Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seċariah 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VI. Gó ḃfuil na náoṁ‐aingil iná ndidneóiriġiḃ na heagluise faoi Ċriosd an Beangan.

1 Agus diompoiġ mé, agus do ṫóig mé mo ṡúile suas, agus daṁairc, agus, féuċ, ṫangadar ceiṫre carbud amaċ ó idir ḋá ṡlíaḃ; agus do buḋ sléiḃte práis na sléiḃte sin.

2 Annsa ċéad ċarbad do ḃádar eiċ ḋearga; agus annsa dara ċarbad eiċ ḋuḃa;

3 Agus annsa treas ċarbad eiċ bána; agus annsa ċeaṫraṁaḋ ċarbad eiċ iaḃaċa agus donna.

4 Annsin do ḟreagair misi agus a duḃairt mé ris an naingeal do ċoṁraiḋ riom, Cred íadso, a ṫiġearna?

5 Agus do ḟreagair an taingiol agus a duḃairt sé riom, Isiadso ceiṫre spioraid neiṁe, noċ ṫéid amaċ ó ṡeasaṁ a ḃfiaḋnuisi ṪIĠEARNA na talṁan uile.

6 Téid na heiċ ḋuḃa atá ann amaċ dón tír ṫuáiġ; agus téid na heiċ ḃáua amaċ na ndiáiġ; agus na heíċ ríaḃaċa leiṫ ris an ttír ṫeas.

7 Agus do ċúadar na heiċ ḋonna amaċ, agus do ṫairgiodar imṫeaċt iondus go siuḃolaidís síos agus súas air feaḋ na talṁan: agus a duḃairt seision, Eiriġsi as so, siuḃluiġ síos agus súas air feaḋ na talṁan. Marsin do ṡiuḃluiġeadar síos agus suas air feaḋ na talṁan.

8 Annsin dfúagair sé orumsa, agus do laḃair sé riom, ag ráḋ, Féuċ, an drongso ṫéid don taóiḃ ṫuáiġ do ċiúnuiġeadar mo spiorad annsa tír ṫuáiġ.

9 ¶ Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ag ráḋ,

10 Glac úaṫaso don ḃruid, eaḋon ó Heldai, ó Ṫobiah, agus ó Iedaiah, noċ ṫáinic ón Ḃabilóin, agus tárrsa an lá céadnasin, agus éiriġ go tiġ Iosiah ṁic Seṗaniah,

11 Annsin glac airgiod agus ór, agua déana coróine, agus cuir íad ar ċeann Iosuah ṁic Iosedeċ, an tárdṡagart;

12 Agus laḃair ris, ag ráḋ, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, ag ráḋ, Féuċ an duine darab ainm an BEANGAN; agus fásfuiḋ sé súas as a áit, agus cuirfe sé súas teampall an TIĠEARNA:

13 Oír cuirfiḋ sé súas teampall an TIĠEARNA; agus iomċora sé an ġlóir, agus suiḋfiḋ sé, agus ríaġloċuiḋ air a ċaṫaóir ríoġa; agus biáiḋ na ṡagart air a ċaṫaoir ríoġa; agus biáiḋ coṁairle na sioṫċána eatorra aráon.

14 Agus béid na coróine ag Helem, agus ag Tobiiah, agus ag Iedaiah, agus ag Hen ṁac Seṗaniah, mar ċuiṁne a tteampall an TIĠEARNA.

15 Agus tiucfaid an drong atá a ḃfad uáit agus cuirfid súas tteampall an TIĠEARNA, agus aiṫeontaóigur bé TIĠEARNA na slóġ do ċuir misi ċugaiḃ. Agus tiucfa so a ccríċ, ma uṁluiġṫaói go dúṫraċtaċ do ġuṫ an TIĠEARNA ḃur Ndía.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan