Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seċariah 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Is é fioġair Ċriosd, Serubbabel.

1 Agus ṫáinic an taingiol do ċoṁraiḋ riom a rís, agus do ḋúisiġ sé mé aṁuil duine, dúisiġear as a ċodlaḋ,

2 Agus a duḃairt sé ríom, Cred do ċí tú? agus a duḃairt misi, Daṁairc mé, agus féuċ cuinnleóir uile dór, go scála air a ṁullaċ, agus seaċd ttóirsi air, agus seaċd bpíopa ċum na seaċd lampuiḃ, noċ do ḃí air a ṁullaċ:

3 Agus dá ċrann ola láiṁ ris, áon aca air an ttaóiḃ deas don scála, agus an dara crann don taóiḃ ċlé ḋe.

4 Marsin do ḟreagair mé agus do laḃrus ris a naingiol do ċoṁráiḋ riom, ag ráḋ, Cred íadso, a ṫiġearna?

5 Annsin do ḟreagair an taingiol do coṁráiḋ riom agus a duḃairt sé riom, Naċ ḃfeadar tusa cred íad so? Agus duḃairt misi, Ní ḟeadar, a ṫiġearna.

6 Annsin do ḟreagair seision agus do laḃair sé riomsa, ag ráḋ, Ise so briaṫar an TIĠEARNA re Serubbabel, ag ráḋ, Ní lé slúaġ, nó lé cuṁaċdaiḃ, aċt lé mo spioraidse, a deir TIĠEARNA na slóġ.

7 Cía ṫusa, a ṡléiḃ ṁóir? do ḋéantar réiteaċ ḋíotsa roiṁe Ṡerubbabel: agus do ḃéara sé amaċ a ċeannċloċ sin lé gárrṫuiḃ, ag gláoḋuiġ, Grása, grasa ċuige.

8 Tuilleaṁ fós ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugam, ag ráḋ,

9 A síad láṁa Ṡerubbabel do ċuir bunáit fáoi an tiġso; isiad fós a láṁa ċríoċnoċus é; agus aiṫeonuiġ tú gur bé TIĠEARNA na slóġ do ċuir misi ċugad.

10 Oír cía do ṫarcuisniġ lá na niṫeann mbeag? óir gairdeoċuid, agus do ċífid an doruḃa a láiṁ Ṡerubbabel maille ris an móirṡeisior sin; isíad suile an TIĠEARNA, noċ rioṫios síos agus súas air feaḋ na talṁan uile.

11 ¶ Annsin do ḟreagair misi, agus a duḃairt mé ris, Cred íad an dá ċrann olasa air an ttaoiḃ ndeas don ċoinnleoir agus air an ttaoiḃ ċlé ḋe?

12 Agus do ḟreagair mé a rís, agus a duḃairt mé ris, Cred íad an dá ḃeangan ċrann olaso noċ folṁuiġios a nola órḋa ṫríd an dá ṗíopa órḋa asta féin?

13 Agus do ḟreagair seision mé agus a duḃairt, Naċ ḃfuil a ḟios agadsa cred íad so? agus a duḃairt misi, Ní ḟeadar, a ṫiġearna.

14 Annsin a duḃairt seision, Isíad so an dá ungṫaċ, ṡeasas láiṁ ré TIĠEARNA na talṁan uile.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan