Roṁánaċ 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII Saóirse agus fíor ḋóċas na ndaóine ṁaireas fa reaċd na Spioruide. 1 Ar a naḋḃarsin ní ḃfuil damnuġaḋ ar biṫ a nois don dreim atá a Niósa Críosd, naċ sioḃlann do réir na féola aċd do réir na Spioruide. 2 Oír do ṡáor dliġeaḋ Spioruide na beaṫa a Níosa Críosd misi ó dliġeaḋ an ṗeacaiḋ agus an ḃáis. 3 Oír an ní nár ḃéidir don dliġeaḋ do ḋéunaṁ, ar mbeiṫ ḋó anḃfann trés an ḃfeól, ar gcur a Ṁic féin do Ḋía ag cosaṁlaċd ċolla an ṗeacuiġ, agus ar son peacaiġ, do ḋamnuiġe sé an peacaḋ sa ccoluinn: 4 Ionnus go gcoiṁlionfuiḋe ceart an dliġe ionnuine, naċ sioḃlann do réir na colla, aċd do réir na Spioruide. 5 Oír an dream atá do réir na féola smuáintiġid síad neiṫe ḃeanas ris an ḃfeóil; aċd an dream atá do réir na Spioruide na neiṫe ḃeanas ris an Spioruid. 6 Oír is bás gliocas na feóla; aċd is beaṫa agus sioṫċáin gliocas na Spioruide. 7 Oir is náṁadus a naġuiḋ Dé gliocas na féola: óir ní úṁluiġeann sé do ḋliġeaḋ Dé, agus fós ní héidir leis. 8 Ar a naḋḃarsin an dream atá do réir na féola ní héidir leó toil Dé do ḋéunaṁ. 9 Aċd ní ḃfuiltísi do réir na féola, aċd do réir na Spioruide, má atá Spiorad Dé na coṁnuiḋe ionnuiḃ. Aċd giḋ bé naċ a ḃfuil Spiorad Ċríosd aige, ní lé Críosd an duine sin. 10 Agus má atá Críosd ionnuiḃ, atá an corp go deiṁin marḃ do ṫaóiḃ an ṗeacuiġ; aċd is beaṫa an Spiorad tré ḟiréantaċd. 11 Aċd má ċoṁnuiġeann ionnuiḃ Spiorad an té do ḋúisiġ Iósa ó ṁarḃuiḃ, an té do ḋúisiġ Críosd ó ṁarḃuiḃ béoḋaċaiġ sé ḃar gcuirp ṡó ṁarḃṫaċasa mar an gcéudna tré na Spioruidsion ċoṁnuiġeas ionnuiḃ. 12 Uime sin, a bráiṫreaċa, ní don ḟeóil, atámaóid ar ḃféiṫeaṁnuiḃ, ar ċor go gcaiṫfeaḋmaóis ar mbeaṫa do réir na féola. 13 Oír más do réir na féola ċaiṫfiḋe ḃar mbeaṫa, do ġéubṫaói bás: aċd má ṁarḃṫaói gníoṁarṫa na colla leis an Spioruid, do ġeuḃṫaói beaṫa. 14 Oír an ṁéid ṫréoruiġṫear lé Spiorud Dé, a síad clann Dé íad. 15 Oír níor ġaḃaḃair ċugaiḃ Spiorad na seirḃíse a rís ċum eagla; aċd do ġaḃaḃair ċugaiḃ Spiorad aṫarġaḋ na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Aṫair. 16 Do ní an Spioradsa fíaḋnuisi lé ar spioriodne, gur clann do Ḋía sinn: 17 Agus más clann, is oiḋriġe fós sinn; óiḋriġe gan aṁaras do Ḋía, agus coṁóiḋriġe do Ċríosd; má ḟuilngmíd a néinḟeaċd ris, ionnus go mbemís a ccóṁġlóir ris. 18 Oír measuim naċ fíu ná neiṫe ḟuilgemíd sa naimsirse a láṫair an ġlóir ḟoillséoċṫar ḋúinn. 19 Oír atá feiṫeaṁ díṫċeallaċ gaċ creatúir ag fuireaċ ré foillsiuġaḋ ċloinne Dé. 20 Oír atá an creatúir fá ṁursántaċd an dioṁaóimis, ní ḋá ṫoil féin, aċd ar son an té dó ċuir fá ṁursántaċd é, 21 A muiniġin go sáorfuiḋe an creatúir féin ó ṡeirḃís na truáilliḋeaċda go sáoirsi ġlóire ċloinne Dé. 22 Oír atá a ḟios aguinn go ḃfuil a nuile ċreatúir ag osnaiġe agus a bpéin mar ṁnaói ré cloinn má ráon rinne gus a nuáirse. 23 Agus ní hiadsan aṁáin, aċd sinne féin, agá ḃfuilid céadṫórṫa na Spioruide, bímíd ag osnaiġe ionnuinn féin, ag feiṫeaṁ re aṫargaḋ na cloinne, fúasglaḋ ar gcuirp. 24 Oír as lé dóiġ atámaóid saḃalta: aċd má ċíṫear an dóiġ ní dóiġ í: oír créd fá a mbíaḋ dóiġ ag neaċ, ris an ní do ċí sé? 25 Aċd má ḃíonn súil aguinn ris an ní naċ ḃfaicmíd, do nimíd fuireaċ tre ḟoiġid. 26 Agus is mar an gcéadna ḟóireas an Spiorad ar néagcrúasne: oír ní ḃfuil a ḟios aguinn créd do íarrfaḋmaóis a nurnuiġe mar buḋ cóir: aċd do ní an Spiorad féin urnuiġe air ar son lé hosnaiḋiḃ dó-innse. 27 Aċd atá a ḟíos ag sgrúdaiġeóir na gcroiḋeaḋ cred é toil na Spioruide, óir is do réir ṫola Dé ġuiḋeas sé ar son na náoṁ. 28 Agus atá a ḟios aguinn go gcoṁoibriġeann gaċ uile ní ċum maiṫeasa do na daóiniḃ ġráduiġeas Día, noċ atá ar na ngairm do reir a órduiġesion. 29 Oír an dream do réuṁaiṫin sé, do réuṁórduiġ sé a mbeiṫ coṁċosṁuil díoṁaiġ a Ṁic féin, a ċor go mbeiṫ seisean na ċédġein éidir ṁórán dearḃraṫar. 30 Agus an dream do ṫoġ sé roiṁ láiṁ, do ġoir sé íad mar an gcédna: agus an dream do ġoir sé, do ṡáor sé íad mar an gcéudna: agus an dream do ṡáor sé, tug sé glóir ḋóiḃ mar an gcéudna. 31 Uime sin créd a déaram fa na neiṫiḃsi? Ma atá Día linn, cia ḟéadus ḃeiṫ ar naġuiḋ? 32 An té nár ċoigill a Ṁac díleas féin, aċd tug air ar soinne uile é, cionnas naċ ttioḋluicfeaḋ sé ḋúinn gaċ uile ní maille ris? 33 Cía ċuirfeas coirṫe a naġuiḋ ḋáoine toġṫa Dé? A sé Día ṡáoras. 34 Cía ḋaimeónas? Críosd fúair bás, agus fós, do rinne a neiséiriġe, noċ atá ar deis Dé, agus fós ġuiḋeas air ar soinne. 35 Cía ḋealóċus sinn ó ġráḋ Ċríosd? Trioblóid, nó aṁgar, nó díbeirt, nó gorta, nó lomnoċduiġe, nó peiríacuil, nó cloiḋeaṁ? 36 (Mar atá sgrioḃṫa, Is ar do ṡonsa ṁarḃṫar sinn ar feaḋ an láoi; atámáoid air ar meas mar ċáorċa ré huċd a marḃṫa.) 37 Aċd, buáiḋemíd ionnta so uile trés an té do ġráḋuiġ sinn. 38 Oír atá a ḋeirḃḟios agam, naċ búḋ héidir lé bás, na lé beaṫa, na lé haingliḃ, ná lé húaċdaranaċuiḃ, ná lé cúṁaċduiḃ, ná leis na neiṫiḃ atá do láṫair, ná leis na neiṫiḃ atá ċum teaċda, 39 Ná lé hairde, ná lé doiṁne, ná lé creatúr ar biṫ eile, sinne ḋéaluġaḋ ó ġráḋ Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtiġearna. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society