Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seanraite 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II. Sealḃ dóelas, 10 agus deaġ-ċleaċtaḋ na heagna.

1 A ṁic, má ġaḃann tú mo ḃríaṫrasa, agus maiṫeanta dfolaċagad féin;

2 Iondus go ccláonfa tú do ċlúas ċum na heagna, agus go ttinḃra tú do ċroiḋe don tuigsin;

3 Má éiġionn tú fós a ndiáiġ éoluis, agus go ttóigfe tú do ġuṫ súas ċum na tuigsiona;

4 Má íarrair í aṁuil airgiod, agus go spíonfuiḋ tú da híarruiḋ mar ionnṁusaiḃ foluiġṫeaċa;

5 Annsin tuigfiḋ tú eagla an TIĠEARNA, agus do ġeaḃa tú éolus Dé.

6 Oir isé an TIĠEARNA do ḃeir eagna: as a ḃéul ṫig an téolus agus an tuigse.

7 Do ní sé stór gliocuis iomláin do nfíréun: bí sé na scéiṫ don druing ṡuḃluiġios go hionnraic.

8 Coiṁéaduiġ sé casáin an ḃreiṫeaṁnuis, agus cuṁduiġiḋ sé sliġe a náoṁ.

9 Ann sin tuigfiḋ tú fíréantaċt, agus breiṫeaṁnus, agus coṁṫrom; fós, gaċ uile ḋeaġṡliġe.

10 A nuáir raċus a neagna a steaċ ann do ċroiḋe, agus ḃías éolus taitneaṁaċ dot anam;

11 Cuiṁdeoċuiḋ deiscréid ṫú, coiṁéadfuiḋ tuicse ṫú:

12 Dot ṡáoraḋ ó ṡliġe an droċḋuine, ón duine laḃras neiṫe éaigcneasta;

13 Noċ ṫréigios sliġe a nionnracais, do ṡiuḃal a sliġṫiḃ an dorċadais;

14 Noċ lúaṫġáiriġios um ḋéanaṁ uilc, agus ḋúiliġios a néigcneasdaċt na cciontaċ;

15 A ḃfuilid a sliġṫe cam, agus íad éaigcneasta iona sliġṫiḃ:

16 Dot ṡáoraċ air an mnaói ċoiṁṫiġ, eaḋon an coiṁṫiġeaċ noċ ṁeallus le na bríaṫruiḃ;

17 Noċ ṫréigios éoluiġe a hóige, agus ḋearmadas cunnraḋ a Dé.

18 Oír cláonuiḋ a tiġ ċum báis, agus a casain ċum na marḃ.

19 Ni ḟílleann áonduine dá ttéid go nuige í a rís, ní mó ġlacaid síad greim do ċasánaḃ na beaṫa.

20 Go maḋ héidir léatsa imṫeaċt a sliġṫiḃ na ndaoine maiṫ, agus coiscéime na ḃfíréun do ċoiṁéad.

21 Oír coiṁneoċuiḋ an tionnraic annsa dúṫaiġ, agus buáineoċuiḋ an duine iomlán innte.

22 Aċt géarrfuiġṫear na droċḋaóine amaċ as an ttalaṁ, agus toċaltar luċt an tsaruiġṫe as amaċ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan