Roṁánaċ 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IX Mar fúaradur na Iúduiḋe roiṁesi soċar do ṫuille ar na Geintleaċaiḃ, aṁluiḋ ḃeir Día cuiḃrionn ġrása is éifeaċdaiġ dáonduine no do ḋuine eile. 1 A deirim a nfirinne a Gcríosd, ní ḋéunuim brég, ar mbeiṫ dom ċogús ag déunaṁ fíaḋnuise ḋaṁ tres an Spiorad Náoṁ, 2 Go ḃfuil tuirsi ṁór óram agus doilġeas a gcóṁnuiḋe ar mo ċroíḋe. 3 Oír do ordeóċuinn mé féin do ḃeiṫ dealuiġṫe ó Ċríosd ar son mo ḋearḃraiṫreaċ, mo ḋáoine gáoil do réir na feóla. 4 Noċ atá na Nisrahéluiḃ; ag ar leó aṫargaḋ na cloinne, agus an ġlóir, agus an tiomna, agus órduġaḋ an reaċda, agus seirḃís Dé, agus na geallaṁnaċa; 5 Ag ar díoḃ na haiṫre, agus ó a ḃfuil Críosd do réir na feóla, atá na Ḋía ós cionn na nuile, beannaiġe go síorruiḋe. Amén. 6 Giḋeaḋ né héidir bríaṫar Dé a ḃeiṫ gan éifeaċd. Oir ní hé gaċ éunduine ṫig ó Israél, atá na Israélaċ. 7 Agus ní ar son, go ḃfuilid síad na síol ag Abraham, atáid síad uile na gcloinn: aċd, A Nisaac ainmneoċṫar ḋuit síol. 8 A sé sín ré a ráḋ, Ní híad clann na féola, clann Dé: aċd clann na geallaṁna ṁeastar mar ṡíol. 9 Oír a sí so bríaṫar na geallaṁna, Tiocfuiḋ mé fá namsa a rís, agus biáiḋ mac ag Sára. 10 Agus ní hé aṁáin; aċd Rebecca mar an gcéudna a nuáir do ṫoirċeaḋ í ó neaċ áiriġe, eaḋon Isáac ar naṫairhe; 11 Oír suil-rugaḋ na leiniḃ, agus suil do rinneadar maiṫ ná olc, ar ċor go mbíaḋ órduġaḋ Dé do réir na toġa seasṁaċ, ní ó oibreaċuiḃ, aċd ón té ġoireas; 12 A duḃraḋ ría, Go ndéanaḋ an té is seine seirḃís don té ís óige. 13 Mar atá sgríoḃṫa, Do ġráḋuiġ mé Iácob, agus do ḟúaṫuiġ mé Esau. 14 Uime sin créd a déaram? An ḃfuil éagcóir ag Día? Bíoḋ a ḃfad uáinn sin do ráḋ. 15 Oír a deir sé ré Máoise, Do ḋéana mé trócaire ar an té ar a ndéuna mé trócaire, agus do ḋéuna mé truaiḋe don té ḋá ndéunuiḋ mé truáíḋe. 16 Ar an naḋḃarsin ní ón té lér ab áill, nó on té rioṫas, atá an tóġa aċd ó Ḋía do ní trócaire. 17 Oír a deir an sgrioptúr ré Ṗaráo, Is ċuige so féin do ṫóig mé súas ṫú, ar ċor go ḃfoillseóċuinn mo ċúṁaċda ionnad, agus go ninneóstáoi mainm ar feaḋ na talṁan uile. 18 Uime sin do ní sé trócaire ar an té is áill leis, agus cruáiḋiġe sé an té is áill leis. 19 Aċd a déara tú ríom, Maseaḋ créud fá ḃfuil fearg air? Oir cía ċuir a naġuiḋ a ṫola? 20 Aċd ó a ḋuine, cía ṫusa ṫagrus a naġuiḋ Dé? A naibeóra an ní do cumaḋ ris an té do ċum é, Créd fá a ndearnuiḋ tú mé mar so? 21 A né naċ ḃfuil cúṁaċda ag ceard na críaḋ ar an gcréafóig, ionnas go ndéanaḋ sé soiṫeaċ ċum onóra, agus soiṫeaċ eile ċum neaṁonóra déanáḋḃar aṁáin? 22 Aċd má dfulaing Día, ċum a ḟeirge féin a ṫaisbéanaḋ, agus a ċúṁaċd do ḋéanaṁ follus, tré iomad foiġide le soiġṫiġiḃ na feirge hórduiġeaḋ ċum damanta: 23 Agus do ċum ḃfoillseóċaḋ sé saiḋḃreas a ġlóire féin do ṡoiṫiġiḃ na trócaire, do ullṁuiġ sé ó ṫús ċum glóire, 24 Eaḋon dúinne, noċ do ġoir sé, ní as na Iúduiḋiḃ aṁáin, aċd fós as na Cineaḋaċuiḃ? 25 Mar a deir sé fós a Noséa, Goirfiḋ mé mo ṗobal féin, don pobal nár leam; agus mo ġráḋ féin, don ṁnáoi naċ raiḃ am graḋ. 26 Agus teigeaṁuiḋ, an sa nionad a nduḃraḋ ríu, Ní siḃsi mo ṗobalsa; go ngoirfiġear sa náit ċéadna díoḃ Clann Dé ḃi. 27 Agus éiġiḋ Esaías ar Israél, Bíoḋ go mbeiṫ úiṁir ċloinne Israel mar ġaineaḋ na fairge, sléinéoċṫar a ḃfuiġleaċ: 28 Oír do ḋéaná sé cúnntas, agus cuirfiḋ sé a naiṫġearr é maille ré cóṁṫrom: óir is cúntas aiṫġearr do ḋeana an Tiġearna ar an dtalaṁ. 29 Agus amr a duḃairt Esaías roiṁe, Muna ḃfágḃaḋ Tiġearna na slúaġ siol aguinn, do ḋéantáoi sinn mar Ṡodom, agus do ḃíaḋmáois cosṁuil lé Gomorra. 30 Ar a naḋḃarsin créd a déaram? Go rugadar na Cineaċa, nár lean don ḟíréantaċd, ar an ḃfíréntaċd eaḋon, an ḟíréntaċd atá on ċreideaṁ. 31 Aċd Israhél do lean reaċd na fíréntaċda, ní rangadar go reaċd na fíréantaċda. 32 Créd uime? Do ḃriġ naċ ó ċreideaṁ, aċd mar do ḃeiṫ ó oibriġṫiḃ an reaċda do iarradar í. Oir fúaradar oilḃhéim fa ċloiċ na hoilḃéime; 33 Mar atá sgríobṫa, Féuċ, cuirim a Síon cloċ oilḃéime agus carruic ṫuisliḋ: agus giḋ bé ċreideas ann, ní ḃfuíġe sé náire. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society