Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seċariah 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Críosd an ríġ, ag marcaiġeaċd ar an assal uirisiol.

1 Ualaċ ḃréiṫre an TIĠEARNA a ttír Hadraċ, agus buḋ é Damascus a ṡuaiṁneas sin: a nuáir ḃías súile an duine, mar ḃiáid súile uile ṫreaḃ Israel, leaṫ ris an TIĠEARNA,

2 Agus teórannfuiḋ Hamat mar an ccéadna láiṁ ris; Tírus, agus Sidon, máta go ḃfuil ro ċríonna.

3 Agus do rinne Tírus daingean láidir ḋi féin, agus do ċrúaċ sí airgiod súas aṁuil luáiṫreaḋ, agus ór glan aṁuil láib na sráideann.

4 Féuċ, teilgfiḋ an TIĠEARNA amaċ í, agus búailfiḋ sé a cuṁaċt annsa ḃfairge; agus dóiġfiġear lé teine í.

5 Do ċífiḋ Ascélon é, agus biáiḋ eagla air; do ċífiḋ Gasa fos é, agus biaiḋ ro ḋuḃaċ, agus Ecron; óir naireoċṫar a dóṫċus; agus dioġḃáiġfiḋ an ríġ ó Ġasa, agus ní ḃiáiḋ Ascélon aitreḃṫe.

6 Agus coiṁneoċuiḋ basdard ann Asdod, agus geárrfa misi amaċ úaḃar na Ḃṗilistineaċ.

7 Agus ḃéara mé a ḟuil as a ḃéul, agus a gráineaṁlaċd ó idir a ḟíaclaiḃ: aċt an té ṁairfios, biáiḋ seision ar son ar Ndéine, agus biáiḋ sé aṁuil úaċtarán ann Iúdah, agus Ecron aṁuil Iebusíteaċ.

8 Agus suiġfe mé a ttimċioll mo ṫiġe do ḃríġ na harmála, do ḃríġ an té ḟillios: agus niġéaḃuid luċt sáruiġṫe ar bioṫ tríoṫa ni is mó: óir a nois do ċonnairc mé lem ṡúiliḃ.

9 ¶ Urġaírdiġ go mór, a inġean Ṡion: gáir, a inġean Ierusalem: féuċ, atá do Ríġ ag teaċt a tḟoċair: atá sé ceart, agus slánuġaḋ aige; go huirisiol, ag marcuiġeaċd air assal, agus air ḃromaċ searraċ assail.

10 Agus géarrfa mé an carbad ó Eṗraim, agus an teaċ ó Ierusalem, agus gearrfuiġear amaċ boġa an ċaṫa: agus laiḃeoruiḋ se síoṫċain ris na geintiḃ; agus biáiḋ a rioġaċd ó ṁuir go muir, agus ó naḃuin go críoċuiḃ na talṁan.

11 Ar do ṡonsa fós, le fuil do ċunuarṫa do ċuir mé amaċ do ṗríosúnaiġ as an log ann naċ ḃfuil uisce.

12 ¶ Filliḋse ċum an ċaisléin láidir, siḃse a ṗríosúnaċa an dóṫċuis: eaḋon a niuġ ḟoillsiġim go ndíolfa mé dúbalta riḃ;

13 A nuáir do ċláon mé Iúdah ḋaṁ féin, do líon mé an boġa air Eṗraim, agus do ṫoig mé súas do ṁic, a Ṡion, a naġaiḋ do ṁacsa, a Ġréag, agus do rinne mé ṫú aṁuil cloiḋeaṁ ḋuine neartṁuir.

14 Agus do ċífiġear an TIĠEARNA ós a ccionn, agus raċuiḋ a ṡoiġead amaċ mar aiṫinne teineaḋ: agus séidfiḋ an Tiġearna DIA an stoc, agus imeoċuiḋ le gáoṫaiḃ guáirdeana an túaisceirt.

15 Cuiṁdeaċuiḋ TIĠEARNA na slóġ íad; agus sluigfid siad, agus claóiḋfid síad lé cloċaiḃ taḋḃuill; agus ioḃṫuid, agus do ḋéanuid giorac aṁuil tré ḟíon; agus béid lionta mar scáluiḃ, agus mar ċorruiḃ na haltóra.

16 Agus tárrṫoċa an TIĠEARNA a Ndía íad san ló sin aṁuil tréad a ṗobail: óir béid mar ċloċaiḃ coróinne, ar na ttógḃáil súas mar ḃratuiġ air a ḋuṫaiġ.

17 Oír créd é méud a ṁaiṫeasa, agus cred é méud a sgéiṁe! do ḋéana arḃar na daóine óga súgaċ, agus fíou núaḋ na maiġdiona.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan