Seanraite 27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXVII. Anaġaiḋ ṁolaḋ ḋuine ó na ḃéul féin; 5 agus deaġ-ḟoġna spreigeaḋ na nccurad. 1 Na maóiḋ ṫú féin as an lá a máraċ; óir ní ḟeidir tú cred do ḃéaraḋ lá leis. 2 Molaḋ neaċ oile ṫú, agus nar bé do ḃéul féin; coiṁṫiġeaċ, agus nar biad do ṗuisíne féin. 3 Is trom an ċloċ, agus bí an gaineaṁ muiriġineaċ; aċt is truime fearg amadáin ná íad aráon. 4 Is fuilteaċ a nfearg, agus is cuṫaiġ an ċorruiġe; aċt cía ḟéadas seasaṁ as coinne ainġiḋeaċda? 5 Is féarr aiṫḃior ós áird ná gráḋ fa rún. 6 Is díleas cneaḋa caraid; aċt is cealgaċ póga náṁaid. 7 Míoḋúiliġ an tanam ḃíos lán an ċriaṫar ṁeala; aċt is milis gaċ uile ní searḃ do nanam ocraċ. 8 Aṁuil ṡeaċránuiġios éun ó na nead, is marsin don duine ṡeaċránuiġios ón áit féin. 9 Solásuiġ úniment déaġḃolaḋ an cróiḋe: is mairsin do ní millsi ċarad duine re coṁairle ó ċroiḋe. 10 Ná tréig, do ċara féin, agus cara haṫar; agus ná héiriġ go tiġ do ḋearḃráṫar a ló do ríaċdanuis: óir ís féarr cara a ccoṁḟogus ná dearḃraṫair a nimċían. 11 A ṁic, bí críonna, agus déan mo ċroiḋe lúaṫġáireaċ, ċor go ḃfreagora mé an té ṁaslúiġios mé. 12 Do ċí an duine críonna an tolc ċuige, agus folċuiḋ sé é féin; aċt tíaġaiḋ na daóine simpliḋe air a naġaiḋ, agus píantar íad. 13 Glac eadaċ an té ḃíos a nurruḋas ar an ccoiṁṫiġeaċ, agus tóg geall úaḋ ar son inná coiṁṫiġiḋ. 14 An té ḃeannuiġios a ċaruid ós áird, ag éirġe go moċ ar maidin, measfuiġṫior na ṁalluġaḋ air é. 15 Is cosṁuil bean ċeannairgeaċ ré sírṡilt a ló móirḟearṫanna. 16 Giḋ be ċeílios í, ceiliḋ sé an ġáoṫ, agus úinemeint a láiṁe deise, ḃraiṫios í féin. 17 Géuruiġ íarrann íarrann oile; marsin ġéaruiġios duine gnúis a ċarad. 18 Giḋ bé ċoiṁéadas an crann fíge íosuiḋ sé ḋá ṫoraḋ: marsin an té ḟeiṫios air a ṁaiġistir onórṫar é. 19 Aṁuil ḟreagras aġaiḋ daġaiḋ annsa nuisge, mar sin ḟreagras croiḋe ḋuine do ḋuine. 20 Ifrionn agus diḃḟeirg ní ḃíd ċoiḋċe lán; marsin ní ḃíd súile an duine sáiṫeaċ ċoiḋċe. 21 Mar ḃíos an pota glanta do nairgiod, agus a nfoirnís do nór; is mairsin ḃios an duine dá ṁolaḋ. 22 Bíoḋ go mbrúiġfeá amadán a moirtéul a measg ċruiṫneaċta lé pestel, ṫairis sin ní ḋeileoċuiḋ a amadánaċd ris. 23 Bí diṫċiollaċ fa ḟios staide do ṫréada, agus féuċ go maiṫ dot airġiḋiḃ. 24 Oír ní ḃí an saiḋḃrios síorruiḋe: agus an mairionn an ċoróin do gaċ aóinġinealaċ? 25 Tig an féur tirim, agus taisbéanuiḋ an féur mín é féin, agus cruinniġṫior luiḃe na slíaḃ. 26 Bíd na huáin ċum héaduiġṫe, agus is íad na gaḃair ḟirionna lúaċ ṫfearoinn. 27 Agus biáiḋ bainne gaḃar go lór agad ċum do ḃíḋ, ċum bíḋ muinntire do ṫiġe, agus do ċuṁdaċ do ċailíniḋe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society