Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seanraite 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Sliġe na heagna, agus na bfíreun, na ṡolus lonnraċ.

1 Eistiġsi, a ċlann, ré teagasg aṫair, agus tugaiḋ aire déolus tuicsion.

2 Oír do ḃeirim foġluim maiṫ ḋíḃ, ná tréigiḋ mo ḋlíġeaḋ.

3 Oír bá mé mac mo aṫar, máoṫ agus aṁain ċeanaṁuil a raḋarc mo ṁáṫar.

4 Do ṁúin se mé fós, agus a duḃairt riom, Glacaḋ do ċroiḋe mo ḃríaṫra: coiṁéad maiṫeanta, agus mair.

5 Faġ críonnaċt, faġ tuigsi; ná dearmuid í: agus ná cláon ó ḃríaṫraiḃ mo ḃéilse.

6 Ná tréig í, agus cuiṁdeoċuiḋ si ṫú: gráḋuiġ í, agus coiṁéadfuiġ sí ṫú.

7 Asi a neagna an ní is oirḋeirce; uimesin faġ eagna: agus maille red uile ḟaġáil faġ tuigse.

8 Arduiġ í, agus cuirfiḋ sisi ṫusa súas: do ḃéara sí ċum onóra ṫú, a nuáir ṫeannfas tú leaċd í.

9 Do ḃéara sí dot ċionn deaġṁaisiuġaḋ grás: coroin ġlóire ṡeaċodus sí ḋuit.

10 Eíst, a ṁic, agus glac mo ráiḋte; agus béid blíaḋna do ṡáoġail iomadaṁuil.

11 Do ṁúin mé ṫú a sliġe an ġliocuis; do ṫréoruiġ mé ṫú a gcasánaiḃ díreaċa.

12 A núair ṡiuḃolus tú, ní cuṁgoċṫar do ċoiscéime; agus a núair riṫios tú, ní ḃfuiġe tú tuisleaḋ.

13 Glac greim daingion do ṫeagasg; na léig uáit í: cuṁdaiġ i; óir isí sin do ḃeaṫa.

14 Ná héiriġ a steaċ a ccasán na gciontaċ, agus ná himṫiġ a sliġe na ndroċḋaóine.

15 Seaċain é, ná gaḃ láṁ ris, fill úaḋ, agus imṫiġ roṁad.

16 Oír ni ċoḋluid síad, muna ndéarnaid urċóid; agus beirṫear a ccoḋlaḋ úaṫa, muna ttugaid ar ċuid éigin tuitim.

17 Oír iṫid síad arán na hurċóide, agus iḃid fíon a nfoiréigin.

18 Aċt bí slíġe a nfíréin aṁuil solus lonnraċ, noċ ṡoillsiġios ní sa ṁó agus nísa ṁó go nuige an lá iomlán.

19 Atá sliġe na gciontaċ do nós an dorċadais: níor ḟeadadar cred ó ḃfuiġid tuisleaḋ.

20 A ṁic, taḃair aire dom ḃríaṫraiḃ; cláon do ċlúas dom ráiḋtiḃ.

21 Ná léig íadso as do ṡúiliḃ; coiṁéad íad a lár do ċroiḋe.

22 Oír is beaṫa íad don druing do ġeiḃ íad, agus sláinte dá ḃfeóil uile.

23 Coiṁéad do ċroiḋe re úile ċiollaċd; óir is as sin ṫigid toibreaċa na beaṫa.

24 Cuir a ḃfad uáit béul óbann, agus puisiniġ crosanta cuir a ḃfad uait.

25 Féuċaidís do ṡúile go díreaċ, agus faícedís forrḋuḃa do ṡúl go ceart roṁad.

26 Meas sliġe do ċos, agus bídis doṡliġṫe uile daingion.

27 Ná fill air an laiṁ ḋeis nó ċlé: áṫruiġ do ċos ó nolc.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan