Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seċariah 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II. Ata Día na ḋion 8 iongantaċ do Ierusalem 11 agus na ṫearmun na ccineaḋaċ.

1 Do ṫóig mé mo ṡúile súas a rís, agus daṁairc mé, agus féuċ duine go ndoruḃa ṫoṁais iona láiṁ.

2 Annsin a duḃairt mé, Cáit a raċa tusa? Agus a duḃairt seision riom, Do ṫoṁas Ierusalem, agus dféaċuin cred a leiṫne, agus cred a fad.

3 Agus, féuċ, do ċuáiḋ an taingiol do laḃair riomsa amaċ, agus do ċuáiḋ aingiol oile amaċ na ċoinne,

4 Agus a duḃairt sé ris, Rioṫ, laḃair ris a nógánaċsa, ag ráḋ, Aiteaċṫar Ierusalem mar ḃailte gan ḃallaḋa ar iomad na ndaóine agus na háirnéisi ḃías innte:

5 Oírbíaiḋ misi, a deir an TIĠEARNA, am ḃalla teineaḋ ḋi timċoill fa ccuáirt, agus biáiḋ mé am ġloír iona lár.

6 ¶ Ho, ho, tigiḋ amaċ, agus teiṫiḋ ón ttír ṫúaiġ, a deir an TIĠEARNA: óir do leaṫnuiġ misi amaċ ṫú mar ċeiṫre gaoṫa neiṁe, a deir an TIĠEARNA.

7 Tárṫuiġ ṫú féin, a Ṡion, ċoṁnuiġios maille re hinġin na Babilóine.

8 Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; A ndiáiġ na glóire do ċuir sé misi ċum na ccineaḋaċ do ċreaċ siḃsi: óir an té ḃeanas riḃsi beanuiḋ sé ré mogal a ṡúlsan.

9 Oír, féuċ, croiṫfiḋ misi mo láṁ orra, agus béid nanéadáil dá ṡeirḃíseaċaiḃ: agus aiṫeontáoi gur bé TIĠEARNA na slóġ do ċuir úaḋ mé.

10 ¶ Cán agus gáirdiġ, a inġean Ṡion: óir, féuċ, ṫáinic misi, agus coiṁneoċa mé ann do lár, a deir an TIĠEARNA.

11 Agus ceangoluid mórán cineaḋaċ ris an TIĠEARNA annsa lósin, agus béid na bpobal agumsa: agus áitreaċa misi ann do lársa, agus aiṫeonuiḋ tú gur bé TIĠEARNA na slóġ do ċuir ċugad mé.

12 Agus sealḃoċuiḋ an TIĠEARNA Iúdah a ċoṁroinn annsa talaṁ náoṁṫa, agus ḃéaruid Ierusalem do roġuin a rís.

13 Bíṫi ḃur ttoċd, a uile ḟéoil, a laṫair an TIĠEARNA: óir atá sé ar na ṫógḃáil súas as a áitreaḃ náoṁṫa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan