Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Roṁánaċ 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil III O ṡaruiġ na Iuduiġe an reaċd, 28 sé creideaṁ is didean dóiḃsi, agus do na Cineaḋaċaiḃ.

1 Maseaḋ cred é an bárr atá ag an Iúduiḋe? nó créd é tarḃa an timċeallġearrṫa?

2 Is mór é ar gaċ áonċor: a ċéadúair, do ḃríġ gur ríusan do ṫáoḃaḋ ḃríaṫra Dé.

3 Oír créd é an ċúis má nár ċreideadar dream áiriġe ḋíoḃ? a ndéuna a neaṁċreideaṁsan fírinne Dé gan eifeaċd?

4 Nár léige Día sin: aċd, bíoḋ Día fírinneaċ, agus gaċ uile ḋuine bréugaċ; mar atá sgríoḃṫa, Ar ċor go sáorfuiḋe ṫú ad ḃríaṫruiḃ, agus go mbearṫa buáiḋ an tan ḃeireas tú breiṫ.

5 Aċd má neartuiġeann ar néagcóirne cóir De, créd a déaram? An ḃfuil Día éagcóraċ do ní dioġaltus? (mar ḋuine laḃruim.)

6 Nár léige Día sin: oir don táoḃ eile cionnas ḃias Día na ḃreiṫeaṁ ar a tsáoġal?

7 Oír má ṁéudaiġe fírinne Dé trém ḃréigsi ċum a ġlóiresion; créd fá a ndamantar misi fós mar ṗeacṫaċ?

8 Agus créd fá naċ déanámaoid uile, ionnus go dtiocfaḋ maiṫe ḋíoḃ, (do réir mar ṁaslaiġṫear sinne, agus mar a deirid dáoine áiriġe) ar a dtig damnúġaḋ ó ċeart, go nabramáoid?

9 Créd eile má seaḋ? an ḃfuilmídne ag breiṫ ḃáirr? Ní ḃfuilmíd, ar éanċor: óir do ṡuiġeamar roiṁe so na Iúduiġe agus na Gréaguiġ uile, do ḃeiṫ fá ṗeacaḋ;

10 Mar atá sgríoḃṫa, Ní ḃfuil firéun ann, fós, ní ḃfuil, áonnduine:

11 Ní ḃfuil neaċ ann ṫuigeas, ní ḃfuil neaċ íarrus Día.

12 Do ċláonadar uile, atáid síad a néinḟeaċd ar na ndéunaṁ míṫarḃaċ; ní ḃfuil neaċ ann do ḋéunaḋ maiṫ, ní ḃfuil, go héinneaċ.

13 As uáiṁ osguilte a sgórnaċ; do rinneadar meaḃail lé na dteangṫuiḃ, atá neiṁ na naiṫreaċ neiṁe fa na bposuiḃ:

14 Agá ḃfuil a mbéul lán do ṁallaċdaiḃ agus do ṡearḃas:

15 Atáid a gcosa lúaṫ ċum fola ḋórtaḋ:

16 Agá ḃfuil briseaḋ croíḋe agus anṡóġ ann a sliġṫiḃ:

17 Agus nior aiṫniġeadar sliġe na sioṫċána:

18 Ní ḃfuil eagla Dé a ḃfiaḋnuisi a súl.

19 Agus atá a ḟios aguinne giḋ bé ar biṫ neiṫe a deir an dliġeaḋ, gur ris a ndreim atá fán dliġeaḋ laḃrus sé: ionnus go dtoċdfuiḋ gaċ uile ḃéul, agus go mbeiṫ an doṁan uile cionntaċ do breiṫeaṁnus Dé.

20 Ar a naḋḃarsin ní ṡáorfuiḋṫear éinneaċ na ḟíaḋnuisision ó oibriġiḃ an dliġe: óir is trés an dliġeaḋ tig aiṫne an ṗeacuiġ.

21 Aċd a nois a néagṁuis a dliġe atá ceart Dé ar na ḋéunaṁ follas, ar na ḋearḃaḋ lé fíaḋnuisi an dliġe agus na ḃfáiḋeaḋ;

22 Ceart Dé a deirim tré ċreideaṁ Iósa Críosd dá gaċ áonduine agus ar gaċ áon ċreideas: óir ni ḃfuil eidirḋéaluġaḋ ann:

23 Oir do ṗeacaiġ a nuile ḋuine, agus atáid a négṁuis ġlóire Dé;

24 Agus atáid ar na sáoraḋ a naisgiḋ ré na ġrásuiḃsean trés an ḃfúasglaḋ do rinneaḋ lé Híosa Críosd:

25 Noċ do órduiġ Día na ċeann réiġtiġ tré ċreideaṁ ann a ḟuil, ċom a ḟíréantaċda dfoillsiuġaḋ, tré ṁaiṫṁeaċas na bpeacaḋ do ċuáiḋ ṫaruinn, a ḃfoiġid Dé;

26 Ċum a ḟiréantaċda féin dfoillsiuġaḋ ann sa naimsirsi do laṫair ionnus go mbíaḋ sé féin ceart, agus go sáorfaḋ sé an té atá do ċreideaṁ Iósa.

27 Ar a naḋḃarsin cáit a ḃfuil an ṁórḋháil? Atá sí ar na cur amaċ. Cía an dliġeaḋ? an tré ḋliġeaḋ na noibreaċa? Ní heaḋ, aċd tré ḋliġeaḋ an ċrediṁ.

28 Measamuid ar a naḋḃarsin gur lé creideaṁ ṡáorṫar an duine a néagṁuis oibreaċ an dliġe.

29 An leis na Iúdaiġiḃ aṁáin Día? a né naċ leis na Cineaḋaċuiḃ é mar an ccéadna? Go deiṁim a sé Día na Gcineaḋaċ é leis:

30 Oír is éin Ndía ṡáorfas an timċeallġearraḋ ó ċreideaṁ, agus an neaṁṫimċeallġearraḋ tré ċreideaṁ.

31 Uime sin a ndéunmáoid an dliġeaḋ neaṁṫaḃaċdaċ tré san gcreideaṁ? Nár léige Día sin: aċd fós, neartuiġemíd an dliġeaḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan