Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seanraite 24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIV. Gan ċumann do ṡuáṫaḋ re droċḋaóiniḃ 3 aċt re tuigse agus eagna.

1 Na bíse aingiḋe a naġaiḋ droċḋaóine, agus ná sanntoiġ ḃeiṫ na ḃfoċair.

2 Oír stuidéaruiḋ a ccroiḋe millteaċus, agus laḃruid a mbéil urċóid.

3 Tré ġliocas do niṫior tiġ dfoirgneaḋ; agus le tuigsi daingniġṫior é:

4 Agus lé héolus líonfuiġṫear na séomraḋa le gaċ uile ṡaiḋḃrios ṁórluáiḋ ṡólasaċ.

5 Is láidir an duine éagnuiḋe; méaduiġ fós, fear a néolus neart.

6 Oír is lé coṁairle ġlic do ḋéana tú do ċogaḋ: agus a niomad na ccoṁairleaċ ḃíos cuṁdaċ.

7 Is ro árd a neagna do namadán: ní osclann sé a ḃéul annsa ġeata.

8 Goirfiḋṫear duine urċoideaċ don té ṫríallus an tolc do ḋéanaṁ.

9 Is peacaḋ smuáineaḋ a neiṁġliocuis: agus is aḋḟúaṫṁaireaċt an tarcuisneaċ do na daoiniḃ.

10 Má anḃfainniġionn tú a ló na haindeisi, is beag do neart.

11 Má léigionn tú ḋíot tárṫáil na druinge ṫairngior ċum báis, agus an luċt ḃíos réiġ ċum a marḃṫa;

12 Má deir tú, Féuċ, ní raíḃ a ḟios aguinn; naċ measann an té sgrúdas na croiḋṫe sin? agus naċ ḃfuil a ḟios ag an té ċuṁduiġios hanamsa, agus naċ ttinḃra sé dá gaċ áon do réir a oibreaċ?

13 A ṁic, iṫsi mil, do ḃríġ gur maiṫ í; agus an ċríaṫar ṁeala, noċ is milis dot ċarbad:

14 Marsin ḃías éolus na héagna dot hanam: anuáir do ġeaḃa tú é, annsin do ġeaḃṫar luáiġeaċt, agus ni ġéarrfuiġṫior amaċ do ḋóṫċus.

15 Ná cuir luiḋeaċán, a ḋroċ ḋuine, a naġaiḋ áitreiḃe a nfíréin; na creaċ a áit coṁnuiġe:

16 Oír tuitiḋ an duine ionnruic seaċt nuáire, agus éirġiḋ sé a rís: aċt tuitfid na ciontuiġ a nolc.

17 Ná lúaṫġáiriġ a nuáir ṫuitfios do náṁaid, agus ná gáirdiġeaḋ do ċroiḋe a nuáir do ġeiḃ sé tuisleaḋ:

18 Deagla go ḃfaicfeaḋ an TIĠEARNA sin, agus go maḋ míoṫaitneaṁaċ leis é, agus go niompoċaḋ a ḟearg úaḋ.

19 Ná bíoḋ fearg ort ar son na ndroċḋaoine, agus ná bíoḋ tnúṫ órt ris na ciontaċaiḃ;

20 Oír ní ḃía luáiġeaċt ag an ndroċḋuine; cuinfiġear coinneal an ċiontuiġ as.

21 A ṁic, imeagluiḋsi an TIĠEARNA, agus an ríġ: agus ná bean ris na dáoiniḃ sóġluáisde:

22 Oír éireoċuiḋ a ndonus go hobann; agus cía dar fios a sgrios aráon?

23 Bainid fós na neiṫesi ris na dáoiniḃ glic. Ní maiṫ meas do ḃeiṫ air ṗearsuinn tar a ċeile a mbreiṫeaṁnus.

24 Giḋ bé déaras ris an gciontaċ, Atá tú ionnruic; mailleoċuiḋ an pobal é, fúaṫoċuid cineaḋaċa é:

25 Aċt biáiḋ áoiḃneas don droing aiṫḃioras é, agus tiucfuíḋ beannuġaḋ maiṫ orra.

26 Pógfuiḋear puisíniġ an té do ḃeir freagra ċeart úaḋ.

27 Gléus hobair amúiġ, agus déan oireaṁnaċ ḋuit féin í annsa ṁaċaire; agus na ḋiáiġ sin déan do ṫiġ.

28 Ná bí ad ḟíaḋuin a naġuiḋ do ċoṁarsan gan aḋḃar; agus ná meall le do ḃéul.

29 Ná habair, Do ḋéana misi marsin ris aṁuil do rinne sé riom: cúiteoċuiḋ me ris a neglaċ do reir a oibre.

30 Do ġaḃ mé láiṁ re maċaire an duine ḟallsa, agus láiṁ ré fíneaṁuin an duine gan tuigsin;

31 Agus, féuċ, do ḃí sin uile ar ḃfás ṫairis do ḋosánuiḃ, agus dfoluiġ a neantóg a aġuiḋ, agus do ḃí a ḃalla cloiċe briste sios.

32 Annsin do ċonnairc mé, agus do ṁeas mé go maiṫ é: dféuċ mé air, agus do ġaḃ mé teagasg.

33 Beagan codalta fós, néull beag, filleaḋ beag na láṁ air a ċeile ċum codalta:

34 Marsin tiucfuiḋ do ḃoċtuine mar áon ḃías ar siuḃal, agus do ríaċtanas mar ḋuine armṫa.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan