agus air uile áitreaḃaċ Ierusalem; agus géarrfa mé amaċ íarsma Ḃaal as a náitsi, agus ainm na Ċemariteaċ maille ris na sagartaiḃ; 5 Agus an drong aḋras slúaġ neiṁe air ṁulluiġiḃ na ttiġṫeaḋ; agus an drong aḋras agus ṁionnuiġios fán TTIĠEARNA, agus ṁionnuiġios fa Ṁalċam; 6 Agus an luċt dfill ar a nais ón TTIĠEARNA; agus an drong nar íarr an TIĠEARNA, agus nar ċeasnuiġ ris. 7 Bí ad ṫoċd lé faicsin an Tiġearna DIA: óir atá lá an TIĠEARNA do laṫair: óir do ġléas an TIĠEARNA íoḋbuirt, dfúagair sé dá luċt cuiriḋ. 8 Agus tiucfa a ccríċ a ló íoḋbarṫa an TIĠEARNA, go ccoireoċa misi air na prionsaḋuiḃ, agus air ċlannaiḃ na ríoġ, agus air na buile ḋáoiniḃ atá air na néaduġaḋ lé culaḋuiḃ coiṁiġṫeaċa. 9 Annsa ló ċéadnasin smaiċteoċa mé a nuile ḋuine lingios air an ttáirsiġ, noċ líonas tiġṫe a maiġistreaċ le héigean agus lé clúanuiġ. 10 Agus tiucfa a ccríċ san ló sin, a deir an TIĠEARNA, go mbiáiḋ gúṫ a néigin ó ġeata a néisg, núallfartaċ ón dara geata, agus tormán mór ó na cnocaiḃ. 11 Núalluiġse, a áitreaḃṫaċa Mactes: óir atáid na ceannuiġṫe uile ar na ngearraḋ síos; do gearraḋ amaċ a nuile ḋuine iomċras airgiod. 12 Agus tiucfuiḋ a ccríċ san namsin, go spíonta misi Ierusalem lé coinliḃ, agus píanfa mé an drong atá go socair air a ndeascaiġ: noċ a deir iona ccroiḋe, Ní ḋéana an TIĠEARNA maiṫ, ní mó ḋéana sé olc. 13 Uimesin do ḋéantar éadáil dá maóin, agus fásaċ dá ttiġṫiḃ: cuirfid fós tiġṫe súas, aċt ní áitreoċuid ionta; agus plainndeoċuid fineaṁua, aċt ní ioḃuid a fíon sin. 14 Atá lá mór an TIĠEARNA á ḃfogus, atá sé a ngar, agus deiṫfríġiḋ sé go mór, eaḋon gúṫ laoi an TIĠEARNA coṁaircfiḋ an duine cuṁaċtaċ annsin go haiḋṁéil. 15 Is lá díḃḟeirge an lá sin, lá buáiḋearṫa agus aṁgair, lá fásuiġṫe agus áonranaċta, lá dorċaċta agus duáiḃsiġṫe, lá néull agus dorċadais tiuġ. 16 Lá stoc agus fúagarṫa a naġaiḋ na ccaiṫreaċ ndaingean, agus a naġaiḋ na ttor nárd. 17 Agus do ḃéara mé aṁgar air ḋaóiniḃ, iondus go siuḃoluid aṁuil dáoine dalla, do ḃriġ gur ṗeacuiġeadar a naġaiḋ an TIĠEARNA: agus dóirtfiġear a ḃfuil amaċ aṁuil luáiṫreaḋ, agus a ḃfeóil mar a naóileaċ. 18 Ní mó ḟeadfas a nairgiod nó a nór a sáoraḋ a ló ḟeirge an TIĠEARNA; aċt sluigfiġear an talaṁ uile le teine a éuda: óir cuirfiḋ sé deireaḋ deiṫneasaċ leis a nuile ḋuine dá náitreaḃann san tir. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society