Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seanraite 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXII. Molaḋ an deaġ ċlú, 4 lúaċ na huṁlaċta, &c.

1 Is córa ainm maiṫ do ḃreiṫ do roġain ná saiḋḃrios mór, agus faḃar graḋaċ tar airgid agus tar ór.

2 Teagṁaiḋ an saiḋḃir agus an boċt ré ċeile: ise an TIĠEARNA a ccruṫaiġṫeóir uile.

3 Réiṁḟéuċuiḋ an duine glic an tolc ċuige, agus folċaiḋ sé é féin: aċt imṫiġid na daóine simpliḋe ar a naġaiḋ, agus píantar íad.

4 Le huṁlaċt agus le heagla an TIĠEARNA, atáid saiḋḃrios, onóir, agus beaṫa.

5 Bíd droiġne agus paintéir a sliġe a nanduine: an té ċoiṁéadas a anam bí sé a ḃfad úaṫa.

6 Teagaisg an leanaḃ sa ntsliġe ann ar ċoir ḋo imṫeaċd: agus tan ḃías sé áosta, ní ṫréigfiḋ sé í.

7 Ríaġluiḋ an saiḋḃir ós cionn na mboċt, agus bí fear airliocṫus na ṡear-ḃfoġantuiġ ag an té ḃeir úaḋ.

8 An té ṡíolċuirios éigceart buainfiḋ sé díoṁaoineas: agus failleoċaiḋ slat a ḟeirge.

9 An té agá mbí súil ṫioḋlaicṫeaċ biáiḋ sé beannuiġ; óir do ḃeir sé cuid dá arán do boċtuiḃ.

10 Teilg amaċ an tarcuisneaċ, agus raċaiḋ an ceannairg amaċ; scuirfiḋ fós, an timreasan agus an ṁasla.

11 Biáiḋ an ríġ na ċaraid ag an té ġráḋuiġios gloine ċroiḋe, ar son millse a ḃéil.

12 Coiṁéaduid súile an TIĠEARNA éolus, agus teilgiḋ bun ós cionn bríaṫra an tsáruiġṫe.

13 A deir an duine fallsa, Atá leoṁan amuiċ, muirfiġṫear mé san tsráid.

14 Is log doṁain béul na mban ccoiṁṫiġṫeaċ: an té ḟúaṫuiġios an TIĠEARNA tuitfiḋ sé ann.

15 Bí leiṁe ceangailte a ccroiḋe leiniḃ; aċt cuirfiḋ slat an smaċtuiġṫe a ḃfad úaḋ í.

16 An té ṡáruiġios an boċt do ṁéaduġaḋ a ṡáiḋḃriosa féin, agus an té do ḃeir don tsáiḋḃir, tiucfuiḋ sé go deiṁin ċum ríaċdanuis.

17 Cláon síos do ċlúas, agus éist bríaṫra an duine ġlic, agus iompoiġ do ċroiḋe ċum méoluisi.

18 Oír is ní solásaċ é, má ṫaisgionn tú a stiġ ionnad íad; béid fós iomċuḃaiḋ ann do ḃéul.

19 Ċor go mbía do ṁuiniġin annsa TIĠEARNA, dfoillsiġ mé ḋuit a niuġ, ḋuitse féin.

20 Naċ ar scrioḃ mé ḋuit neiṫe oirḋearca a ccoṁairleaċaiḃ agus a néolus,

21 Ċor go ttiuḃruinn ort fios dearḃṫaċta ḟocal na fírinne do ḃeiṫ agad; ionnus go ḃféadfa freagra bríaṫar na firinne do ṫaḃairt ar an muinntir ċuirios fios ċugad?

22 Ná slad an boċt, do ḃríġ go ḃfuil sé boċt: ná brúiġ an trúaġan annsa ġeata:

23 Oír taigeoruiḋ an TIĠEARNA a ccúis, agus millfiḋ sé anam an té ṁillios íadsan.

24 Ná déan muinntearas re duine feargaċ; agus na himṫiġ lé duine ḃuileaṁuil:

25 Ar eagla go ḃfoġluimféa a ṡliġṫe, agus go ḃfuiġṫéa paíntéur dot anam.

26 Ná bíse don druing ḃuáileas láṁa, nó don druing ḃíos durruiġ ar son ḟíaċ.

27 Mun ḃfuil éainní agad re díoluiġeaċt, cred as a mbéaraḋ sé leis do leabuiḋ ó ḃeiṫ fúd?

28 Ná háṫraiḋ seintéora a nfearoinn, noċ do ṡuiġeadar haiṫre.

29 An ḃfáicionn tú dúine díṫċiollaċ iona ġnoṫuiġiḃ? seasfuiḋ sé a laṫair ríoġ; ní a laṫair ḋaoine uirísiol ṡeasfas sé.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan