Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Séamas 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II Naċ mar Abraham, aċd cosṁuil re creideaṁ eattrom na ndeaṁan, creideaṁ gan deaġ oibreaċuiḃ.

1 A ḋearḃraiṫre, ná bíoḋ creideaṁ ar Dtíġearna ġlórṁar Iósa Críosd aguiḃ, maille ré féuċain do ṗearsuin seaċ a ċéile.

2 Oír dá dtí neaċ a steaċ da ḃur gcoiṁṫíonól ar a mbiáiḋ fáinne óir, a néudaċ lonnraċ, agus go dtiucfuiḋ duine boċd mar an gcéudna a néudaċ ṫruáilliġe;

3 Agus go mbiáiḋ féuċain aguiḃ don tí ar a mbí an téudaċ lonnraċ, agus go naibéora siḃ ris, Suiġse sa nionad onóraċsa; agus go naibéora siḃ ris an duine boċd, Seasaiṁse ann sin ṫall, no suíġ ann so faói sdol mo ċos:

4 A né naċ ḃfuil siḃ ag breaṫnuġaḋ eadruiḃ féin, agus do rinneaḋ breiṫeaṁuin díḃ air ḋroċ smuáintiġiḃ?

5 Eisdiġ, a ḋearḃráiṫre gráḋaċa, A né nár ṫoġ Día boiċd an tsáoġailse, sáiḋḃir a gcreideaṁ, agus na noiġriġiḃ na rioġaċda noċ do ġeall sé don druing ġráḋuiġeas é?

6 Aċd tugaḃairse easonóir don ḃoċd. A né naċ déunuid na sáiḋḃir ro iomarcuiġ oruiḃ, agus a né naċ dtairrngid siḃ ċum breaṫeaṁnuis?

7 A né naċ dtaḃruid síad masla don nainm óiḋeirc as a nainmniġṫear siḃ?

8 Giḋeaḋ dá gcoiṁlíona siḃ an reaċd ríoġa do réir an sgriobtúir, Graḋuiġ do ċóṁarsa mar ṫú féin, as maiṫ do ní siḃ é:

9 Aċd má ḃíonn féuċain do ṗearsuin seaċ a ċéile aguiḃ, do ní siḃ peacaḋ, agus éiliġṫear siḃ ón réaċd mar luċd sáruiġe.

10 Oir giḋ bé neaċ ċoiṁlíonfus an reaċd uile, agus ġeuḃas tuisleaḋ a néun áiṫne aṁáin, ata sé ciontaċ ionnta uile.

11 Oír an tí a duḃairt, Ná déun aḋaltrannas, a duḃairt sé mar an gcéudna, Ná déun dúnṁarḃaḋ. Agus bíoḋ naċ ndéun tú aḋaltrannas, aċd go ndéun tú dúnṁarḃaḋ, do rinneaḋ fear sáruiġe an réaċda ḋíot.

12 Go maḋ haṁluiġ laiḃéorṫaói, agus go maḋ haṁluiḋ ḋéunas siḃ, mar an luċd ar a ndéuntar breiṫeaṁnus tré reaċd na saóirsi.

13 Oír breiṫeaṁnus gan trócaire, don tí naċ dearnaḋ trócaire; agus do ní an trócaire gáirdeaċas a naġuiḋ an ḃreiṫeaṁnuis.

14 Créd é an tarḃa, a ḋearḃráiṫre, do neaċ a ráḋ go ḃfuil creideaṁ aige, agus gan oibreaċa aige? an ḃféudann an creideaṁ a ṡáoraḋ?

15 Oir da raiḃ dearḃráṫair nó deirḃṡíur lomnoċduiġe, agus a riaċdanas na béaṫa láeṫeaṁla,

16 Agus go naibéora neaċ aguiḃse ríu, Imṫiġe róṁuiḃ a síoṫċain, goruiḋ siḃ féin agus líonuiġ ḃur mbuilg; agus gan siḃ do ṫaḃairt na neiṫeann atá na riaċdanas ar an gcolainn dóiḃ; créd é a ṫarḃa sin?

17 As aṁluiḋ sin an ċreideaṁ mar an gcéudna, muna ḃfuilid oibreaċa aige, atá sé marḃ ann féin.

18 Aċd, a déuruiḋ neaċ éigin, Atá creideaṁ agadsa, agus atáid oibreaċa agumsa: taisbéinse ḋáṁsa do ċreideaṁ a ḃféugmuis hoibreaċa, agus taisbéuneadsa mo ċreidiṁ ḋuitse as ṁoibreaċuiḃ.

19 Creidiġ tusa go ḃfuil áon Ndía ann; as maiṫ do ní tú sin: creidid na deaṁuin féin mar an gcéudna, agus crioṫnuiġid síad.

20 Aċd a ḋuine ḋíoṁaóin, an mían leaċd a ḟios dfáġáil, gur marḃ an creideaṁ gan oibreaċuiḃ?

21 A né naċ ó oibreaċuiḃ do rinneaḋ ar naṫair Abráham fíréunta, an tan dforáil sé a ṁác Isaac ar naltóir?

22 A né naċ léir ḋuit go raiḃ an creideaṁ ag coṁoibriuġaḋ maille ré na ġníoṁarṫuiḃ, agus gur ab as na gníoṁarṫuiḃ do rinneaḋ an creideaṁ diongṁálta?

23 Agus do coiṁlíonaḋ an sgriobtúir a deir, Do ċreid Abraham do Ḋía, agus do measaḋ ḋó é na ḟiréuntaċd: agus do goireaḋ Caruid Dé ḋe.

24 Ar a naḋḃarsin do ċí siḃ gur ab as oibreaċuiḃ do niṫear duine fíreunta, agus naċ as creideaṁ aṁáin.

25 Agus mar an gcéudna fós an ṁeirdreaċ Rahab, a né náċ as oibreaċuiḃ do rinenaḋ firéunta í, an tan tug sí aóiḋeaċd do na teaċdaireaḋiḃ, agus do ċuir sí uáiṫe íad a sliġe eile?

26 Oir aṁuil is marḃ an corp a ḃféugṁuis na spioruide, as aṁluiḋ sin mar an gcéudna ḃíos an creideaṁ marḃ gan oibreaċuiḃ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan