Seċariah 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII. An trosgaḋ ṫaitneaṁas re Día. 1 Agus tárla annsa cceanṫraṁaḋ blíaḋain do ríġ Ḋárius, go ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Seċariah annsa ceaṫraṁaḋ lá don náoṁaḋ mí, eaḋon a Cċisleu; 2 A nuáir do ċuireadar go tiġ Dé Sereser agus Regem‐meleċ, agus a ndaóine, do ġuiḋe a laṫair an TIĠEARNA, 3 Agus do laḃairt ris na sagartaiḃ noċ do ḃí a ttiġ ṪIĠEARNA na slóġ, agus ris na fáiġiḃ, ag ráḋ, Nar ċóir ḋaṁsa gul da ḋéanaṁ annsa ċuigeaḋ mí, dom ḋealuiġaḋ féin, mar do rinne mé an móran blíaḋansa? 4 ¶ Ann sin ṫáinic briaṫar ṪIĠEARNA na slóġ cugamsa, ag ráḋ, 5 Laḃair ré huile ṗobal na tíre, agus ris na sagartaiḃ, ag ráḋ, A nuáir do ṫroisgeaḃair agus do ċaóiḋeaḃair annsa ċúigeaḋ agus annsa seaċdṁaḋ mí, eaḋon air feaḋ na seaċtṁoġad blíaḋansin, a ndéarnaḃair éantroscaḋ ar bioṫ ḋuṁsa, eaḋon ar mo ṡonsa? 6 Agus an tan do iṫeaḃair, agus an tan do iḃeaḃair, naċ ar iṫeaḃair agus naċ ar iḃeaḃair air ḃur son féin? 7 Naċ ar ċóir ḋiḃ na bríaṫra déisdeaċd noċ do ḟúagair an TIĠEARNA ris na céadḟáiġiḃ, an tan do ḃí Ierusalem áitreiḃṫe agus a sonus, agus a caiṫreaċa na timċioll fa ccuáirt, a nuáir do áitreaḃadar daóine annsa deisceart agus annsa réiteaċ? 8 ¶ Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Seċariah, ag ráḋ, 9 Is marso laḃrus TIĠEARNA na slóġ, ag ráḋ, Déanuiġ breiṫeaṁnus ceart, agus foillsiġiḋ trócaire agus truáiġe gaċ áon dá ḋearḃráṫair: 10 Agus ná brúiġiḋ an ḃaintreaḃṫaċ, nó an dílleaċda, an cóiṁiġṫeaċ, nó an boċt; agus ná smuáineaḋ aóinneaċ agaiḃ olc ann ḃur ccroiḋe a naġaiḋ a ḋearḃraṫar. 11 Aċt do ḋíultadar éisdeaċt, agus do ṫairngiodar a slinéun ón ccuing, agus do stopadar a cclúasa, iondus naċ ccluinfidís. 12 Do rinneadar fós, a ccroiḋṫe mar ċloiċ adamant, deagla go ccluinfidís an dliġeaḋ, agus na bríaṫra do ċuir TIĠEARNA na sloġ iona spioraid leis na fáiġiḃ rioṁe: uimesin ṫáinic fearg ṁór ó ṪIĠEARNA na slóġ. 13 Ar a naḋḃarsin ṫáinic a ccríċ, aṁuil do ḟúagair sé, agus nar ḃáill leó éisdeaċt; marsin do eiġiodarsan, agus níor ḃáill liomsa cluinnsion, a deir TIĠEARNA na slóġ: 14 Aċt do scanruiḋ mé íad le gaóiṫ ġuáirdeáin a measg na nuile ċineaḋaċ nar ḃaiṫniḋ ḋóiḃ. Marso do ḃí an tír áonranaċ na ndiaiġ, iondus naċ gaḃaḋ duine ar bioṫ ṫríṫe nó air a ais: dfágḃadar a ndúṫaiġ ṫaitneamaċ na fásaċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society