Seanraite 23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXIII. Anaġaiḋ ġrágaireaċd, 20 agus ṗótaireaċd. 1 A nuair ṡuiġios tú diṫe biḋ lé húaċtaran, meas go frioċnaṁaċ cred ḃías ad ḟiaḋnuise: 2 Agus cuir scían ċum do scórnuiġ, mas duine ṫú taḃarṫa do ċráos. 3 Ná bi mían agad iona ṁillséanuiḃ: óir ís biaḋ mealltaċ íad. 4 Ná sáoṫruiġ ḃeiṫ saiḋḃir: sguir dot ġliocas féin. 5 An ccuirfiḋ tú do ṡúile annsa ní naċ ḃfuil ann? óir do ní saiḋḃrios go deiṁin sciaṫáin dó féin; eitillidsiad as aṁuil iolar ċum niṁe. 6 Ná hiṫse arán na droċṡúl, agus ná dúiliġ a ḃíaḋa millsi: 7 Oír mar ḃreaṫnuiġios iona ċroiḋe, is marsin ḃíos seision: Iṫ agus iḃ, a deir sé riot; aċt ní ḃí a ċroiḋe leaċd. 8 Urṡloigfiḋ tú a níos an greim do iṫ tú, agus caillfiḋ tú do ḋeaġḟocail. 9 Ná laḃair a cclúasaiḃ amadáin: óir dísbeagfuiḋ se gliocas do ḃríaṫar. 10 Ná haṫruiġ an seintéora; agus ná heiriġ a steaċ ar ḟearann na ndílleaċt: 11 Oír is cuṁaċtaċ a ḃfúascaltóir; taigeoruiḋ sé a ccúis riot. 12 Taḃair do ċroiḋe do ṫeagasg, agus do ċlúasa do ḃríaṫruiḃ éoluis. 13 Ná connaiṁ smaċt ón leanaḃ: óir ma ḃuáilionn tú leis an tslait é, ní ḃfuiġe sé bás. 14 Buáilfiḋ tú leis an tslait é, agus sáorfuiḋ tú a anam ó ifrionn. 15 A ṁic, má ḃíonn do ċroiḋe éagnuiḋe, biaiḋ lúaṫġáire ar mo ċroiḋe, orumsa féin. 16 Gáirdeoċuid fós, mo ḋuḃáin, a nuáir laiḃeorus do ḃéulsa neiṫe cearta. 17 Ná tnúṫuiġeaḋ do ċroiḋe ris na peacaċuiḃ: aċt bí a neagla an TIĠEARNA ar feaḋ an laé uile. 18 Oír is deiṁin go ḃfuil luáiḋeaċt; agus ní géarrfuiġṫear ámaċ do ḋóṫċus. 19 Cluinsi, a ṁic, agus bí críonna, agus tréoruiġ do ċroiḋe annsa tsliġe. 20 Ná bí a measg ṗótaireaḋ fíona; a measg ġrágaireaḋ líonus íad féin le feóil: 21 Oír tiucfaiḋ an pótaire agus an duine cráosaċ ċum boċtuine: agus do ḋéan a naiṁleisge duine déuduġaḋ le ceirteaċaiḃ. 22 Eíst red aṫair noċ do ġin ṫú, agus ná tarcuisniġ do ṁaṫair a nuáir ḃías sí áosta. 23 Ceannuiġ a nfírinne, agus na reac í; eagna fós, agus múnaḋ, agus tuigsi. 24 Is mór lúaṫġáirfios aṫair a nionnruic: agus an té ġeineas leanaṁ críonna do ġeaḃ sé sólás úaḋ. 25 Biáiḋ lúaṫġáire air haṫair agus air do ṁaṫair, agus gáirdeoċuiḋ an ḃean rug ṫú. 26 A ṁic, taḃair ḋaṁsa do ċroiḋe, coiṁéadaidís do ṡúile mo ṡliġṫe. 27 Oír is díog ḋoṁain an stríopaċ, agus is log cuṁang an ḃean ċoiṁṫiġeaċ. 28 Bí sí fos a luiḋeaċán aṁuil sladṁóir, agus méaduiġ si na millteóiriġ a measc na ndaóine. 29 Cía ġá mbí mairg? cía ġá mbí dóbrón? cía ġá mbí imreasúin? cía ġá mbí callóid? cía ġá mbí cneaḋa gan aḋḃar? cía ġá mbí deirge ṡúl? 30 An drong ḟanas a ḃfad ag an ḃfíon; an luċt ṫéid díarruiḋ a nfiona ċumaisge. 31 Ná féuċsa air an ḃfíon a nuáir ḃíos sé dearg, a nuáir ṫaisbeanas sé a ḋaṫ annsa ċupán, a nuáir ċorruiġios sé é féin go díreaċ. 32 Fá ḋeireaḋ gortuiġ sé aṁuil naiṫir niṁe, agus cealgaiḋ sé aṁuil adder. 33 Do ċiṫfid do ṡúile mná coiṁṫiġeaċa, agus laiḃeoruiḋ do ċroiḋe neiṫe neaṁċuḃaiḋ. 34 Biáiḋ tú fós, do nós an té luiḋios síos a meaḋón na fairge, nó mar an té luiġios a mullaċ an ċrainn seóil. 35 Do ḃuaileadar mé, a deir tú, agus ni raiḃ mé tinn; do ġaḃadar orum, agus níor ṁoṫuiġ mé: cá huáir ṁúisceolas mé? íarrfa mé fós a rís é. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society