Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seanraite 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XX. Gan ḃeiṫ ag caiṫeaṁ ar ḋeoċ laidir.

1 Is mealtaire an ḟíon, is buileaṁuil an deoċ láidir: agus giḋ be méalltar léo sín ní ḃfuil sé críonna.

2 Bí eagla an ríġ aṁuil búirfeaḋaċ leoṁain: giḋ bé ḃrostuiġios ċum feirge é peacuiġ sé a naġaiḋ a anma féin.

3 Is onóir do ḋuine scur do ċeannairg: aċt biáiḋ gaċ áon amadán ag teagṁáil.

4 Ní ṫreaḃṫuiġ an lorgánaċ do ḃríġ a nfúaċta; uimesin íarrfuiḋ sé déirc san ḃfoġṁar, agus ni bía aoinni aige.

5 As cosṁuil coṁairle a ccroiḋe ḋuine re huisge doṁuin; aċt taireonguiḋ duíne tuigseaċ amaċ í.

6 Maóiḋiġ an ċuid is mó do na daoiniḃ a maiṫeas féin gaċ áon aca: aċt cía ġeaḃus duine fírinneaċ?

7 Imṫiġ an duine ceart iona iomláine féin: bíd a ċlann beannuiġ na ḋiáiġ.

8 Scaóiliḋ an ríġ ṡuiġios a ccaṫaoir ḃreiṫeaṁnuis a nuile olc ó ċéile le na ṡúiliḃ.

9 Cía ḟéadas a ráḋ, Do rinne mé mo ċroiḋe glan, atáim glan óm ṗeacaḋuiḃ?

10 Coṁṫruim éagsaṁla, agus meaḋa éagsaṁla, atáid aráon aḋḟúaṫṁar a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA.

11 Aiṫeantar fós an leanaḃ air a ġníoṁarṫaiḃ, an mbí a ṡáoṫar fíorglan, nó an mbí ceart.

12 Isé an TIĠEARNA do rinne aráon, an ċluas ċluinteaċ, agus an tsúil ḟaicsionaċ.

13 Ná gráḋuiḋ ċoḋlaḋ, deagla go ttiucfá ċum boċtaíne; oscáil do ṡúil, agus saiseoċtar le harán ṫú.

14 Neaṁniġ, neaṁniġ é, a deir an ceannuiġe: aċt a nuáir imṫiġios roiṁe, annsin muiḋiġ sé.

15 Atá ór ann, agus móran do ċloċuiḃ uáisle: aċt is íad bríaṫra a néolus an séud mórluáiġ.

16 Glac éadaċ an té ṫéid a nurruġas ar ċoiṁṫiġeaċ: agus glac geall uáḋ ar son mná ċoiṁṫíġiḋ.

17 Is milis le duine arán na ceilge: aċt na ḋiáiġ sin biáiḋ a ḃéul líonta do ġaineaṁ.

18 Daingniġṫear gaċ uile ṫionnsgnaṁ lé coṁairle: agus le coṁairle ġlic déana cogaḋ.

19 An té imṫiġios fa gcuáirt na aiṫristeaċ scéul scaóiliḋ sé rún: uimesin ná bean ris an te spleaḋuiġios le na ṗuisíniḃ.

20 Giḋ bé ṁalluiġios a aṫair nó a ṁaṫair, cuirfiġṫear a loċrann as a ndorċadas duḃ.

21 Is féidir oiġreaċt dfaġáil go lúaṫ air ttosaċ; aċt ní buḋ beannuiġ a ċríoċsin.

22 Ná habairsi, Cúiteoċuiḋ mé olc, aċt feiṫ air an DTIĠEARNA, agus táirṫeoċuiḋ sé ṫú.

23 Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA coṁṫruim éagsaṁla; agus an meaḋ mealltaċ ní maiṫ í.

24 Is ón TTIĠEARNA atá imṫeaċt an duine; cionnus ḟéadus duine maiseaḋ a ṡliġe fein do ṫuigsin?

25 Is paintéar don té ṡluigios ní naoṁṫa, agus tar éis móide íarṁoireaċt do ḋéanaṁ.

26 Dioscaóiliḋ ríġ críona na droċḋaóine, agus do ḃeir sé an roiṫléan ṫarsa.

27 Ise spiorad an duine coinneall an TIĠEARNA, ag scrúdaġ a nuile ċuid a stiġ don ḃolg.

28 Trocaire agus fírinne ċuṁduiġios an ríġ: agus is lé trócaire connaiṁṫior súas a ċaṫaoir.

29 Isí neart na ndaóine óg a nglóir: agus isí scíaṁ na seandaóine an ceann liaṫ.

30 Glanuiḋ guirme na ċeiḋe a nurċóid: agus is marsin do níd na scíursaḋa a nuile ċuid a stiġ don ḃolg.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan