Roṁánaċ 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIII Uṁlaċd, íonṫaḃarta dúaċdáranaiḃ cneasta, 4 ag caiṫreaṁ ar ceirte, 8 agus gráḋ do gaċ aónduine. 1 Bioḋ gaċ uile anum úṁal do na cúṁaċdaiḃ atá ós a ċionn. Oír ní ḃfuil cúṁaċda ar biṫ aċd ó Ḋía: agus na cúṁaċda atá ann as ó Ḋía do hórduiġeaḋ íad. 2 Ar a naḋḃarsin giḋ bé ar biṫ ċuireas a naġaiḋ an ċúṁaċda, cuiriḋ sé a naḋaiġ órdaiġe Dé: agus an dream ċuireas iona aḋaiġ gaḃaid damnuġaḋ ċuca féin. 3 Oír ní ḃí eagla roiṁ úaċdaránaiḃ ar son ḋeiġġnioṁarṫaḋ, aċd ar son ḋroiċ ġnioṁarṫaḋ. Uime sin an mían riot ḃeiṫ gan eagla an ċúṁaċda ort; déuna maiṫ, agus do ġéuḃa tú molaḋ uáḋ: 4 Oír a sé searḃḟoġantuiḋe Dé é ċum do ṁaiṫeasasa. Aċd dá ndéarnaiḋ tú olc, bíoḋ eagla órt; óir ní go dioṁáoineaċ iomċras sé an cloiḋeaṁ: óir a sé searḃḟoġantuiḋe Dé é, na ḋioġaltóir feirge ar an tí do ní olc. 5 Uime sin as éigean ḃeiṫ úṁal, ní deagla feirge aṁáin, aċd fós ar son coinnsiáis. 6 Oír is uime so íocas siḃ cánaċus: do ḃríġ gur searḃḟoġantuiġeaḋa do Ḋía íad, ag déunaṁ a ndiṫċill sa ní ċéudna. 7 Ar a naḋḃarsin taḃruiḋ a nduálġus do na huile ḋáoiniḃ: cánaċus don tí dar dúal cánaċus; cusdum dom tí dar dúal cusdum; eagla ré san tí ré ar coir eagla; onóir don tí dar cóir onóir. 8 Ná bíoḋ fíaċa ag áoin neaċ oraiḃ, aċd aṁáin siḃ féin do ġráḋuġaḋ a ċeile. (Oír an tí ġráḋaiġeas a ċóṁarsa do ċoiṁlíon se an dliġeaḋ.) 9 Oír na naiṫeantasa, Na déuna aḋaltrannus, Na déuna dúnṁarḃaḋ, Na déuna goid, Na déuna fíaḋnuisi ḃréige, Na déuna saint; agus gaċ aiṫne eile ḋa ḃfuil ann, atáid go haiṫġearr fá ḃriġ an ráiḋ so, eaḋon, Gráḋaiġ do ċoṁarsa mar ṫú féin. 10 Ní ḋéanann gráḋ olc don ċoṁarsain: ar a naḋḃarsin a sé an gráḋ coiṁlionaḋ an dliġe. 11 Agus sin, ré meas na haimsire, gur miṫiḋ ḋúinn a nois músglaḋ ó ċodlaḋ: óir is goire ḋúinn a nois ar slanuġaḋ na a nuáir do ċreideamar. 12 Do ċuáiḋ a noiḋċe ṫorainn, agus do ḋruid an lá rinn: uime sin teilgeam uáinn oibreaċa an dorċaduis, agus cuireann umainn éideaḋ an tsolais. 13 Síuḃlam go cuḃaiḋ aṁáil sa ló; ní a gcráos ná a meisge, ná a seómradóireaċd ná a macnus, ná a gceannarraic ná a dtnúṫ. 14 Aċd cuiriḋ umuiḃ an Tiġearna Iósa Críosd, agus ná bíoḋ cúram na colla oraíḃ, a míangusuiḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society