Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seanraite 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil X. Deiċneaṁar siuḃailce, agus na duḃailceaḋ contrarḋa.

1 Seanraiḋte Ṡoluiṁ. Do ní mac críonna aṫair sólásaċ: aċt sé an mac leaṁ duḃaċus a ṁáṫair.

2 Ní ṫárḃuiġid ionṁusa na nolc aóinní: aċt sáoruiḋ an tionnracus ó ḃás.

3 Ní ḟuileonguiḋ an TIĠEARNA anam a nionruic do ḋul don ġorta: aċt teilgiḋ sé maóin an ċiontaiġ seaċad.

4 An té ċumlas lé laiṁ ṁainneaċtnuiġ ṫig sé ċum boċtuine: aċd do ní láṁ an dúṫraċtaiġ sáiḋḃir.

5 An té ċruinniġios annsa tsáṁraḋ mac críonna é: aċt an té ċoḋlas annsa ḃfóġṁar is mac do ġeiḃ náire é.

6 Atá sonus ar ċeann a nfíréin: aċt folċuiḋ foiréigion béul na cciontaċ.

7 As beannuiġ cuiṁne a nfíréin: aċt loiġfiġ ainm an droċḋuine.

8 Glacfuiḋ an duine glic a ccroiḋe aiṫeanta ċuiġ: aċt tuitfiḋ an tamadán síorċainteaċ.

9 An té ṡiuḃlas go hionnruic imṫiġiḋ go daingion: aċt an té ṁillios a ṡliġṫe aiṫeontar é.

10 An té ċláonas le na ṡúil taḃuiġ sé dóbrón: aċt tuitfiḋ a nóinṁid ṡíorċainteaċ.

11 Is tobar beaṫa béul an duine ionruic: aċt folċaiġ foiréigion béul na cciontaċ.

12 Dúisgiḋ an fúaṫ imreasuin: aċt folċuiḋ an gráḋ na huile ċionta.

13 Do ġeiḃṫior eagna a mbéul an té agá mbí tuigse: aċt atá slat a ccoinne ḋroma an té ḃíos a néagṁuis tuigsiona.

14 Do níd na daoine críonna stór éoluis: aċt is fogus béul a namadáin daiḋṁilleaḋ.

15 Isé saiḋḃrios an duine ṡaiḋḃir a ċaṫair neartṁar: sí a mboċdaine scrios na mboċt.

16 Tríalluiḋ sáoṫar a nfírein ċum beaṫa: toraḋ an ċionntoiġ ċum peacaiḋ,

17 An té ċoiṁéadas teagasg atá sé a sliġe na beaṫa: aċt an té ḋíultas smaċtuġaḋ atá sé air seaċrán.

18 An té ċeilios fúaṫ lé puisíniḃ bréagaċa, agus an té laḃras scannail, is amadán é.

19 Ní ḃí díṫ peacaiḋ a niomad na mbríaṫar: aċt an té ċongṁus air a ḃéul atá críonna.

20 Is airgiod toġṫa teanga a nfíréin: is beag is fíu croiḋe an droċḋuine.

21 Beaṫuiġiḋ béul a nfíréin mórán: aċt éugaid na hamadáin do ḋíṫ eagna.

22 Do ní beannuġaḋ an TIĠEARNA, saiḋḃir, agus ní ċuirionn doilġios ar biṫ iona ċoiṁideaċt.

23 Is ait leis a namadán urċóid do ḋéanaṁ: aċt bí críonnaċt aig fear na tuigsi.

24 Tuitfiḋ eagla an droċḋuine, air féin: aċt aointeoċṫar iarratas a nfíréin.

25 Mar imṫiġios an ġáoṫ ġuáirdeáin, mar sin ni ḃíonn an droċḋuine ní sa ṁo: aċt is bunáit ṡíorruiḋe an tionnruic.

26 Mar ḃíneagra do na fíaclaiḃ agus deataċ do na súiliḃ, marsin ḃíos an lorgánaċ don druing ċuirios úaṫa é.

27 Cuiriḋ eagla an TIĠEARNA fad ar na láeṫiḃ: aċt géarrfuiġear blíaḋna an droċḋuine.

28 Dóṫċus ḃus lúaṫġáire do nfíréun: aċt raċaiḋ furaċus an droċḋuine ar meaṫ.

29 Is neart do nionruic sliġe an TIĠEARNA: aċt bíaiḋ sgrios air luċt oibriġṫe a néigceirt.

30 Ní corroċṫar an fíréan ċoiḋċe: aċt ní áitreoḃuiḋ an ciontaċ an talaṁ.

31 Do ḃeir béul an duine ċeirt críonaċt úaḋ: aċt géarrfuiġṫear amaċ an teanga ṁillteaċ.

32 Aiṫniġid puisíniġ a nfíréin cred is ionġlacṫa: aċt laḃruiḋ béul an ċiontuiġ go cam.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan