Roṁánaċ 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XII Ata aḋra úṁal Dé, maílle re graḋ ċarad agus náṁad, fúagarṫa orrainn trid ṡompla ṫrócaire Ċríosd. 1 Ar a naḋḃarsin sirim daṫċuinge oraiḃ, a ḋearḃraiṫreaċa, tré trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫaḃairt na ḃéo-ioḋbairt, náoṁṫa, geanaṁail do Ḋía, ḃur seirḃís réusúnta. 2 Agus na cumaiḋ siḃ féin ris an tsáoġalsa: aċd cuiriḋ siḃ féin a naṫarraċ croṫa ré haṫnúaḋuġaḋ ḃur ninntinne, ionnus go mbíaḋ a ḋearḃ aguiḃ créud í toil ṁaiṫ, ġeanaṁuil, ḋiongṁála Dé. 3 Oír a deirim, ré gaċ áon eadruiḃse, trés an ngrás do tugaḋ ḋaṁ, gan ġaḃáil ré a ais ní do ṫuigsin ós cionn a neiṫe is iomċuḃaiḋ ḋó do ṫuigsin; aċd a ṫuigsi do ḃeiṫ réir ṁeasarrḋaċda, aṁail as do roinn Día ré gaċ áoinneaċ miosúr creidiṁ. 4 Oír do réir mar atá iomad ball aguinn a néunċorp aṁáin, agus naċ éunoifig aṁáin atá ag na huile ḃallaiḃ sin: 5 As mar an gcéudna, atámaóidne morán, ar néanċorp a Gcríosd, agus gaċ áon fo leiṫ ar ṁallaiḃ agá ċéile. 6 Uime sin ar mbeiṫ do ṫioḋlaiciḃ éugsáṁla aguinn do réir na ngrás tugaḋ ḋúinn, más fáiḋedóireaċd atá aguinn, déanam faiḋedóireaċd do réir ṁéud an ċreidiṁ; 7 Nó más oifig atá aguinn, tugam aire don oifig: nó an té ṫeaguisgeas, tugaḋ aire ḋa ṫeagusg; 8 Nó an té do ḃeir foirceadal úaḋa, tugaḋ aire ḋá ḟoirceadal: an tí roinneas an déirc, roinneaḋ í maille ré neaṁurċóid; an tí agá ḃfuil ceannus ós cionn ċáiċ, déunaḋ é maille ré dúṫraċd; an tí do ní trócaire, déunaḋ í maille ré súḃaċus. 9 Bíoḋ ḃur ngráḋ gan ċeilg. Bíoḋ gráin agaiḃ ar a nolc; agus ceangluiġ don ṁaiṫ. 10 Bíoḋ toil aguiḃ ḋá ċéile maillé ré gráḋ bráiṫreaṁuil; ag taḃairt onóra uáiḃ gaċ áon ag dul roiṁe a ċéile; 11 Ná bíġiḋ leisgeaṁuil a ngnoṫuiġiḃ; Bíġiḋ ar fiuċaḋ ann ḃur spioraid; ag déanaṁ seirḃísi don Tiġearna; 12 Ag déunaṁ gáirdeaċais tré ḋóṫċas; foiġideaċ a mbuáiḋearṫuiḃ; cóṁnuiġeaċ a núrnaiġe; 13 Ag cóṁroinn ris na náoṁaiḃ iona ríaċdanusaiḃ; ag gnáṫuġaḋ luċd áoiḋeaċda do ġlacaḋ. 14 Taḃruiḋ ḃur mbeannaċd don dreim ḋíḃreas síḃ: taḃruiḋ ḃir mbeannaċd dóiḃ, agus na malluiḋe íad. 15 Bíoḋ gairdeaċus oráiḃ ma ráon ris an muinntir ar a ḃfuil gairdeaċus, agus bígiḋ ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi. 16 Go maḋ háontoil ḋíḃ ré ċéile. Ná bígiḋ áirdinntinneaċ, aċd cumaiḋ siḃ féin ris a ndreim is ísle. Nó biġiḋ glic ann ḃur mbaraṁluiḃ féin. 17 Na déanaiḋ olc a naġaiḋ uilc ar éainneaċ. Bíoḋ cúram na neiṫeann maiṫ oraiḃ a ḃfíaḋnuise na nuile ḋáoine. 18 Mas féidir é, an ṁéid ṫig ḋíḃsé ḋe, bíoḋ síoṫċáin agaiḃ ris na huile ḋaóiniḃ 19 A ċairde gráḋaċa, ná déunaiḋ dioġaltus ar ḃur son féin, aċd fanaiḋ ris an ḃfeirg: óir atá sgríoḃṫa, Is leamsa an dioġaltus; do ḃéura mé cúitiuġaḋ uáim, a deir an Tiġearna. 20 Uime sin dá raiḃ ocarus ar do náṁuid, taḃair bíaḋ ḋó; dá raiḃ tart air, taḃair deoċ ḋó: óir tré so do ḋéunaṁ ḋuit carnfuiḋ tú gríosaċ ar a ċeann. 21 Na beireaḋ an tolc buáiḋ ort, aċd beirse buáiḋ ar a nolc ré maiṫ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society