Seanraite 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVI. Onoir ġnioṁarṫa Dé, 8 an ċeartais, 20 an ġliocuis, 31 an ċeinn leiṫe, &c. 1 Is on TTIĠEARNA, ṫig ullṁuġaḋ an ċroiḋe annsa duine, agus freagra na teangṫa. 2 Bíd uile ṡliġṫe an duine glan iona ṡúiliḃ féin; aċt coṁṫromuiġ an TIĠEARNA na spioraid. 3 Cuir hobair a leiṫ an TIĠEARNA, agus daíngneoċṫar do smuáintiġṫe. 4 Ḋó féin do rinne an TIĠEARNA gaċ uile ní: an ciontaċ fós, a gcionne laé a nuilc. 5 Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA gaċ uile ḋuine ḃíos uáiḃreaċ a ccroiḋe: bíoḋ go níuḋfaḋ láṁ a láiṁ, ní ḃíaiḋ se gan dioġaltas. 6 Le trócaire agus lé fírinne leasuiġṫear a néagcóir: agus lé heagla an TIĠEARNA seaċnuid daóine an tolc. 7 A nuáir ṫaitnid sliġṫe an duine leis an TTIĠEARNA, do ḃeir sé air a náṁaid féin ḃeiṫ síoḋaċ ris. 8 Is féarr beagán lé hionnracas ná cíosanna móra gan ċeart. 9 Ise croiḋe an duine ṫríallus a ṡliġe: aċt ísé an TIĠEARNA ḋíriġios a ċéime. 10 Bí fáistine ḋíaḋa a mbéul an ríġ: ní ċiontuiġionn a ḃéul a mbreiṫeaṁnus. 11 Is leis an TTIĠEARNA scálaḋa agus ċoṁṫruim ċearta: is íad a obair coṁṫruim an ṁála uile. 12 Is aḋḟúaṫṁaireaċt do ríġṫiḃ olc do ḋéanaṁ: óir daingniġṫear an ċaṫaóir ríoġa lé ionnracus. 13 Is íad puisíne fíreanta dúil nan ríġ; agus is ionṁuin léo an té laḃras an ceart. 14 Atá fearg an ríġ aṁail teaċtaireaḋ an ḃáis: aċt ceinnseoċuiḋ duine glic í. 15 Bí beaṫa a solus ġnúise an ríġ; agus a ḟaḃar aṁuil néul fearṫanna deiġionuiḋ. 16 Ga ṁéad is féarr eagna dfaġáil ná ór? agus tuigsi dfaġáil is córa í do ṫoġa ná airgiod? 17 Ise sliġe ṁór a nfírein dealuġaḋ ris a nolc: an té ċoiṁéadas a ṡliġe cuṁduiġe sé a anam. 18 Ṫig an túaḃar roiṁe a naiḋṁilleaḋ, agus áirdspiorad roiṁe an leagaḋ. 19 Is féarr ḃeiṫ do spioraid úṁail leis na hisliḃ, ná an ċreaċ do roinn leis a nuáiḃreaċ. 20 An té ġlacus cúis go críonna do ġeáḃa sé maiṫ: agus giḋ be ċuirios a ḋóiġ ann sa TIĠEARNA, is soná é. 21 Goirfiġear duine críonna don ġlic a gcroiḋe: agus méuduiġiḋ millsi an beil ealaḋa. 22 Is tobar fíoruisge ċum beaṫa an tuigsi don tí agá mbí sí: aċd is amadánaċt teagasg na namadán. 23 Múiniḋ croiḋe an ġlic a ḃéul, agus do ḃeir bárr ealaḋan dá ṗuisiniġ. 24 Is cíor ṁeala bríaṫra millsi, milis do nanam, agus sláinte do na cnáṁuiḃ. 25 Bí sliġe ann do ċiṫear ceart do ḋuine, aċt isé a ċríoċ sin sliġṫeaċa an ḃáis. 26 An té ṡáoṫruiġios is dó féin ṡáoṫruiġios sé; óir íarruiḋ a ḃéul air é. 27 Toċluiḋ an duine neiṁḋíaḋa olc: agus bi iona ḃéul aṁuil teine lasarḋa. 28 Síolċuiriḋ an duine ceannairgeaċ imreasuin: agus dealuiġiḋ an cogarnaċ na cáirde disle ó ċéile. 29 Brostuiġiḋ duine sáruiġṫe a ċoṁarsa, agus tréoruiġe sé é ċum na sliġeaḋ naċ maiṫ. 30 Druidiḋ sé a ṡuile do ṫriall neiṫe ccrosta, ag corruġaḋ a ṗuisíne do ḃeir sé olc ċum críċe. 31 Is coróin ġlóire an ceann líaṫ, ar na ḟáġail a sliġe a nionracuis. 32 Is féarr an té ḃíos mall ċum feirge ná an cuṁaċtaċ; agus an té ríaġlas a spiorad ná an té ġaḃus caṫair. 33 Do teilgeaḋ an crannċar annsa nuċt; aċt is ag an TTIĠEARNA atá a ċur a gcríċ uile. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society