Seanraite 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XV. Feaḃas, ṫeanga an eagnaiḋ, 10 na smaċda, 15 an ḃuiḋe, 22 an ċoṁairle, 31 agus na huirisleaċd. 1 Iompoiġiḋ freagra ṁacánta fearg: aċt brostuiġid bríaṫra borba a nfearg. 2 Gnáṫuiġ teanga a neagnuiġe éolus go ceart: aċt dóirtiġ béul na namadán leiṁe amaċ. 3 Atáid súile an TIĠEARNA ann gaċ uile ḃall, ag féuċuin air a nolc agus air an maiṫ. 4 Is crann beaṫa teanga ḟalláin: aċt is briseaḋ a spioraid urċóid do ḃeiṫ innte. 5 Tarcuisniġ amadán teagasg ón aṫair: aċt is eagnuiḋe an té ḃeir aire do smaċt. 6 Bí mórán ionṁuis a ttiġ a neagnuiḋe: aċt a ccíos an droċḋuine buaiḋreaḋ. 7 Díoscaóilid puisíne a neagnuiḋe éolus: aċt ní marsin do ċroiḋe a nainḃfiosaiġ. 8 Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA íoḋbairt an ċiontaiġ: aċt sí urnaiġ a nfíréin a ḋúil. 9 Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA sliġe an ċiontaiġ: aċt is ionṁuin leis an té leanas a ndiáiġ na fíréantaċta. 10 Is doirḃ an smaċt don té ṫréigios an tsliġe: éagfuiḋ an té ḟúaṫuiġios armáire. 11 Atá ifrionn agus dioṫlaiṫriuġaḋ as coinne an TIĠEARNA: maiseaḋ ca ṁéid ní is mó ná sin atáid croiḋṫe ċloinne na ndaóine? 12 Ní hionṁuin leis a ndísbeagaċ an té ḃeir aċṁusán dó: ní mó raċus sé gus na heagnuiġiḃ. 13 Do ní ċroiḋe súgaċ gnúis ṡuilḃir: aċt lé dóḃrón an ċroiḋe bristear an spiorad. 14 Iarruiḋ croiḋe an té agá mbí tuigsi éolus: aċt ís air amadánaċt beaṫuiġṫear béul na namadán. 15 Atáid uile láeṫe na daóine mbúaiḋearṫa go holc: aċt an té agá mbí croiḋe súgaċ bí féusta gnáṫaċ aige. 16 Bféarr beagan maille re heagla an TIĠEARNA ná ionnṁus mór agus buáiḋreaḋ maille ris. 17 Is féarr dínnér luiḃionn mar a mbí gráḋ, ná daṁ bíaḋta agus fúaṫ maille ris. 18 Dúisgiḋ duine niṁneaċ súas ceannairg: aċt an té is mall ċum feirge laġduiġiḋ sé imreasuin. 19 Atá sliġe an duine leisgeaṁail mar ḟál dosán: aċt atá sliġe a nionruic déanta go bláiṫ. 20 Do ni mac críonna aṫair lúaṫġáireaċ: aċt tarcuisniġiḋ an duine leaṁ a ṁaṫair. 21 Bíḋ amadánaċt na sólás ag an té ḃíos gan eagna: aċt siuḃluiġ fear na tuigsi go díreaċ. 22 Toirmiscṫior tionnscanta a néagṁuis ċoṁairle: aċt a niomad na ccoiṁairleaċ daingniṫear íad. 23 Sólásaiġear duine le freagra a ḃéil féin: agus an focal laḃarṫar iona am féin, cred é méud a ṁaiṫeasa! 24 Is súas atá sliġe na beaṫa ag a neagnuiġ, ċor go seaċonaḋ sé ifrionn ṡíos. 25 Leagfuiḋ an TIĠEARNA tiġ a nuáiḃriġ: aċt daingneoċuiḋ sé teóra na baintreaḃuiġ. 26 Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA smuáintiġṫe an ċiontuiġ: aċt is briaṫra millse, bríaṫra a nfíorġlain. 27 An té ḃíos diṫċiollaċ ċum éadala buáiḋriḋ sé a ṫiġ féin; aċt an té ḟúaṫuiġios bronta mairfiḋ sé. 28 Stuidéaruiḋ croiḋe a nionraic ċum freagarṫa: aċt dóirtiġ béul an ċiontuiġ droiċneiṫe amaċ. 29 Is fada an TIĠEARNA ón cciontaċ: aċt do ċluin sé guiḋe a nfíréin. 30 Gáirdiġiḋ solus na súl an croiḋe: agus do ní clú ṁaiṫ cnáṁa méiṫ. 31 An ċlúas do ċluin aċṁusán na beaṫa, oirisiġ sí a measc na ndaóine nglic. 32 An té ḋíultas múnaḋ tarcuisniġiḋ sé anam féin: aċt an té uṁluiġios do smaċt do ġeiḃ sé tuigsi. 33 Ise eagla an TIĠEARNA teagasg na heagna; agus atá uṁlaċt roiṁe onóir. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society