Seanraite 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII. Coṁairle an ġliocuis anaḋaiḋ spleaḋaċus na mban ṁíonáireaċ. 1 A ṁic, coiṁéad mo ḃríaṫra, agus cuir maiṫeanta a ttaisgiḋ agad féin. 2 Coiṁéad maiṫeanta, agus bí béo; agus mo ḋliġeaċ mar uḃail do ṡúl. 3 Ceangail íad air do ṁéuruiḃ, scríoḃ íad ar ċlár do ċroiḋe. 4 Abair ris a neagna, Is tá mo ḋeirḃṡiur; agus goir do ḃean ġaóil don tuigse: 5 Ċor go ccoiṁéadfuid ṫú air an mnaói ċoiṁiġiḋ, air an ccoiṁṫiġeaċ spleaḋniġios lé na bríaṫraiḃ. 6 Oír a ḃfuinneóig mo ṫiġe dféuċ mé amaċ tré mo ċásmaint, 7 Agus do ċonnairc mé a measc na ndaoine simpliġe, ṫug mé dom aire a measg na nógánaċ, ogán gan tuigsi, 8 Ag imṫeaċt ṫríd an tsráid láiṁ re na coirnéulsa; agus dimṫiġ sé an tsliġe ċum a tiġe, 9 A neidiorṡolus, an tráṫnona, annsa noiḋċe ḋuiḃ ḋorċa: 10 Agus, féuċ, tárla bean air a cculaiḋ ṁeirdriġe, agus í géarċúiseaċ a ccroiḋe. 11 (A tá sí árdġoṫaċ agus easúrramaċ; ní ḟanaid a cosa iona tiġ: 12 Anois bí sí amuiċ, anois annsna sráidiḃ, luiġiḋ sí a ḃforaire ann gaċ aonċlúid.) 13 Marsin rug sí airsion, agus do ṗóg sí é, agus lé gnúis ṁionáiriġ a duḃairt sí ris, 14 Atáid, íoḋbarṫa síoṫċána agam; a niuġ díoc mé mo ṁóide. 15 Uimesin ṫáinic mé amaċ do ṫeagṁáil riotsa, go diṫċiollaċ diarruiḋ haiġṫe, agus fuáir mé ṫú. 16 Do scíaṁuiġ mé mo leabuiḋ re falċaiḃ do gréis, lé hoibreaċuiḃ greanta, lé línéadaċ mín ó Négipt. 17 Do ḋeaġḃoltnuiġ mé mo leabuiḋ lé mirr, aloes, agus cinamon. 18 Teanam, glacam ar sáiṫ gráḋa nó go tti an ṁaidin: sólásuiġeam sinn féin lé gráḋuiḃ. 19 Oír ní ḃfuil fear an tiġe san mbaile, dimṫiġ sé a tturas ḟada: 20 Rug sé mála airgid leis, agus tiucfaiḋ sé don ḃaile annsa lá ċinnte. 21 Lé móran do ċaint ḃlasda ṫug sí air áontuġaḋ, ré spleaḋaċas a puisíne do ċoiṁéigniġ sí é. 22 Téid sé na diáiġ air ball, mar ṫéid an daṁ ċum a ṁarḃṫa, nó an tamadán ċum smaċtuiġṫe na cipe; 23 Nó gur buáileaḋ gaṫ tre na aéiḃ; mar ḋeiṫfriġios éun ċum na ṗaintéir, agus gan a ḟios aige gur ċum a ḃáis a ḃiṫear. 24 Eistiġe riom a nois uimesin, a ċlann, agus taḃruiḋ aire do ḃríaṫraiḃ mo ḃéil. 25 Ná cláonaḋ do ċroiḋe da sliġṫiḃ sin, ná héiriġ a muġa iona casánaiḃ. 26 Oír do ṫeilg síos móran gonta: fós, mórán do ḋaóiniḃ neartṁara do marḃaḋ lé. 27 Isé a tiġ an tsliġe go hifrionn, ag dul síos go seomraḋuiḃ an ḃáis. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society