Seanraite 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XI. Molaḋ an ċeartais, 25 agus na féile; le diomolaḋ na ccontrarḋa. 1 Is aḋḟúaṫṁaireaċt don TIĠEARNA coṁṫrom ḟallsa: aċt sé an coṁṫrom ceart a ḋúil. 2 A nuáir ṫig an túaḃar, annsin ṫig náire: aċd bí eagna ag na daóiniḃ úṁla. 3 Tréoraċuiḋ iomláine na nionnrac íad féin: aċt millfiḋ urċóid na sáruiġṫeaċ íadsan. 4 Ní ṫarḃuiġionn an saiḋḃrios a ló an dioġaltais: aċt sáoruiḋ a nfíréantaċd ó ḃás. 5 Díreoċuiḋ a nfíréantaċt an duine iomlán air a ṡliġe: aċt tuitfiḋ an ciontaċ le na ċiontaiḃ féin. 6 Sáorfuiḋ fíréantaċt na nionnrac íad féin: aċt géaḃṫar luċt an tsáruiġṫe iona néagcóruiḃ féin. 7 A nuair éugas an droċḋuine, éugaiḋ a ḋóṫċus: agus imṫiġiḋ dóṫċus na ndaoine neiṁionnraic. 8 Tárṫuiġṫear an fíréun as a ḃuáireaḋ, agus ṫig an droċḋuine iona áit. 9 Milliḋ an meaḃlaċ a ċoṁarsan le na ḃéul: aċt tré éolus sáorfuiġear an tionnraic. 10 A nuáir ḃiṫear go maiṫ ag na fíréanaiḃ, gáirdiġiḋ an ċaṫair: agus a nuáir marḃṫar an droċḋuine, bí lúaṫġáire ann 11 Lé beannuġaḋ a nionnraic árduiġṫear an ċaṫair: aċt leagṫar í le béul an ċionntuiġ. 12 An té ḃíos a néugṁuis críonaċta tarcuisniġ sé a ċoṁarsa: aċt bí fear na tuigsiona na ṫoċt. 13 Foillsiġiḋ aiṫriseaċ sgéul seicréidiġ: aċt an té agá mbí spiorad fírinneaċ ceiliḋ sé an taḋḃar. 14 A náit naċ bí coṁairle, tuitiḋ an pobal: aċt a niomad na ccoṁairleaċ ḃíos daingean. 15 An té ḃíos a nurruḋas ar ċoiṁiḋeaċ goirteoċṫar ann é: agus an té ḟúaṫuiġios urraḋas bí sé daingion. 16 Conġmaiḋ bean ġrásaṁuil onóir: agus cuṁduíġid na daóine láidre saiḋḃrios. 17 Do ní an duine trócaireaċ maiṫ ḋá anam féin: aċt an té ḃíos éattrocaireaċ buáiḋriḋ sé a ḟeóil féin. 18 Oibriġiḋ an droċḋuine obair ṁeallta: aċt don té ṡíolċuireas fíréantaċt biáiḋ lúaċ dearḃṫa aige. 19 Aṁail ċéimniġios fíréantaċt ċum beaṫa: mairsin an té leanas an tolc leanuiġ sé ċum a ḃáis féin. 20 An drong agá mbí croiḋe urċóideaċ is aḋḟúaṫṁaireaċd don TIĠEARNA íad: aċt an ṁéid ḃíos díreaċ íona sliġe a síad sin a ḋúil. 21 Bíoḋ go níaḋfaḋ láṁ a láiṁ, ní ḃiáiḋ an droċḋuine gan dioġaltas: aċt sáorfuiġṫior slioċt a nfíréin. 22 Mar ṡéud óir a sruiṁ muice, is mar sin ḃíos bean ḃréaḋa air ḋíṫ discréide. 23 Fonn a nfíréin aṁáin an ṁaiṫ: aċt dóṫċus an droċḋuine dioġaltas. 24 Bí neaċ ann sgaóileas, agus ṫairis sin ḃeirios biseaċ; agus neaċ ċongṁas ní is mó no is iomċuḃaiḋ, aċt is ċum boċtuine ṫig sé. 25 Do ḋéantar an tanam dáonaċtaċ méiṫ: agus an té ḟliuċas fliuċfuíġṫéar é féin mar an gceudna. 26 An té ṫaisgios arḃar, mailleoċuiḋ an pobal é: aċt biáiḋ beannaċt air ċeann an te reacas é. 27 Giḋ bé íarrus maiṫ go dúṫraċtaċ tuilliḋ sé faḃar: aċt an té íarrus tubaiste, tiucfaiḋ sí ċuige. 28 An té ċuirios a ḋóiġ iona ṡaiḋḃrios tuitfiḋ sé: aċt bláiṫfid na fíréin aṁuil buinneáin. 29 An té ḃuáiḋrios a ṫiġ féin buḋ leis oiġreaċt na gaóiṫe: agus biáiḋ an tamadán na óglaċ ag an ccríonna a ccroiḋe. 30 Is crann beaṫa toraḋ a nionraic; agus an té ġnoḋuiġios anmanna is críonna é. 31 Féuċ, béarṫar luaiġeaċt do nfíréun annsa tsáoġal: ca ṁéad ní sa ṁó ná sin don ċiontaċ agus don ṗeacaċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society