Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seanraite 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXI. Isé Día do riaġluíġeas croiḋe agus coṁairle an ríġ, &c.

1 A ta croiḋe an ríġ an láiṁ an TIĠEARNA, már na sroṫa uisge: iompoiġiḋ sé é giḋ bé áit a ttogrann féin.

2 Is díreaċ uile ṡliġe an duine iona ṡúiliḃ féin: aċt measuiḋ an TIĠEARNA na croiḋṫe.

3 Is taitneaṁuiġ don TTIĠEARNA ceart agus breiṫeaṁnus do ḋéanaṁ ná ioḋbairt.

4 Is peacaḋ, féuċuin árd, agus croiḋe uáiḃreaċ, agus treaḃaḋ na cciontaċ.

5 Tríalluiġ smuáineaḋ an dúṫraċtuiġ aṁáin ċum líonṁaireaċta; aċt gaċ nduine dá mbí deiṫniosaċ aṁain ċum easḃuiḋe.

6 Faġail ionṁuis lé teangaiḋ bréagaiḋ is díoṁaóineas é ar na ḃogaḋ anonn sa nall ag an ndroing íarrus bás.

7 Scriosuiḋ sladṁoireaċt na cciontaċ íad féin; do ḃríġ go ndíultaid síad breiṫeaṁnus do ḋéanaṁ.

8 Is cam agus ís coiṁṫiġeaċ sliġe an duine: aċt ar son an duine ḟíorġloin, bí a obair ceart.

9 Is féarr áitreaḃ a ccoirnéul a núaċtar an tiġe, ná a ḃfoċair ḃairsiġe mná a dtiġ ḟairsing.

10 Iarruiḋ anam an ċiontoiġ olc: ní ḟaġann a ċoṁarsa faḃar ar biṫ iona ṡúiliḃ.

11 A nuáir smaċtuiġṫear an tarcuisneaċ, do niṫear duine críonna don tsimpliḋeaċ: agus a nuáir ṫeagaisgṫear an duine críonna, gaḃuiḋ sé éolus.

12 Measuiḋ an duine ionruic go glic tiġ an droċḋuine: aċt teilgiḋ Día seaċad na ciontoiġ ar son na cciontaḋ.

13 Giḋ bé ḋuinus a ċlúasa re heiġioṁ na mboċt, coṁaircfiḋ sé féin mar an gcéadna, aċt ní cluinfiġṫear é.

14 Claóiḋiḋ brontanas a ḃfolaċ fearg: agus míniġe luáiḋeaċt annsa ḃrollaċ fearg neartṁar.

15 Is é gáirdeaċus a nfíréin bréiṫeaṁnus do ḋéanaṁ: aċt biáiḋ milleaḋ do luċt oibriġṫe a néigcéirt.

16 An té ṡeaċránuiġios as sliġe na tuigsiona anfaiḋ sé a ccoṁcuruinniuġaḋ na marḃ.

17 An té ġráḋuiġios aoiḃnios biáiḋ sé na ḋuine ḃoċt: an té ġráḋuiġios fion agus ola ní ḃíaiḋ sé saiḋḃir.

18 Biáiḋ an ciontaċ na ḟúasglaḋ do nfiréun, agus an sáruiġṫeaċ ar son na ndaoine ndíreaċ.

19 Is fearr coṁnuiġe do ḋéanaṁ annsa ḃfásaċ, ná maille re mnaói ċeannairgiḋ ḟearguiḋ.

20 Atá ionnṁus ann is cóir díarruiḋ agus ola a náitreaḃ an duine ġlic; aċt caṫaiḋ an duine éigcríonna súas é.

21 An té leanas fíréantaċt agus trócaire do ġeiḃ sé beaṫa, díorġas, agus onóir.

22 Do ní an duine críonna dreapaireaċt caiṫreaċ an ċuṁaċtaiġ, agus teilgiḋ sé síos neart a bunáite.

23 Giḋ bé ċongṁas a ḃéul agus a ṫeanga coiṁéaduiġ sé a anam ó ḃuáiḋreaḋ.

24 Magaiḋ úaiḃreaċ áirdinntineaċ; is ainm don té ḃeanas a ḃfeirg úaiḃriġ.

25 Marḃuiḋ mían an duine ḟallsa é féin; óir díultuiġid a láṁa sáoṫruġaḋ.

26 Santuiġ sé go géar air feaḋ an laoi oile: aċt do ḃeir an fíréun ní úaḋ agus ní ċoiglionn sé é.

27 Is aḋfliúaṫṁaireaċt íoḋbairt an ċiontuiġ: ga ṁéad ní is mo ná sin, a nuáir do ḃeir leis í lé droiċintinn?

28 Díoġḃaiṫfiḋ a nfiagnuise ḃréagaċ: aċt an té éistios laḃruiḋ go seasṁaċ.

29 Crúaḋuiġ an droċḋuine a éadan: aċt ar son an díriġ, dírġiḋ sé a ṡliġe.

30 Ní ḃfuil eagna ná tuigsi ná coṁairle a naġaiḋ an TIĠEARNA.

31 Ullṁuiġṫear an teaċ a gcoinne laé an ċaṫa: aċt is ón TTIĠEARNA atá tárṫail.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan