Seanraite 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Coṁaóigeasc an ġliocuis ṁarṫanuiġ. 1 Naċ éiġionn a neagna? agus naċ ccurionn an tuigsi a guṫ amaċ? 2 Seasniḋ sí a mullaċ áiteaḋ árd, láiṁ ris an tsliġe a monad na ccasáin. 3 Atá sí ag eíġeaḋ ré táoḃ na ngeataḋa, a bport an ḃaile, mar a ttigṫear a steaċ annsna doirsiḃ. 4 Oruiḃsi, a ḋaoine, atáim ag gairm; agus ċum mac an duine atá mo ġuṫ. 5 O a ḋaoine simplíḋe, tuigiḋ eagna: agus, siḃsi a amadána, bíoḋ ḃur ccroiḋe tuigsionaċ. 6 Eistiġ; óir laiḃéoruiḋ mé ar neiṫiḃ oirḋearca; agus biáiḋ fosglaḋ mo ḃéil ar neiṫiḃ cearta. 7 Oír laiḃéoraiḋ mo ḃéul fírinne; agus is aḋḟúaṫṁaireaċt dom ṗuisíniḃ a nurċóid. 8 Atáid bríaṫra mo ḃéil uile a ḃfíreantaċt; ní ḃfuil aóinní cam nó urċóideaċ ionta. 9 Atáid síad uile soilléir don tí ṫuigios; agus díreaċ don droing do ġeiḃ éolus. 10 Gaḃaiḋsi mo ṫeagasg, agus ní airgiod; agus éolus tar a nór toġṫa. 11 Oír is fear a neagna náid na cloċa búaḋa; agus na huile neiṫe is féidir do ḋúiliuġaḋ ní hionċoiṁmeasta ría íad. 12 Misi a neagna áitreaḃuim a ḃfoċair na críonnaċta, agus do ġeiḃim amaċ éolus ar neiṫiḃ ínntleaċtaċa. 13 Así eagla an TIĠEARNA an tolc dfúaṫuġaḋ an túaḃar: agus a niomarcaiḋ, agus an droiċṡliġe, agus fúaṫuiġim, an béul míolaḃarṫaċ. 14 Is leamsa coṁairle, agus eagna iomlán: agus is misi an tuigsi; agus is liom neart. 15 Is tríomsa ríoġaid na ríġṫe, agus órduiġid prionnsuiġe ceart. 16 Is tríomsa riaġluid prionnsaḋa, agus na húaisle, agus breiṫeaṁuin na talṁan uile. 17 Gráḋuiġim an ṁéid ġráḋuiġios mé; agus an drong íarrus mé go moċ do ġeaḃuid mé. 18 Atá saiḋḃrios agus onóir agam; fós, saiḋḃrios bioṫḃúan agus fíréuntaċt. 19 Is féarr mo ṫoraḋ ná ór, fós, ná ór glan; agus mo ċíos ná airgiod toġṫa. 20 Tréoruiġim a sliġe a nionnracuis, a meaḋon ċasán an ḃreiṫeaṁnuis: 21 Ċor go ttuga mé air an ndroing ler ḃionṁuin mé saiḋḃrios do ṡealḃuġaḋ; agus líonfuíḋ mé a nionnṁusa. 22 Do ṡealḃuiġ an TIĠEARNA mé a ttosaċ a ṡliġeaḋ, roiṁe a oibreaċaiḃ a nallúd. 23 Do suiġeaḋ súas mé ó ṡiorruiġeaċt, ó ṫosaċ, suil do ḃí an talaṁ ann. 24 A nuáir naċ raḃadar aigéinn ann, do rugaḋ misi; a nuáir naċ raḃadar toiḃreaċa ar biṫ líonta duisge. 25 Suil do ḃí suiġiuġaḋ na sléiḃte, roiṁe na cnocaiḃ do rugaḋ misi: 26 Tan nar ndearna sé fós an talaṁ, nó na maċairiġe, nó na háite is áirde do lúaiṫreaḋ an doṁuin. 27 A núair dullṁaiġ sé na flaiṫis, do ḃí misi annsin: a nuáir do ċuir sé compás air aġaiḋ a naigéin: 28 A nuáir do ḋaingniḋ sé na néulla ṡúas: a nuáir do neartuiġ sé fúmairiġe a naigéin: 29 A nuáir ṫug sé a ḟúagra do nfairge, naċ raċaidís na huisgeaḋa tar a aiṫne: a nuáir do órduiġ sé bunáit na talṁan: 30 Annsin do ḃí misi aige, mar neaċ tugaḋ súas iona ḟoċair: agus bá mé a ḋúil go láeṫeaṁuil, ag gáirdeaċus iona ḟiaḋnuise a gcoṁnuiḋe; 31 Ag gáirdeaċus annsa ċuid ionáitreiḃṫe da ṫalaṁ; agus do ḃádar mo ḋúil lé macaiḃ na ndaoine. 32 Anois ar a naḋḃarsin éistiġ riom, a ċlann: óir is beannuiġ an drong ċoiṁéadas mo ṡliġṫe. 33 Eistiġ re teagasg, agus bíṫí críonna, agus na díultuiġe é. 34 Is beannuiġ an té éistfios riomsa, ag faire go láeṫeaṁuil ag mo ġeataḋuiḃ, ag feiṫioṁ ag ursanaiḃ mo ḋoirsi. 35 Oír giḋ bé ġeaḃas misi do ġeaḃa sé beaṫa, agus do ġeaḃa faḃar ón TIĠEARNA. 36 Aċt an té ṗeacuiġios am aġuiḋsi do ní sé éagcóir air a anam féin: gaċ a ḃfúaṫuiġionn mé gráḋuiġid síad an bás. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society