Seanraite 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIII. Urlaḃarṫa órḋa do iomḋa cinéil. 1 Eistiġ mac críonna re teagasg a aṫar: aċt ní éisteann tarcuisneaċ armáire. 2 Iósuiḋ duine maiṫ do ṫoraḋ a ḃéil: aċt iósniġ anam ḟir an tsáruiġṫe foiréigion. 3 An té ċoiṁéadas a ḃéul coiṁéaduiġ sé a anam: aċt an té osclas a ṗnisíne go fairsing díoṫlaiṫriġṫear é. 4 Bí mían air anam an ċlaḋaire, agus ní ḟaġann aoinní: aċt do ḋéantar anam an dúṫraċtaiġ méiṫ. 5 Fúaṫuiġiḋ an fíréun bréaga: aċt bí an droċḋuine neimḟírinneaċ, agus ṫig sé ċum náire. 6 Coiṁéaduiġ an tionnracus an direaċ iona ṡliġe: aċt claóiḋiġ a nurċóid an peacaċ. 7 Bí neaċ ann do ní é féin saiḋḃir, giḋeaḋ ag naċ bí éainní: bí neaċ ann do ní é féin boċt, giḋeaḋ atá sé lán do ṡaiḋḃrios. 8 Isé fúasclaḋ anma duine a ṡaiḋḃrios: aċt ní ċluin an boċt iomaiṫḃior. 9 Gáirdiġiḋ soillsi a nfíréin: aċt cuirfiġear lóċrann an ċionntaiġ as. 10 As úaḃar aṁáin ṫig an ċeannairg: aċt bí eagna ag na daóiniḃ deaġ-ċoṁairleaċa. 11 Laiġdeoċṫar saiḋḃrios an díoṁaóinis: aċt an té ċruinniġios lé sáoṫar béuraiḋ sé biseaċ. 12 Dóṫċus ar na ċur a ḃfad do ní an ċroiḋe tinn: aċt a núair ṫig an fonn, is crann beaṫa é. 13 Giḋ bé ṫarcuisniġios an bríaṫar millfiġṫear é: aċt an té eagluiġios a naiṫne do ġeaḃa sé luáiġeaċt. 14 Dliġeaḋ a neagnuiḋ is tobar na beaṫa é, do ḋealuġaḋ ré líontaiḃ an ḃáis. 15 Do ḃeir tuicse ṁaiṫ faḃar: aċt atá sliġe na sáruiġṫeaċ cruáiḋ. 16 Do ní gaċ uile ḋuine glic a ġnoṫuiġe re héolus: aċt léigiḋ an tamadán a leiṁe ris ós áird. 17 Tuitiḋ droiċṫeaċtaire a ttubaisde: aċt is sláinte an teaċtaire díleas. 18 Bíḋ boċtuine agus náire don té ḋíultas teagasg: aċt an té agá mbí meas air aċṁusán onórṫar é. 19 Is milis do nanam an fonn do ċoiṁlíonaḋ: aċt is aḋḟúaṫṁaireaċt do na hamadánaiḃ dealuġaḋ ris a nolc. 20 An té ṡiuḃluiġios le daóiniḃ críonna biáiḋ sé críonna: aċt scriosfuiġṫear compánaċ na namadán. 21 Leanuiḋ olc na peacaiḋ: aċt ris an ḃfíréun cúiteoċṫar maiṫ. 22 Fágḃuiḋ an duine maiṫ oiġreaċt ag cloinn a ċloinne: agus cuirṫear maóin an ṗeacaiḋ a stór do nionnruic. 23 Bí bíaḋ mór a ttreaḃaḋ an ḃoiċt: aċt bíḋ neaċ ann do ṁilltear do ḋíṫ breiṫeaṁnuis. 24 An té ċoiġlios a ṡlat fúaṫúiġioḋ sé a ṁac: aċt an té ler bionnihum é smaċtuiġiḋ sé é go moċ. 25 Iṫiḋ an fíréun do ṡásaḋ a anma: aċt biaiḋ ríaċtanas ar ḃolg an droċḋuine. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society