Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seanraite 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III. Luaiḋeaċd ar aiṫeantaiḃ De do ċoiṁed.

1 A ṁic, ná dearmaid mo ḋliġeaḋ; aċt coiṁéadaḋ do ċroiḋe maiṫeanta:

2 Oír do ḃéaruid síad ċugad, fad láeṫeaḋ, agus sáoġal fada, agus síoṫċáin.

3 Ná tréigeaḋ trócaire agus fírinne ṫú: ceangail fad ḃráġaid íad; scríoḃ íad ar ċlár do ċroiḋe:

4 Marsin do ġeaḃa tú faḃar agus tuigsi ṁaiṫ a raḋarc Dé agus duine.

5 Cuir do ḋóiġ a Ndía re do uile ċroiḋe; agus ná bí táoḃ ré do ṫuigsi féin.

6 Ann do ṡliġṫiḃ uile adṁuiġ eision, agus do ḋéana sé do ṡliġṫe díreaċ.

7 Na bí glic ann do ṡúiliḃ féin: bíoḋ eagla an TIĠEARNA ort, agus seaċain an tolc.

8 Biáiḋ sin na ṡláinte dot imlinn, agus na smior dot ċnáṁuiḃ.

9 Onoruiḋ an TIĠEARNA le do ṁaóin, agus le primidil huile ḃisiġ:

10 Marsin líonfuiġear do scioból lé saíḋḃrios, agus brisfid do ċantaóiriġe amaċ le fíon núaḋ.

11 A ṁic, na tarcuisniġ smaċtuġaḋ an TIĠEARNA; agus na bí curṫa ḋá ċeartuġaḋ:

12 Oír an té ġráḋuiġios an TIĠEARNA, smaċtuiġiḋ sé é; aṁuil aṫair an mac iona mbí a ḋúil.

13 Is beanuiġe an té do ġeiḃ eagna, agus an duine do ġeiḃ tuigsi.

14 Oír is féarr a ceanniuġeaċt ná ceannuiġeaċt airgid, agus a soċar ná ór glan.

15 Is mórluáiġ go mór í náid na cloċa uaisle: agus na huile neiṫe is áoiḃinn leaċd ní coiṁmeas ría íad.

16 Atáid fad láeṫe ann a deasláiṁ; agus ann a láiṁ ċlé saiḋḃrios agus onóir.

17 Is sliġṫe soláis a sliġṫe, agus is síoḋċain a casáin uile.

18 Is crann beaṫa í don druing ġlacus greim ḋí: agus is beanuiġe gaċ aon dá ḃfostoiġionn í.

19 Do ṡuiġiḋ an TIĠEARNA an talaṁ le na ġliocas; le tuigse do ḋaingniḋ sé na flaiṫeaṁnuis.

20 Le na éolus bristear amaċ na haigéin, agus filid na néulla an drúċt a núas.

21 A ṁic, ná dealċaidís sin ré do ṡúiliḃ: connuiṁ gliocas iomlán agus discréid:

22 Marsin béid síad na mbeaṫa dot anam, agus na ngrasaiḃ dot ṁuinéul.

23 Ann sin siuḃoluiḋ tú ann do ṡliġe go daingean, agus ní ḃfuiġe do ċos tuisleaḋ.

24 A nuáir luiḋfios tú síos, ní ḃía eagla ort: fós, luiḋgiḋ tú síos, agus biáiḋ do ċoḋlaḋ sáiṁ.

25 Ná bíoḋ eagla ort re húaṁan obann, nó re dólás na nolc, a nuáir ṫiucfas sé.

26 Oír buḋ é an TIĠEARNA do ḃaránta, agus cuiṁdeoċuiḋ sé do ċos ó ḃeiṫ gaḃṫa.

27 Ná connaiṁ maiṫ ón ndruing dar dúal í, a nuáir ḃías sé a ccumas do laiṁe ré na ḋéanaṁ.

28 Ná habair re do ċoṁarsuin, Imṫiġ, agus tárr a rís, agus do ḃéara mé a máraċ; a nuáir ḃías sé agad attaice.

29 Ná tionnscuin olc a naġaiḋ do ċoṁarsan, ó áitreaḃus sé go suáiṁneaċ láiṁ riot.

30 Ná ceannairg ré duine gan aḋḃar, muna ndéarna sé doċar ar biṫ ḋuit.

31 Ná bí tnúṫ agad ris an bfoiréigeantaċ, agus ná tóġ áon dá ṡliġṫiḃ.

32 Oir is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA an ceannairgeaċ: aċt atá a ṡecréid ag an ḃfíréun.

33 Atá mallaċt an TIĠEARNA a ttiġ an droċḋuine: aċt beannuiġiḋ sé áitreaḃ a nionnruic.

34 Go dearḃṫa tarcuisniġiḋ sé na tarcuisniġ: aċt do ḃeir sé grása do na huirísliḃ.

35 Ġeaḃuiḋ an duine glic oiġreaċt ġlóire: aċt is náire ḃus árduġaḋ do na hamadánuiḃ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan