Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Séamas 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III Gu ḃfuil maiṫ no olc aḋḃal-mór sa ntteangaiḋ, do réir mar a ġéuḃas stiuraḋ.

1 A ḋearḃraiṫre, ná déunuiḋ iomad maiġisdreaċda, ar mbeíṫ a ḟeasa aguiḃ gur móide ar breaṫeaṁnus ġlacfamaóid.

2 Oír ciontuiġemid uile a móran do neiṫiḃ. Giḋ bé naċ cciontuiġeann a mbreiṫir, as duine diongṁálta é, lér féidir fos srían do ċur ris an gcoluinn uile.

3 Féuċ, cuirmid sríanta a mbéuluiḃ nan eaċ, ċum íad dúṁluġaḋ ḋúinn; agus do ḃeirmíd air a gcorp uile íompoġ fá gcúairt.

4 Féuċ mar an gcéudna na longa, bíoḋ go ḃfuilid ro ṁór, agus go ngluáisdear íad ré gáoṫuiḃ garḃa, fós iompoiġṫear íad fá gcuáirt ré sdíuir ro ḃig, giḋ bé ar biṫ árd a dtogrann fear na sdiúire.

5 As áṁluiḋ sin as ball beag an teanguiḋ, agus do ní morḋáil ṁór. Feuċ, créud é méud a naḋḃair lasas ré teine ḃig!

6 Agus as teine an teanguiḋ, doṁan na héugcora: as mar sin atá an teanguiḋ ar na suíġeaḋ a measg arm ball, go salċann an corp uile, agus go gcuireann air lasaḋ sdaid ar mbeaṫa ó ġeintear sinn; agus is ó ifrion lastar í.

7 Oír ceannsuiġṫear, agus do rinneaḋ ceannsa ris a nadúir ḋáonna, gaċ uile nadúir ainṁinnteaḋ nallta, agus éunlaiṫe, agus na neiṫeann ṡnáṁas an talaṁ agus a nfairrge:

8 Aċd ní héidir daóinneaċ an teanguiḋ ċeannsuġaḋ: olc dóriarṫa, lán do níṁ ṁarḃṫuiġ.

9 Do ḃeirmid ria glóir do Ḋía, agus don Naṫair; agus bímid ag mallúġaḋ na ndaóine ría, noċ do cruṫuiġeaḋ do réir ċosaṁlaċd Dé.

10 Tig mallúġaḋ agus beannúġaḋ as eun ḃéul aṁáin. A ḋearḃraiṫre, ní coir na neiṫese ḃeíṫ mar so.

11 An gcuireann tiubruid uáiṫe amaċ as éin tsliġe aṁáin uisge milis agus searḃ?

12 An féidir a ḋearḃráiṫre, do ċrann fige, cáora ċrainn ola ṫaḃairt úaḋ? nó do ċrann fíneaṁna, fígiġe? is aṁluiḋ sin naċ féidir do ṫiubruid ar biṫ uisge sáile agus fioruisge do ṫaḃairt úaḋ.

13 Cía atá na ḋuine eagnuiḋe íulṁar eadruiḃ? taisbéunaḋ sé a oibreaċa féin as a ċoinḃearsáid ṁáiṫ maille ré ceannsaċd éagna.

14 Giḋeaḋ má ḃíonn séarḃus tnúṫa agus brosduġaḋ feirge aguiḃ an ḃur gcroiḋṫiḃ, ná déunuiḋ mórḋáil, ná bréug a naġuiḋ na fírinne.

15 Ní ó neaṁ ṫig a néagnasa, aċd atá sí talṁuiġe, colluiḋe, diaḃluiḋe.

16 Oír sa náit ann a ḃfuil tnúṫ agus consbóid, bí buáiḋirt ann agus gáċ uile ḋroiċġníoṁ.

17 Aċd a néagna úd ó neaṁ atá sí glan ar tús, na ḋiáiġ sin síoṫċánta, ceannsuiġ, sóṫeaguisg, lán do ṫrócaire agus do ḋeaġṫórtuiḃ, gan ċláon, gan ḟallas.

18 Agus síolċurṫar toraḋ na fíreuntaċda a síoṫċáin do luċd déunta na síoṫċána.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan