Roṁánaċ 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VII Gu ḃfuil duine marḃ don réaċd (noċ ḟéuċas a ċoire ḋó, naċ eidir leis a ċlaói, tré ċaṫ na mbaill re na inntinne;) 25 aċ beó tré ċreidiṁ Ċríosd. 1 A ne naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ, a ḋearḃraiṫre, (óir as ris an luċd agá ḃfuil fios an reaċda laḃruim,) go ḃfuil cúṁaċda ag an reaċd ar ḋuine ar feaḋ a ṡáoġail? 2 Oir an ḃean atá pósda ré fear atá sí ceangailte ḋé feaḋ a ṡáoġail do réir an reaċda; giḋeaḋ dá ḃfáġaḋ a fear bás, atá sise sáor ó reaċd a nfir. 3 Uime sin ré sáoġal a fir dá raiḃ sí ag fear éile, goirfiġṫear meirdreaċ ḋí: giḋeaḋ dá ḃfaġaiḋ a fear bás, atá sí sáor ón reaċd; ionnus naċ meirdreaċ í, ar son í ḃeiṫ ag fear eile. 4 Ar a naḋḃarsin, a ḃraiṫreaċa, atá siḃse leis marḃ don reaċd tré ċorp Ċríosd; ionnus go mbíaḋ siḃ ag fear eile, eaḋon, ḋosan noċ do tógḃaḋ súas ó ṁarḃaiḃ, ċum sinne toraiḋ ṫaḃairt do Ḋía. 5 Oír tan do ḃámair sa ḃfeóil, do ḃioḋ míangus na bpeacaḋ, trés an reaċd, ag oibriuġaḋ ann ar mballaiḃ ċum toraiḋ do ṫaḃairt ċum báis. 6 Aċd a nois atámaid air ar sáoraḋ ón reaċd, ar mbeiṫ don ní lér congṁaḋ sinn marḃ; ionnus go ndéanamaóis seirbís a nuáiḋeaċd na spioráide, agus ní an narsaiġeaċd na leitre. 7 Ar a naḋḃarsin créud a déuram? A né gur peacaḋ an reaċd? nar léige Día sin. Giḋeaḋ, ní raiḃ fios peacaiġ agum aċd trés an reaċd: oír ní ḃíaḋ éolus air mbíangus agum, muna nabraḋ an reaċd, Na bioḋ míanġus ort. 8 Agus ar ngaḃáil ċionfáṫa don ṗeacaḋ, trés a naiṫne, do oibriġ sé íonnum gaċ uile ġné ṁíanġuis. Oir a ḃféugṁuis an reaċda do ḃi an peacaḋ marḃ. 9 Agus do ḃí misi ar uáiriḃ beó a ḃféugṁais an reaċda: aċd ar dteaċd do náiṫne, do aiṫḃéoḋaiḋ an peacaḋ, agus fuáir misi bás. 10 Agus a náiṫna úd, do hórduiġeaḋ ċum beaṫa, fríṫ ḋaṁsa í ċum báis. 11 Oír ar ngaḃáil ċionfáṫa don ṗeacaḋ, trés a naiṫne, do ṁeall sé mé, agus lé sin do ṁarḃ sé mé. 12 Ar a naḋḃarsin atá an reaċd gan aṁarus náoṁṫa, agus a náiṫne náoṁṫa, agus coṁṫrom, agus maiṫ. 13 Uime sin an ḃfuil a ní maiṫ ar na ḋéunaṁ na ḃás ḋáṁsa? nar léigiḋ Día sin. Aċd an peacaḋ, ionnus go ṁíaḋ sé follus na ṗeacaḋ, doibriġ sé bás ionnum trés a ní maiṫ; do ċum go mbíaḋ an peacaḋ na ṗeacaḋ áiḋḃéileaċ trés a náiṫne. 14 Oir atá a ḟios aguinn go ḃfuil an reaċd sbioradálta: aċd atáimse collaiġe, ar mo reic faói ṗeacaḋ. 15 Oir ní ṫuigim an ní do ním: óir ní hé an ní is mían ríom, do ním; aċd a ní fúaṫaiġim, a sé do ním. 16 Agus má sé a ní naċ mían riom do ním, tigim ris an reaċd gur maiṫ é. 17 Ar a naḋḃarsin ní misi feasda do ní é, aċd an peacaḋ ċoṁnaiġeas ionnum. 18 Oír atá a ḟios agam, naċ ḃfuil maiṫ ar biṫ na coṁnuiḋe íonnum, eaḋon am ḟeóil: óir ata an toil a ḃfogus daṁ; aċd ní ḟaġuim sliġe ar biṫ ċum na maiṫeasa do ċríoċnuġaḋ. 19 Oír ní ḋéanuim an ṁaiṫ is mían riom: aċd an tolc naċ mían riom, a sé do ním. 20 Agus má nímse a ní naċ mían riom, ní misi do ní é feasda, aċd an peacaḋ ċoṁnuiġeas ionnum. 21 Ar a naḋḃarsin do ġeiḃim dliġeaḋ, an tan is mían riom maiṫ do ḋéanaṁ, go ḃfuil an tolc do laṫuir agam. 22 Oír atá fonn agam a reaċd Dé do réir an duine táoḃ asdiġ: 23 Aċd do ċím reaċd eile ann mo ḃallaiḃ, ag caṫuġaḋ a naġaiḋ reaċda minntinne, agus dom ṫaḃairt a mbruid do reaċd an ṗeacaiḋ noċ atá am ḃallaiḃ. 24 Uċ mo ṫrúaiġe um ḋuine truailleánta! cía ṡáorfus mé ó ċorp an ḃáis so? 25 Beirim buíḋeaċus ré Día tré Iósa Críosd ar Dtiġearna. Uime sin do nímse go deiṁin am intinn seirḃís do reaċd Dé; aċd am ḟéoil reaċd an ṗeacaiḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society