Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Séamas 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I Guram uáinn féin atá ar laige, 6 ar súaiṁneas a gcreidiṁ, 13 ar nainmúanna, agus ar bpeacaḋ.

1 Cuiriḋ Séumus, searḃḟoġantuiġe Dé agus an Tíġearna Iósa Críosd, ċum an dá ṫréiḃ ḋéug atá sgarṫa ó ċéile, beaṫa agus slainte.

2 A ḋearḃráiṫre, measuiḋ na ró ġáirdeaċas an tan ṫuitfeas siḃ a gcaiṫiġṫiḃ éugsaṁla;

3 Ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ, noiḃriġeann dearḃaḋ ḃur gcreidiṁ foiġid.

4 Agus bíoḋ obair ḋiongṁálta ag an ḃfoigid, ċum siḃ féin do ḃeiṫ diongṁálta iomlán, gan uireasḃuiḋ aóinneiṫe.

5 Agus má atá aóinneaċ aguiḃ a neasḃuiḃ éagua, íarruiḋ í air Ḋía, noċ do ḃeir go fairsing úaḋ do na huiliḃ, agus naċ déun maóiḋeaṁ; agus do ḃéurṫar ḋo í.

6 Aċd íarraḋ sé maille ré creideaṁ, gan ḃeiṫ aṁrusaċ air éunċor. Oir an tí ar a mbí aṁrus is cosṁuil é ré tuinn ḟairge ġluáisdear ris an ngaóiṫ agus ḃíos dá tiomáin a nunn san all.

7 Ná saóileaḋ an tí sin go ḃfuiġe sé aóinní on Dtíġearna.

8 Fear ḋá inntinne neaṁṡeasṁaċ na uile ṡliġṫiḃ.

9 Agus bioḋ gáirdeaċas ar an dearḃráṫair atá íseal fá é féin árduġaḋ:

10 Agus ar an tsáiḋḃir, fá é féin ísliuġaḋ: óir biáiḋ sé ag téurnóġ mar ḃláṫ na luiḃe.

11 Oír aṁuil ṡeargus an ġrían ar néirġe, an luiḃ ré teas, agus ṫuiteas a bláṫ, agus ṫéid maise a faicseana ar gcúl: is aṁluiḋ sin ṡeargfús an duine saiḋḃir ann a ṡliġṫiḃ.

12 As beannuiġe an tí iomċras caṫuġaḋ: óir tar éis a ḟaġála dearḃṫa, do ġeaḃuiḋ sé coróin na beaṫa, noċ do ġeall an Tíġearna don druing ġráḋuiġeas é.

13 Ná habraḋ éinneaċ an tan ḃíos a gcaṫuġaḋ, Is ó Ḋía ċurṫar caṫúġaḋ oram: óir ní féidir caṫúġaḋ a nuile do ċur air Ḋía, agus ní ċúireann sé caṫúġaḋ ar aóinneaċ:

14 Aċd bí gaċ áon a gcaṫúġaḋ, an tan ṫairngeas agus ḃréugan, a ainṁíana féin é.

15 Na ḋiáiġ sin ar ngaḃáíl toirrċeasa ċuige don nainṁían, beiriḋ sé peacaḋ: agus an tan, críoċnuiġṫear an peacaḋ, beiriḋ sé bás.

16 Ná bíoḋ seaċrán oruiḃ, a ḋearḃráiṫre gráḋaċa.

17 As a núas atá gaċ deaġṫaḃartus agus gaċ tíoḋlacaḋ diongṁálta, ag teaċd ó Aṫair na soillse, ar naċ dtéid aṫruġaḋ, ná fíu sgáile cláoċlóiġ.

18 As dá ṫoil féin do aiṫġin sé sinne ré bréiṫir na fírinne, ċum ḃeiṫ ḋúinn ar gcéud tórṫuiḃ ḋá ċreatúraiḃsion.

19 Uime sin, a ḋearḃráíṫre gráḋaċa, bíoḋ gaċ áon ullaṁ ċum éisdeaċda, mall ċum laḃarṫa, mall ċum feirge:

20 Oír ní oibriġeann fearg ḋuine fíréuntaċd Dé.

21 Uime sin ar gcur úaiḃ na huile neaṁġloine agus iomarcuiḋ mailíse, gáḃuiḋ ċúguiḃ maille ré ceannsaċd an ḃríaṫar atá ar na plánnduġaḋ ionnuiḃ, ler féidir ḃur nanmanna ṡlánuġaḋ.

22 Agus bíġiḋ ḃar luċd na bréiṫre ċur a ngníoṁ, agus ní ḃur luċd a héisdeaċda aṁáin, dá ḃur meallaḋ féin.

23 Oír da néisdiġ éinneaċ ris an mbréiṫir, agus naċ déun sé ḋá réir, as cosṁuil é ré duíne ḃíos ag breaṫnuġaḋ a ġnúise nadúrṫa a sgaṫán:

24 Oír ar na ḃreaṫnuġaḋ féin dó, imṫiġe roiṁe, agus ar ball dearmaduiġ sé créd bá é a ċosaṁlas féin do ḋuinne.

25 Aċd an tí ḟéuċas go grinn ar reaċd diongṁálta na saóirse, agus ċoṁnuiġeas ann, do ḃríġ naċ fear éisdeaċda dearmadaċ é, aċd fear gníoṁa do ḋéunaṁ, biáiḋ sé beannuiġe ann a ġníoṁ féin.

26 Má atá aóinneaċ eadruiḃ lér cosṁuil ḃeiṫ ríaġalta, agus naċ ccuireann srían ré na ṫanguiḋ, aċd ḃíos ag meallaḋ a ċroiḋe féin, as dioṁaóin ríaġail an tíse.

27 Ag so an ríaġail ġlan gan ċáiḋe a ḃfíadnuise Dé agus a Naṫar, Eaḋon dul dféuċain na ndileaċdaḋ agus na mbaintreaḃaċ a nám a ríaċdanuis, neaċ é féin do ċoiṁéud gan ċáiḋe ón tsáoġal.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan