Seanraite 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIV. Iomḋa gnée gliocuis agus amadánaċd. 1 Cuiriḋ gaċ aóinḃean ċríonna a tiġ súas: aċt leagaiḋ a namaid síos é le na láṁaiḃ féin. 2 An té ṡiuḃluiġios iona ḟíréantaċt eagluiġiḋ sé an TIĠEARNA: aċt an té ḃíos urċóideaċ iona ṡliġṫiḃ tarcuisniġíḋ sé é. 3 Bí slat úaḃair a mbéul a namadáin: aċt dídeonuiġ puisíne an duine ġlic íad. 4 A náit naċ bíd daiṁ, bí an mainséur glan: aċt tig biseaċ mór le neart an daiṁ. 5 Ní ḋéana fiaḋnuise ḋíleas bréug: aċt laiḃeoruiḋ a nfiaḋnuise ḟallsa bréuga. 6 Iarruiḋ an tarcuisneaċ eagna, agus ní ḟaġann: aċt is socaṁlaċ éolus don tí ṫuigios. 7 Imṫiġ as fiaḋnuise ḋuine leiṁe, a núair naċ moṫoċuiḋ tú ann béul a néoluis. 8 Isé gliocas a neagnuiḋe a ṡliġe do ṫuigsin: aċt is cluáin leiṁe na namadán. 9 Do níd amadáin magaḋ fan bpeacaḋ: aċt a measg na ḃfíréan atá faḃar. 10 Aiṫniġiḋ an croiḋe a ṡearḃus féin; agus ní ḃeanann coiṁṫiġeaċ re na ṡólás. 11 Claóiḋfiġṫear tiġ an droċḋuine: aċt blaiṫfiġ áitreaḃ an ionnraic. 12 Atá sliġe ann do ċiṫear díreaċ do ḋuine, aċt isé a ċríoċ sin sliġṫeaċa an ḃáis. 13 Annsa ġáire féin bí an croiḋe duḃaċ; agus sé críoċ an tsúgaċais sin dóbrón. 14 Lionfuiġear re na ṡliġṫiḃ fein an ġearrċumainnaċ a ccroiḋe: agus fásfuiġṫear an duine maiṫ úaḋ féin. 15 Creidiġ an simpliḋeaċ gaċ aonḟocal: aċt féuċaiḋ an duine ġlic go maiṫ dá imṫeaċt féin. 16 Eagluiġiḋ an duine críonna, agus dealuiġiḋ ó nolc: aċ cuṫaiġiḋ an tamadán, agus bíḋ sé dóṫċusaċ. 17 An té ḟearguiḋṫear go hobann do ní sé amadánaċt: fúaṫuiġṫear fear na ndroiċ-ṫionnsgantaiḋ. 18 Sealḃuiġid na simpliġiḋ amadánaċd: aċt coróntar an teagnuiḋ lé héolus. 19 Cláonuiḋ an tolc roiṁe an maiṫ; agus an droċḋuine a ngeataḋuiḃ na ḃfíréun. 20 Fúaṫuiġṫear an boċt ċeana ó na ċoṁarsuin féin: aċt bí mórán carad ag an tsaiḋḃir. 21 An té ṫarcuisniġios a ċoṁarsa peacuiġ sé: aċt is beannuiġe an té, do ní trócaire air na boċtaiḃ. 22 Naċ seaċránuid an drong ṫionsgnas an tolc? aċt biáiḋ trócaire agus fírinne ag án ndruing ṫionnsgnas an ṁaiṫ. 23 Bí tarḃa ann gaċ uile ṡáoṫar: aċt tríalluiḋ caint na bpuisíneaḋ aṁáin ċum easḃuiġt. 24 Coróin na neagnuiḋe a saiḋḃrios: aċt is leiṁe amadánaċd na namadán. 25 Sáoruiḋ a nfíaḋuin ḟírinneaċ anmanna: aċt laḃruiḋ an meaḃlaċ bréuga. 26 Atá dóṫċus láidir a neagla an TIĠEARNA: agus biáiḋ cúil ḋídin agá ċlóinn. 27 As tobar beaṫa eagla an TIĠEARNA, do ḋealuġaḋ ré paintéarniḃ an ḃáis. 28 A niomad na ndaóine atá onóir an ríġ: aċt a neasḃuiḋ daóine atá milleaḋ an ṗrionnsa. 29 Bí tuigsi ṁor ag an té ḃíos mall ċum feirge: aċt an té ḃíos deiṫniosaċ a spioraid árduiġiḋ sé leiṁe. 30 Isé an croiḋe falláin beaṫa na féola: aċt loḃaḋ na gcnáṁ an tnúṫ. 31 An té ṡáruiġios an boċt masluiġiḋ sé a Ċruṫaiġṫeoir: an té onoruiġios é bí trócaire ann don ḃoċt. 32 Díbearṫar an ciontaċ as iona ċionntaiḃ: aċt bí dóṫċus ag an ḃfíréan iona ḃás. 33 Socruiḋ eagna a ccroiḋe an té agá mbí tuigsi: aċt foillsiġṫear an ní atá a meaḋón na namadán. 34 Arduiġiḋ a nfíréantaċt cineaḋ: agus is masla an peacaḋ do ṗobal ar biṫ. 35 Bí faḃar an ríġ leis an tseirḃíseaċ ṁaiṫ: aċt bí a ḟearg a naġaiḋ an té ḃeir cúis náire. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society