Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Seanraite 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I. A sé tosaċ agus daingniuġaḋ an ġliocuis, eagla Dé.

1 Seanraiḋe ṡolaiṁ ṁic Dáiḃi, ríġ Israel;

2 Daiṫniuġad eagna agus teasaisg; do ṫuigsin ḃríaṫra a ttuigsionaċd;

3 Do ġlacaḋ teagaisg na heagna, an ċeirt, an ḃreiṫeaṁnuis, agus an ċoṁṫruim;

4 Do ṫaḃairt géarċúise don tsimpliḋ, eóluis agus deiscréide don duine og.

5 Eístfiḋ an duine críonna, agus méideoċuiḋ sé foġluim; agus tiucfa duine tuicsionaċ ċum coṁairleaċ críonna:

6 Do ṫuicsin seanḟocail, agus dá ċíalluġaḋ; briaṫra na neagnuiḋe, agus ráite dorċa.

7 Asé eagla an TIĠEARNA tosaċ a néoluis: aċt dísbeaguid na hamadáin eagna agus teagasg.

8 A ṁic, éisd ré teagasg haṫar, agus ná tréig dliġeaḋ do ṁaṫar:

9 Oír béid síad iona ccóruġaḋ grás dot ċionn, agus na slaḃraḋuiḃ timċioll do ḃráġad.

10 A ṁic, má ḃrosduiġid peacaiċ ṫú, ná háontuiġ léo.

11 Má deirid síad, Tárr linn, cuiriom luiḋeaċán air ḟuil, luiḋiom a ḃfolaċ ar ċionn an neiṁċiontaiġ gan ċúis:

12 Sluigiom súas íad béo mar a núaiġ; agus iomlán, mar an ndruing ṫéid síos annsa ṗoll:

13 Do ġeaḃam gaċ uile ṁaóin ṁórluáiġ, líonfam ar ttiġṫe lé héadáil:

14 Teilg a steaċ do ċrannċar ar measg; bíoḋ áonsparán aguinn uile:

15 A ṁic, ná siuḃailsi annsa tsliġe léo; congṁaiḋ air hais do ċos ó na ccasán:

16 Oír riṫid a ccosa ċum uilc, agus do níd deíṫnios do ḋórtaḋ fola.

17 Go deiṁin is díoṁaóin an líon do spréaḋaġ a raḋarc eún ar biṫ.

18 Agus cuirid síad luiḋeaċán ar a ḃuil féin; luiġid a nuáignios air a nanmannaiḃ féin.

19 Mairsin atáid sliġṫe gaċ uile ḋuine dá mbí sanntaċ ċum éadála; noċ ḃeánas a nanam as a ndruing ler leis í.

20 Eíġiḋ a neagna amuiġ; léigiḋ sí amaċ a guṫ annsna sráidiḃ:

21 Eíġiḋ sí annsa náit is mó taṫuiġṫe, a noscaltaiḃ na ngeataḋ: a deir sí a briaṫra annsa ċaṫruiġ, ag raḋ,

22 Gá fad, a ḋaóine simpliḋe, ġráiḋeoċtaoi simpliḋeaċt? agus ḃías dúil ag na tarcuisneaċaiḃ iona ttarcuisne, agus fúaṫoċuid amadáin a neagna?

23 Filliḋsi re mo aċṁusánsa: féuċ, dóirtfiḋ mé amaċ mo spíorad ċugaiḃ, ḃéara mé fios mo ḃríaṫra díḃ.

24 Do ḃríġ gur ġoir mé, agus gur ḋíultaḃairsi; gur ṡín mé mo láṁ amaċ, agus naċ ttug áon duine aire;

25 Aċt do ċuireaḃair mo ċoṁairle uile a neiṁní, agus níor ḃáill liḃ maċṁusán:

26 Do ḋéana misi fós gáire fa ḃur ndonassa; do ḋéana mé magaḋ a nuáir ṫiucfas ḃur neagla;

27 A nuáir ṫiucfas ḃur neagla aṁail léirsgrios, agus ṫiucfas ḃur milleaḋ aṁuil gáoṫ ġuáirdéain; a nuáir ṫiocfas aindeisi agus cuṁgaċ oruiḃ.

28 Annsin gairfid síad orumsa, aċt ní ḟreigeora mé; íarrfuid mé go moċ, aċt ní bfaġaid síad mé:

29 Do ḃríġ gur ḟúaṫuiġeadar éolus, agus nar ṫoġadar eagla an TIĠEARNA:

30 Níor ḃáill léo mo ċoṁairlesi: do ḋísbeagadar maċṁusán uile.

31 Uimesin íosuid síad do ṫoraḋ a sliġe féin, agus líonfuiġear íad dá dtionnscantaiḃ féin.

32 Oír muirfiḋ suaiṁneas na namadán íad, agus scriosfuiḋ sonas na nóinṁideaḋ íad.

33 Aċt giḋ bé éistios riomsa, áitreoḃuiḋ sé go daingean agus biáiḋ sé suáiṁneaċ ó eagla a nuilc.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan