Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seanraite 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XII. Ní hionann smuáineaḋ, briaṫra, agus gníoṁa na bfiréin, agus luċt an uilc.

1 Giḋ bé ġráḋuiġios teagasg gráḋuiġiḋ sé eólus: aċt an té ḟúaṫuiġios smaċt is brúideaṁuil é.

2 Gnoḋuiġiḋ an duine maiṫ faḃar an TIĠEARNA: aċt daimneoċuiḋ sé duine na ndroiċṫríall.

3 Ní daingneoċar duine lé hurċóid: aċt ní háiṫreoċṫar fréaṁ a nfíréin.

4 An ḃean ṡuḃailceaċ is coróin dá fear í: aċt an ḃeán náiriġios é is loḃaḋ iona ċnáṁaiḃ í.

5 Ataid smuáintiġṫe a nfíréin ionnruic: aċt is cealg coṁairleaċa an droċḋuine.

6 Bíd bríaṫra an droċḋuine na luiġe a cceilg ar ḟuil: aċd tárṫoċuiḋ béul a nfíréin íad.

7 Teilgtear as na droċḋaoine, agus ní ḃíd ann: aċt seasuiḋ tiġ a nfíréin.

8 Molfuiġṫear duine do réir a eagna: aċt dísbeagfuiḋṫior an té agá mbía croiḋe urċóideaċ.

9 Is féarr an té ṫarcuisniġṫear, agus agá mbí seirḃíseaċ, ná an té onóruiġios é féin, agus ag naċ bí arán.

10 Bí cúram ag an duine ionnraic a nanam a ḃeaṫuiġ: aċt is crúaḋalaċ trócaire maiṫ an ċiontuiġ.

11 An té ṡáoṫruiġios a ḟéarann sáiseoċṫar lé harán é: aċt an té leanas daóine díoṁaóine atá sé gan tuigsi.

12 Iárruiḋ na coiriġṫe líonnan: aċt do ḃeir fréaṁ a nfíréin toraḋ.

13 Gaḃṫar an droċḋuine a míolaḃairt a ḃéil: aċt tiucfaiḋ an fíréun amaċ as buáiḋreaḋ.

14 Sáiseoċṫar duine lé maiṫ do ṫoraḋ a ḃéil: agus cúiteoċṫar luaiġeaċt a láṁ re duine.

15 Bí sliġe a namadáin díreaċ iona ṡúiliḃ féin: aċt is críonna an té éistios ré coṁairle.

16 Aiṫeantar air ball fearg a namadáin: aċt folċuiġ an duine críonna náire.

17 An té laḃras fírinne taisbeanuiḋ sé amaċ fíréuntaċt: aċt is cealg ṫaisbeanas a nfíaḋnuise ḃréugaċ.

18 Bíḋ drong ann laḃras cosṁuil re sáiṫiḃ cloiḋiṁ: aċt is sláinte teanga a neagnuiḋe.

19 Daingneoċṫar béul na fírinne go bráṫ: aċt ní ḃí an teanga ḃréugaċ aċt air feaḋ móimeinte.

20 Cealg ḃíos a ccroiḋe na droinge noċ smuáinios an tolc: aċt do ċoṁ-airleaċaiḃ na síoṫċána atá gáirdeaċus.

21 Ní ṫeigeoṁa olc ar biṫ ris a nionraic: aċt líonfuiġṫear an droċḋuine do ṫubaiste.

22 Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA na béil ḃréagaċa: aċt is íad an drong ḋéanas go fírinneaċ a ḋúil.

23 Ceiliḋ an duine glic éolus: aċt fúagraiḋ croiḋe na namadán amadánaċt.

24 Iomċoruiḋ láṁ an ḋúṫraċtaiġ ríaġail: aċt biáiḋ an taiṁleasg fa ḋuiḃċíos.

25 Do ḃeir dóbrón a ccroiḋe ḋuine air cromaḋ: aċt do ní focal maiṫ sólásaċ é.

26 Is féarr an fíréun ná a ċoṁarsa: aċt mealluiḋ sliġe na ndroċḋaóine léo íad.

27 Ní rósann an duine aiṁleasg an ní do ġaḃ sé lé fiaḋaċ: aċt is mórluáiġ substaint an duine ḋúṫraċtaiġ.

28 A sliġe na fíréantaċta atá an beaṫa; agus ní ḃfuil bás ar biṫ ann a easánaiḃ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan