Seċariah 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIV. Scriosfaiḋ Día luċt scriosta Ierusalem; 16 aċ saorfuiḋ sé fuiġioll do na cineaḋaċaiḃ. 1 Feuċ, atá lá an TIĠEARNA ag teaċt, agus roinnfiġear héadail a stiġ ann do lár. 2 Oír cruinneoċa misi na huile ċineaḋaċa a naġaiḋ Ierusalem ċum caṫa; agus géaḃṫar an ċaṫair, agus sladfuiġear na tiġṫe, agus béid na mná éigniġṫe; agus raċaiḋ leaṫ na caiṫreaċ a mbrúid, agus ní geárfuiġear an ċuid oile don ṗobal ón ccaṫruiġ. 3 ¶ Annsin raċus an TIĠEARNA amaċ, agus troidfiḋ sé a naġaiḋ na ccineaḋaċso, aṁuil do ṫroid sé a ló an ċaṫa. 4 Agus seasfuid a ċosa annsa lósin ar ṡlíaḃ na noluiġeaḋ, noċ atá as coinne Ierusalem san noirṫear, agus scoiltfiḋ slíaḃ na noluiġeaḋ iona lár don leaṫ ṡoir agus don leaṫ ṡíar, na ġleann roṁór; agus áṫroċuid leaṫ an tsléiḃe don táoiḃ ó ṫúaiġ, agus a leaṫ oile don taoiḃ ó ḋeas. 5 Agus teiṫfiḋ siḃsi go gleann na sliaḃ; óir roiṫeoċuiḋ gleann na slaíḃ go Hasal: a seaḋ, teiṫfiḋe, aṁuil mar do ṫeiṫeaṁair roiṁe an ccrioṫ ttalṁan a laéṫiḃ Ussiah ríġ Iúdah: agus tiucfuiḋ an TIĠEARNA mo Ḋía, agus na naóiṁ uile leaċd. 6 Agus tiucfuiḋ a ccríċ annsa ló sin, naċ biáiḋ an solus glan, nó dorċa: 7 Aċt biáiḋ na aon lá, a mbiaiḋ a ḟios ag an TIĠEARNA, naċ ló, nó oiḋċe: aċt tiucfuiḋ a ccríċ tráṫnóna go mbía solus. 8 Agus biáiḋ annsa ló sin, go raċaid uisceaḋa beóḋa amaċ as Ierusalem; leaṫ ḋíoḃ gus an ḃfairge ṡoir, agus leaṫ ḋíoḃ gus an ḃfairge ṡíar: biáiḋ se annsa tsaṁraḋ agus annsa ngeiṁreaḋ, 9 Agus biáiḋ an TIĠEARNA na ríġ ós an ttalaṁ uile: annsa ló sin ḃías aoin TIĠEARNA aṁáin, agus búḋ áon a ainm. 10 Iompoċṫar an fearann uile aṁuil réiteaċ ó Ġéba go Rimmon buḋ ḋeas ó Ierusalem: agus tóigfiġear súas í, agus áiteoċṫar iona háit, ó ġeata Ḃeniamin go háit an ċéid ġeata, go geata an ċornéil, agus ó ṫor Hananiel go fíonumar‐brúiġṫe an ríġ. 11 Agus áitreoċuid daóine inte, agus ní ḃiáiḋ scrios ní sa ṁó ṫríd amaċ; aċt áiteoċṫar Ierusalem go socair. 12 ¶ Agus buḋ í so an ṗláiġ le a mbuáilfiḋ an TIĠEARNA na daóine uile do ṫroid a naġaiḋ Ierusalem; Cnaoiḋfiḋ a ḃfeóil díoḃ an feaḋ ṡeasfuid air a ccosaiḃ, agus leaġfuid a súile úaṫa iona bpollaiḃ, agus cnáoiḋfiġear a tteanga iona mbéul. 13 Agus tiucfa a ccríċ annsa ló sin go mbiáiḋ buáiḋreaḋ mór ón TTIĠEARNA iona measc; agus glacfuiḋ gaċ áon díoḃ greim do láiṁ a ċoṁarsan, agus éireoċuiḋ a láṁ súas a naġaiḋ a ċoṁarsan. 14 Agus troidfiḋ Iúdah fós ag Ierusalem; agus cruinneoċṫar uile ṁaóin na ngeinteaḋ timċioll fa ccuáirt a ccionn a ċéile, ór, agus airgiod, agus éadaċ, a niomadaṁlaċd ṁóir. 15 Agus is marsin ḃías pláiġ a neiċ, an ṁuille, an ċáṁuil, agus a nassáil, agus na nuile ḃeaṫaċ ḃías annsna lóistíniḃse, mar an bpláiġsi. 16 ¶ Agus tiucfa a ccríċ, go raċaiḋ a nuile, ḋuine súas do fágḃaḋ do na cineaḋaċaiḃ ṫáinic a naġaiḋ Ierusalem eaḋon ó ḃliáḋuin go blíaḋuin daḋraḋ an Ríġ, TIĠEARNA na slóġ, agus do ċoiṁéad féustaḋ na ttabernacul. 17 Agus is aṁluiḋ ḃías, giḋ bé naċ ttiucfa marsin súas duile ṁuinnteara na talṁan go Hierusalem daḋraḋ an Ríġ, TIĠEARNA na slóġ, orra sin ní ḃiáiḋ fearṫuinn ar bioṫ. 18 Agus muna ndeaċuid muinntir na Hégipte súas, agus naċ ttiucfuid, air naċ bí fearṫuinn; biáiḋ an ṗláiġ annsin, lé a mbuáilfiḋ an TIĠEARNA na geinte naċ ttainic súas do ċoiṁéad féasta na ttabernacul. 19 Buḋ é so pionús na Hégipte, agus pionús na nuile ċineaḋaċ naċ ttiucfa súas do ċoiṁéad féusta na ttabernacul. 20 ¶ Annsa ló sin biáiḋ air ṡríanuiḃ na neaċ, NAOṀṪAĊT DON TIĠEARNA; agus béid potaḋa ṫiġe an TIĠEARNA aṁuil na scálaḋa as coinne na haltóra. 21 Fós, biáiḋ a nuile ṗota ann Ierusalem agus ann Iúdah na náoṁṫaċt do ṪIĠEARNA na slóġ: tiucfaiḋ a nuile ḋrong íoḋbras agus glacfuiḋ díoḃ, agus bruiṫfid ionnta: agus annsa ló sin ní ḃiáiḋ Canaaníteaċ ní is mó a ttiġ ṪIĠEARNA na slóġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society