Seanraite 30 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXX. Adṁail agus iarratus Agur. 11 Geinealuiġ ċrosda 15 neiṫe do ṡásuġ, 18 díaṁar 21 tormanaċ, 24 glioca, 29 uallaċ. 1 Briaṫra Agur ṁic Iaceh, eaḋon a nfáiġeadóireaċt: do laḃair an toglaċ ré Hitiel, ré Hitiel fós agus ré Hucal, 2 Go deiṁin is brúideaṁla mé ná duine ar biṫ, agus ni ḃfuil tuigse duine agam. 3 Níor ḟoġluim mé eagna, agus ní ḃfuil éolus na náoṁṫaċta agam. 4 Cia ċuaiḋ súas ar neaṁ, nó ṫáinic a núas? cía ċruinniġ an ġáoṫ iona ḋórnuiḃ? cía ċeangail na huisgeaḋa a ccúlaiḋ? cía ḋaingniḋ uile ċorra an doṁuin? cá hainm é, agus ca hainm a ṁic, má ḟéadann tú innsin? 5 Is fíorġlan gaċ uile ḃríaṫar Dé: is sciaṫ é don ṁéid ċuirios a ndóiġ ann. 6 Ná cuirsi éinni a ccionn a ḟocail, deagla go ttiuḃraḋ iomaiṫḃior ort, agus go ḃfuiġṫí bréagaċ ṫú. 7 Ḋá ní díarr mé ort; ná diúlt umpa mé suil éagfas mé: 8 Aṫruiġ a ḃfad uáim díoṁaóineas agus bréaga: ná taḃair ceaċtar ḋaṁ boċtaine no saiḋḃrios; beaṫuiḋ mé lé biaḋ is iomċubaiḋ ḋaṁ: 9 Deagla go mbéinn lán, agus go séunfuinn ṫú, agus go naibeoruinn, Cía hé an TIĠEARNA? nó deagla go mbéinn boċt, agus go ngadfuinn, agus go ttiuḃruinn ainm mo Ḋé go díoṁaóin. 10 Ná déan casáoid ar ṡeirḃíseaċ ré na ṁaiġistir, deagla go mailleoċaḋ sé ṫú, agus go ḃfuiġṫi dáor ṫú. 11 Bí ginealaċ ann ṁalluiġios a naṫair, agus naċ beannuiġionn a maṫair. 12 Bí ginealaċ ann ḃíos fíorġlan iona súiliḃ féin, giḋeaḋ ní ḃíd niġte ó na salċar. 13 Bí ginealaċ ann, ó ca háirde ḃíd a súile! agus forrḋuḃa a súl ar na ttógḃáil súas. 14 Bí gincalaċ ann a mbíd a ḃfiacla mar ċloiḋṁṫe, agus fíacla a ngíall mar sceana, do scrios an ḃoiċt don tsáoġal amaċ, agus a neasḃuiġiḋ ó ḃeiṫ a measc na ndaóine. 15 Atáid días inġion ag an ngearrġuin ag éiġioṁ, Taḃair, taḃair. Atá trí ní naċ féidir do ṡásaḋ; fós, ceiṫre neiṫe naċ abair, Is lór sin: 16 A núaiḋ; an ḃean áimrid; an talaṁ naċ líontar lé huisge; agus an teine naċ abair, Is lór sin. 17 An tsúil do ní magaḋ fa na aṫair, agus ṫarcuisniġios úṁlaċt a ṁaṫar, priocfuid féiċ an ġleanna amaċ í, agus íosuid na hiolair óga í. 18 Atáid trí neiṫe ró iongantaċ ḋaṁsa, fós, a ceaṫair naċ fios daṁ: 19 Sliġe iolair annsa naíer; sliġe aiṫreaċ niṁe ar an ccarruic; sliġe luinge a meaḋon na fairge; agus sliġe a nfir le maiġdin. 20 Marsin atáid sliġe na mná haḋaltrannuiġe; iṫiḋ sí, agus glanuiḋ a béul, agus a deir sí, Ní ḋéarna misi cionnta ar biṫ. 21 Ar son trí neiṫe ata an talaṁ míoṡuáiṁneaċ, agus ar son a ceaṫair naċ ḃféadann iomċar: 22 Ar son seirḃisiġ a nuáir ríaġlas sé; agus ar son amadáin a núair ḃios sé lán do ḃíaḋ; 23 Ar son mná fúaṫṁaire a nuáir póstar í, agus cuṁaile ḃíos na hoiġre air a ṁaiġistreás. 24 Atáid ceiṫre neiṫe beaga air an ttalaṁ, aċt bíd ro ċríonna: 25 Na seangáin is dream íad naċ bí láidir, giḋeaḋ soláṫruid a mbeaṫa san tsaṁraḋ; 26 Ní ḃfuil aċt luċt éaittréoraċ annsna coiníniḃ, giḋeaḋ do níd a ttiġṫe annsna eairgiḃ; 27 Ní ḃí ríġ ag na lócuistiḃ, giḋeaḋ tíaġaid amaċ uile iona ndreamuiḃ; 28 Beiriḋ an daṁán alla greim re na láṁuiḃ, agus bí sé a bpálásuiḃ na ríoġ. 29 Atáid trí neiṫe imṫiġios go maiṫ, bí fós, a ceaṫair taitneaṁaċ iona siuḃal: 30 An leoṁan, noċ is láidre a measg na mbeaṫaċ, agus naċ ḃfillionn tar ais ó éinní; 31 Cú; poc gaḃair fós; agus ríġ, naċ féidir cur na aġaiḋ. 32 Má rinne tú go leaṁ ann ṫú féin do ṫógḃáil súas, nó má smuáin tú olc, leag do láṁ air do ḃéul. 33 Go deiṁin do ḃeir ṁaistriuġaḋ an ḃainne im úaḋ, agus do ḃeir fásgaḋ na srona fuil amaċ: mairsin do ḃeir fóirneart na feirge ceannairg. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society