Seanraite 31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXI. Geanmnaóiḋeaċd, agus miosarraċd ri. 10 Clú, agus gainne ḃan ṡuḃailceaċ. 1 Briaṫra an ríġ Lemuel, a nfáiġeadóireaċt do ṫeagaisg a ṁaṫair ḋó. 2 Cioḋ, a ṁic? cioḋ, a ṁic mo ḃronn? agus cioḋ, a ṁic mo ṁóidionn? 3 Ná taḃair do neart do ṁnáiḃ, nó do ṡliġṫe don ní ṁillios na ríġṫe. 4 Ní cóir do ríoġuiḃ, a Lemuel, ní cóir do ríoġuiḃ fíon dól; nó do ṗrionnsaḋuiḃ deoċ láidir diḃe: 5 Deagla go niḃedís, agus go ndearmodfaidís an dliġeaḋ, agus go ccláonfaidís breiṫeaṁnus air aóinneaċ a mbuáiḋreaḋ. 6 Taḃraiḋ deoċ láidir don tí atá réiḋ ċum dul a muġa, agus fíon don druing ḃíos tromċroiḋeaċ. 7 Iḃioḋ sé deoċ, agus dearmuideaḋ sé a ḃoċtuine, agus ná cuiṁníġeaḋ sé a aṁgar ní is mó. 8 Oscuil do ḃéul ar son an duine ḃailḃ a ccúis a nuile ḋuine do cinneaḋ ċum aiḋṁillte. 9 Oscuil do ḃéul, déan breiṫeaṁnus coṁṫrom, agus aiġnis cúis an ḃoiċt agus án ríaċtanuiġ. 10 Cía ḟéadas bean ṡuḃailceaċ dfaġáil? óir atá a lúaċ a ḃfad ós cionn péarlaḋ. 11 Cuiriḋ croiḋe a fir a ḋóiġ go daingionn inte, iondus naċ bia ríaċtanas re creiċ aige. 12 Do ḋéana sí maiṫ ḋó agus ní holc air feaḋ láeṫe a sáoġail. 13 Iarruiḋ sí olann, agus líon, agus oibriġ sí go huṁal re na láṁuiḃ. 14 Is cosṁuil ré longaiḃ na gceannuiġeaḋ í; do ḃeir sí a beaṫa ó imċían. 15 Eírġiḋ sí fós súil éirġios an lá, agus do ḃeir sí bíaḋ dá muinntir, agus coṁroinn dá cailíniḃ. 16 Measuiḋ sí fearann, agus ceannċaiḋ sí é: le tóraḋ a láṁ plannduiġiḋ sí fineaṁuin. 17 Criosluiġ sí a leasraċ le neart, agus neartuiġ sí a riġṫeaċa. 18 Moṫuiġ sí gur maiṫ a ceann-niġeaċt: ní ṫéid a coinneal as san noiḋċe. 19 Cuiriḋ sí a láṁa air an maide sníoṁa, agus congṁaiḋ a láṁa an ċoigéul. 20 Síniḋsí a láṁa amaċ don ḃoċt; síniḋ fós, a láṁ gus a neasḃuiḋeaċ. 21 Ni ḃí eagla an tsneaċta uirre dá muinntir: óir bíd a muinntir uile éuduiġṫe le scarloid. 22 Do ní sí ḋi féin foluiġe do ġreis; is síoda agus purpair a héadaċ. 23 Aiṫniġṫear a fear annsna geataḋuiḃ, a nuáir ṡuiġios sé a measg ṡinnsior na tíre. 24 Do ní sí línéudaċ fínealta, agus reacuiḋ sí é; agus do ḃeir sí creasanna don ċeannuiġe. 25 Neart agus onóir a headaċ; gáirdeoċuíḋ sí san naimsir atá ag teaċt. 26 Oscluiḋ sí a béul re gliocus; agus iona teangaiḋ atá dliġeaḋ an ċinéultais. 27 Féuċuiḋ sí go maiṫ do ṡliġṫiḃ a muinntire, agus ní iṫean sí arán an díoṁaóinis. 28 Eírġid a clann súas, agus goirid beannuiġṫe ḋi; a fear fós, agus moluiḋ sé í, ġa raḋ, 29 Do rinneadar mórán inġean neiṫe tréiṫeaċa, aċt do ṡáruiġ tusa íad uile. 30 Is meallta an daṫaṁlaċd, agus is díoṁaoin an scéiṁ: aċt an ḃean eagluiġios an TIĠEARNA, is isi ṁolfuiġṫear. 31 Taḃraiḋ ḋi do ṫoraḋ a láṁ féin; agus molaidís a hoibreaċa féin annsna geataḋuiḃ í. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society