Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seanraite 28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXVIII. Eagal an duine ċiontaiġ. 18 Agus socair an ḟíréin, &c.

1 Teiṫid na cionntuiġ a nuáir naċ bí áonduine dá ttóruiġeaċt: áċt bíd na hionnruic dána aṁuil leoṁan.

2 Ar son sáruiġṫe dúiṫċe bíd mórán prionnsaḋ uirre: aċt aig duine tuicsionaċ éolaċ mairfiḋ an staid a ḃfad.

3 Is cosṁuil an duine boċt ṡáruiġios an boċtan re fearṫuinn scúapṫa naċ ḃfágḃann beaṫa ar biṫ na diáiġ.

4 An drong ṫréigios an dliġeaḋ moluid na cíontuiġ: aċt an ṁéid ċoiṁéadas an dliġeaḋ caṫuiġid riu.

5 Ní tuigid na droċḋaóine breiṫeaṁnus: aċt tuigid an drong íarrus an TIĠEARNA gaċ uile ní.

6 Is féarr an boċt imṫiġios iona ionnracus, ná an té ḃíos urċóideaċ iona ṡliġṫiḃ, bíoḋ go mbeiṫ sé saiḋḃir.

7 Giḋ bé ċoiṁéadas an dliġeaḋ is mac glic é: aċt an té is companaċ do ḋaóiniḃ cráosaċa náiriġiḋ sé a aṫair.

8 An té ṁéaduiġios a ṁaoin lé húsuireaċt agus lé tarḃa éagcóir, cruinneoċuiḋ sé é don tí agá mbía truáiġe don ḃoċt.

9 An té iompoiġios a ċlúas ó ċluinsion an dliġe, biáiḋ a ġuiḋesin na aḋḟúaṫṁaireaċt.

10 Giḋ bé ḃéaras air an ḃfíréun seaċrán do ḋéanaṁ a ndroiċṡliġe, tuitfiḋ sé féin iona ṗoll: aċt biáiḋ neiṫe maiṫe a seilḃ an díriġ.

11 Bíḋ an duine saiḋḃir críonna iona ṫuigsin féin; aċt scrúduiġ an boċt agá mbí tuigsi amaċ é.

12 A nuáir ġáirdiġid na daoine ionnraca, bí glóir ṁór annsin: aċt a nuáir éirġios an cointaċ, folċaiḋ duine é féin.

13 Giḋ bé ċeilios a ṗeacuiġe ní ḃía biseaċ air: aċt giḋ bé adṁas agus ṫréigios íad do ġeaḃa sé trócaire.

14 Is sona an té air a mbí úaṁan do ġnáṫ: aċt an té ċruáiḋiġios a ċroiḋe tuitfiḋ sé a ttubaisde.

15 Aṁuil ḃíos leoṁan cuṫaiġ, agus maṫġaṁuin luáimneaċ; marsin ḃíos an droċúaċtaran ós cionn na ndaóine mboċt.

16 An prionnsa ag naċ bí tuigsi mar an ccéadna is mór an fear leaṫtruim é: aċt an té ḟúaṫuiġios saint faideoċuiġ sé a láeṫe.

17 An duine do ní fóirneart air ḟuil ḋuine ar biṫ teiṫfiḋ sé ċum an ṗuill; ná stadaḋ éanduine é.

18 Giḋ be ṡiúḃluiġios go fíréanta biaiḋ sé sáor: aċt an té ḃíos urċóideaċ iona ṡliġṫiḃ tuitfe sé a néinḟeaċt.

19 An té ṡáoṫruiġios a ḟearann biáiḋ fairsinge aráin aige: aċt an té leanas a ndiáiġ ḋáoine díoṁaóin do ġeaḃa sé boċtuine go lór.

20 Líonfuiḋ an duine fíréanta do ḃeannaċduiḃ: aċt an té do ní deiṫnios ċum ḃeiṫ saiḋḃir ní ḃiáiḋ se neiṁċiontaċ.

21 Ní maiṫ meas do ḃeiṫ ar ḋaóiniḃ tar ċéile: óir ciontoċuiḋ an fearsin ar son greama aráin.

22 Bí droċṡúil ag an té ḋeiṫḃriġios ċum ḃeiṫ saiḋḃir ní ṫuigionn sé go ttiucfa boċtaine air.

23 An té iomaiṫḃirios duine do ġeaḃa sé ní sa ṁó dfaḃar na ḋiaiġsin ná an té ḃláiṫuiġios leis an tteangaiḋ.

24 Giḋ be ṡladas a aṫair nó a ṁaṫair, agus a deir, Ní peacaḋ é; is compánaċ do ṡladuiġe an té sin.

25 An té agá mbí croiḋe uáiḃreaċ, cuiriġ sé ceannairg air siuḃal: aċt do ḋéantar méiṫ an té ċuirios a ḋóiġ annsa TIĠEARNA.

26 Giḋ bé ṫáoḃas re na ċroiḋe féin is oinṁid é: aċt giḋ bé imṫiġios go glic táirṫeoċṫar é.

27 Giḋ bé ḃeir ní don ḃoċt ní ḃiáiḋ easḃuiġ air: aċt an té ḟolċus a ṡúile do ġeaḃa sé mórán mallaċt.

28 A nuáir éirġid na droċḋaoine, folċuid na daoine íad féin: aċt a nuáir imṫiġid seaċad, líonuid na fíréin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan