Seċariah 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil V. Inneaċaḋ Dé, ar ġaduiḋiḃ, agus ar luċt mionna: 5 le saṁlaċus ḋroċ ṫeagaisc, agus leír‐scrios Ḃabilon. 1 Annsin dfill mé, agus do ṫóig mé mo ṡúile súas, agus daṁairc, agus féuċ rola ag eiteolluiġ. 2 Agus a duḃairt sé riom, Cred do ċí tú? agus do ḟreagair misi, Do ċím rola ag eitiolluiġ; fiṫċe cuḃad iona ḟad, agus deiċ ccuḃaid iona leiṫiod. 3 Annsin a duḃairt seision riom, Isé so an malluġaḋ ṫéid amaċ ṫair aġaiḋ na talṁan uile: óir géarrfuiġear amáċ gaċ uile ḋuine ġadus mar buḋ eaḋ don taóiḃsi ḋá réir; agus géarrfuiġear amaċ gaċ uile ḋuine do ḃeir mionna mar buḋ eaḋ don taóiḃ oile ḋá réir. 4 Do ḃéara mé amaċ é, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus raċuiḋ a steaċ go tiġ an ġaduiġe, agus go tiġ an té do ḃeir mionna bréige fam ainmsi: agus anfa a lár a ṫiġe, agus cnaóiḋfiḋ é maille re na aḋmad agus gun a ċloċaiḃ. 5 ¶ Annsin do ċuáiḋ an taingiol do laḃair riom amaċ, agus a duḃairt sé riom, Tóig súas a nois do ṡúile, agus féuċ cred é án ní so ṫéid amaċ. 6 Agus a duḃairt misi, Cred é? agus a duḃairt seision, Is éṗah so ṫéid amaċ. A duḃairt sé fós, Isé so a ccosaṁlaċd air feaḋ na talṁan uile. 7 Agus, féuċ, do tógḃaḋ súas talann luáiġe: agus is bean so na suiḋe a lár a néṗah. 8 Agus a duḃairt sé, Isé so an tolc. Agus do ṫeilg sé a lár a néṗah é; agus do ṫeilg sé an coṁṫrom luáiġe air a ḃéul. 9 Ann sin do ṫóig mé mo ṡúile súas, agus daṁairc mé, agus, féuċ, ṫáinic días ban amaċ, agus do ḃí an ġáoṫ iona sciaṫánuiḃ: (óir do ḃádar sciaṫáin orra aṁuil sciaṫáin cúirre glaise:) agus do ṫóġbadar súas an téṗah idir an ttalaṁ agus neaṁ. 10 Annsin a duḃairt misi ris a naingiol do ċombráiḋ riom, Cáit a mbéaruid so an téṗah? 11 Agus a duḃairt seision riom, Do ḋéanaṁ tiġe ḋó a ttír Ṡinar: agus daingneoċṫar é, agus suiġeoċṫar ann sin air a ḃunáit féin é. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society