Seanraite 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVIII. Is amadán aga mbí a ḋúil uile iona ṫuigse féin, &c. 1 An té scaras é féin tré ḟonn, íarruiḋ agus beanaiḋ sé ré gaċ uile eagna. 2 Ni ḃí dúil ag amádan a ttuigsi, aċt aṁáin go ḃfoillsiuġaḋ a ċroiḋe é féin. 3 A nuáir ṫig an ciontaċ, annsin ṫig tarcuisne, agus lé míoċlú an scannail. 4 Is aṁuil uisgeaḋa doiṁne bríaṫra ḃéil an duine, agus sruṫ ag tuilíuġaḋ tobar fíoruisge na heagna. 5 Ní maiṫ gaḃáil re pearsuinn an droċḋuine, do ṫeilgion a nionnruic a mbreiṫeaṁnus. 6 Téid puisíniġ a namadáin a ceannairg, agus goiriḋ a ḃéul air ḃuilleaḋuiḃ. 7 Isé a ḃéul aiḋṁilliḋ a namadain, agus a ṗuisine paintéur a anma fein. 8 Bíd bríaṫra an ċogarnuiġ aṁuil cneaḋa, agus tíaġaid síos a ḃfíríoċtar an ḃuilg. 9 An té fós ḃíos leasg iona obair is dearḃraṫair é don ṁillteóir ṁór. 10 Is tor daingion ainm an TIĠEARNA: rioṫuiḋ an fíréun ċuige, agus bí sé daingion. 11 Isé saiḋḃrios an duine ṡaiḋḃir a ċaṫair ḋaingion, agus bí sé aṁuil balla árd iona ḃaraṁuil féin. 12 Is árd croiḋe an duine roiṁe a naiḋṁilleaḋ, agus atá a núṁlaċd roiṁe onóir. 13 Giḋ bé ḟreagras cúis roiṁe a clos, is amadanaċt agus náire ḋó é. 14 Iomċoruiḋ spiorad an duine a laige; aċt cía ḟéadas spiorad cneaḋaċ diomċar? 15 Do ġeiḃ croiḋe an duine eagnuiḋe éolus; agus íárruiḋ clúas an duine ċríonna eagna. 16 Do ní brontanas duine áit dó, agus do ḃeir a laṫair ḋaóine móra é. 17 Giḋ be ḃíos ar ttús iona ċúis féin saóiltear cóir do ḃeiṫ aige: aċt ṫig a ċoṁarsa agus spíonuiḋ sé é. 18 Do ḃeir an crannċáir air imreasanaiḃ cosg, agus roinniḋ idir na cuṁaċtaċaiḃ. 19 Dearḃráṫair ar na ḟearguġaḋ is deacra a ḟaġáil ná caṫair láidir: agus is cosṁuil a nimreasuin ré barraḋuiḃ caisléin. 20 Líonfuiġṫear bolg duine le toraḋ a ḃéil; lé biseaċ a ṗuisineaḋ líonfuiġṫear é. 21 Atá bás agus beaṫa a ccuṁaċta na teangṫa: agus an drong ler ḃionṁuin í íosaid síad dá toraḋ. 22 Giḋ bé ġeiḃ bean do ġeiḃ sé ní maiṫ, agus gnoḋuiġ sé faḃar ón TTIĠEARNA. 23 Laḃruiḋ an boċt impiḋeaċa; aċt freagraiḋ an saiḋḃir go garḃ. 24 Caiṫfiḋ an té agá mbí cáirde é féin dfoillsiuġaḋ go cáirdeaṁuil: agus bí cara ṡeasas ní is foigse ná dearḃraṫair. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society