Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seanraite 25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXV. Oifig ríġ. 8 Is inṡeaċanta crioncán, &c.

1 Is íad so mar an gcéadna seanráite Ṡoluiṁ, noċ do aiṫscríoḃ muinntir Heseciah ríġ Iúdah.

2 Isí glóir Dé ní do ċeilt: aċt isé onoir na ríoġ cúis do spíonaḋ amaċ.

3 Atá an flaiṫeaṁnus air áirde, an talaṁ ar ḋoiṁne, agus croiḋe an ríġ doscrúdtaiġ.

4 Bain an salċar as a nairgiod, agus tiocfuiḋ sóiṫeaċ amaċ don ċéard.

5 Beir leaċd an droċduine ó ḟiaḋnuise an ríġ, agus daingneoċṫar a ċaṫaóir a ḃfíreantaċt.

6 Ná cuir ṫú féin amaċ a laṫair an ríġ, agus ná seas a náit ḋaóine móra:

7 Oír is féarr ḋuit a ráḋ riot, Tárr a níos annso; ná do ċur ní is isle as coinne an ṗrionnsa noċ do ċonncadar do ṡúile.

8 Ná himṫiġ amaċ go hobann do ċríoncán, deagla naċ mbíoḋ a ḟios agad cred do ḋéantá ann a ḋeireaḋ, tar éis do ċoṁarsa dot ċur ċum náire.

9 Aiḋnis do ċúis red ċoṁarsain; agus ná foillsiġ seicréid do neaċ oile:

10 Deagla go ccuirfeaḋ an té do ċluinfeaḋ ṫú naire ort, agus naċ ḃfillfeaḋ do ṁíoċlú.

11 Is cosṁuil focal laḃarṫar go hiomċuḃaiḋ ré húḃlaiḃ óir a bpictíuruiḃ airgid.

12 Aṁuil clúasḟáinne óir, agus aṁuil córuġaḋ dór ġlan, marsin ḃíos an taiṫḃioraċ glic ar ċlúais uṁail.

13 Mar ḃíos fúaċt an tsneaċta a náimsir a nfoġṁair, marsin ḃíos an teaċtaire díleas don druing ċuirios úaḋ é: óir aiṫḃéoġuiḋ sé anam a ṁaiġistir.

14 Giḋ bé ṁaóiḋios é féin ar son tioḋlaiceaḋ fallsa is cosṁuil é ré néulluiḃ agus ré gaóiṫ gan ḟearṫuinn.

15 Le hiomċar fada cláoċluiġṫior prionnsa, agus brisiġ teanga ḃog an cnáiṁ.

16 An ḃfuáir tú mil? iṫ an ṁéid is lór ḋuit di, deagla go mbeiṫeá líonta ḋe, agus go sceiṫfeá í.

17 Connaiṁ do ċos ó ṫiġ do ċoṁarsan; deagla go mbeiṫ sé cuirṫe ḋíot, agus go ḃfúaṫoċaḋ sé ṫú.

18 An te do ní fiaḋnuise ḃréige a naġaiḋ a ċoṁarsan is farca, cloiḋeaṁ, agus soiġíod rinneaċ é.

19 Is cosṁuil dóiġ a nduine neiṁḋílios a naimsir na buáiḋearṫa re fíacail ḃriste, agus re cois léonta.

20 Aṁuil an té ṫógḃas leis éadaċ a naimsir ḋoininne, agus aṁuil ḃinéagra ar nitre, marsin don té ċánas fuinn do ċroiḋe ḋúḃaċ.

21 Má ḃíonn do náṁaid ocraċ, taḃair arán dó re iṫe; agus má ḃíonn tart air, taḃair uisge ḋó ré a ól:

22 Oír crúaċfuiḋ tú sméaróide teineaḋ air a ċionn, agus cúiteoċuiḋ an TIĠEARNA sin riot.

23 Cuiriḋ an ġáoṫ ṫúaiġ a nfearṫuinn ar ccúl: marsin do ní an ġnúis ḟeargaċ an teanga iṫiomráiḋteaċ.

24 Is féarr áitreaḃ a ccoirnéul do ṁullaċ an tiġe, ná a ḃfoċair mná géire agus a ttiġ ḟairsing.

25 Mar uisgeaḋa fúara do nanam ṫartṁar, is marsin ḃíd scéula maiṫe as tír imċéin.

26 Is aṁuil do ṫobar ḃuáiḋearṫa, agus dfúarán truáilliġṫe, duine ionnruic ag tuitim síos a laṫair an ċiontoiġ.

27 Ní maiṫ mórán meala diṫe: marsin ní glóir do ḋaoine a nglóir fein do spíonaḋ.

28 An té ag naċ bí ríaġuil ós cionn a spioruide féin is cosṁuil é re caiṫruiḋ ḃriste síos, gan ḃallaḋa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan