Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Roṁánaċ 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XI Ata fuiġoill do ṫoraḋ Israel ar na dtoġa; 16 aċd iompoċṫar fos lanṫoraḋ ḋíoḃ.

1 Uime sin fíafruiġim, Nar ṫeilg Día a ṗobal féin úaḋa? Nár léige Día sin. Oír is Israélaċ misi féin, do ṡlioċd Abraham, do ṫreiḃ Ḃeniamin.

2 Níor ṫeilg Día uáiḋ a ṗobál fein do aiṫin sé ó ṫús. A né náċ ḃfuil a ḟios aguiḃ créd a deir an scrioptúr a dtimċeall Elías? Cionnas do ní sé casáoid ré Día a naġaiḋ Israél, ag ráḋ,

3 A Tiġearna, do ṁarḃadar ṫfaiḋe, agus do leagadar síos haltóraċa; agus do fáfḃaḋ misi am áonar, agus atáid síad ag íarruiḋ manma.

4 Aċd créd é an ḟreagra do ḃeir Día air? Do ċoiṁéd mé ḋaṁ féin seaċd mile fear, nár ḟill a nglúine do Ḃaal.

5 Ar a naḋḃarsin ís mar sin do fágḃaḋ fáoilleaċ ann sa naimsirsi do réir ṫoġṫa na ngrás.

6 Agus más tré ġrás, ní ó oibriġṫiḃ atá sé feasda: nó ní grás an grás uáiḋ sin amaċ. Aċd más ó oibriġṫiḃ, ní grás é as sin súas: nó ní hobair a nobair feasda.

7 Créd eile máseaḋ? an ní íarrus Israél ní ḟuáir sé é; aċd fúaradar na dáoine toġṫa é, agus do dallaḋ an ċuid eile.

8 Mar atá sgríoḃṫa, Tug Día spiorad ċollataċ ḋóiḃ, súile ċum naċ ḃfaicfedis, agus clúasa ċum naċ ccluinfedís; gus a niuġ.

9 Agus a deir Dáiḃi, Bíoḋ a mbórd mar ḋúl, agus mar ġléus gaḃála, agus mar aḋḃair oilḃéime, agus mar ṁalairt dóiḃ:

10 Bíoḋ a súile dall, ċum naċ ḃfaicfiḋ síad, agus cromsa a ndromanna a gcoṁnuiḋe.

11 Uime sin fíafraiġim, An ḃfúaradar tuisleaġ ċum go dtuitfedís? nar léigiḋ Día sin: aċd sé a dtuitimsion slánuġaḋ na Ccineaḋaċ, ċum tnúṫa do ċur orrṫasan.

12 Agus más é a dtuitimsion saiḋḃreas an doṁain, agus a laġduġaḋ saiḋḃreas na Gcineaḋaċ; a né naċ mó ná sin a líonṁuireaċd?

13 Oír is riḃsina Cineaḋuiḃ laḃruim, do ḃríġ gur me easbal na Gcineaḋaċ, onóruiġim moifig féin:

14 Dá ḟéuċuin an ḃféudfuinn ar ċor ar biṫ tnúṫ do ċur ar mo ċoṁġáol féin, agus cuid éigin díoḃ do ṡlanuġaḋ.

15 Oír más é ndíultaḋsan is réiteaċ don doṁan, créd é a naṫġaḃáil, aċd beaṫa ó ṁarḃuiḃ?

16 Oír má atáid na céadṫórrṫa náomṫa, atá an ċuid eile náoṁṫa mar an gcéudna: agus má atá an ḟréaṁ náoṁṫa, atáid na géuga leis.

17 Aċd má atá cuid éigin do na géuguiḃ ar na ngearraḋ ḋe, agus gur cuireaḋ ṫusa na nionad, agus gur roinneaḋ fréaṁ agus súġ ċroinn na hola fíre riot, ar mbeiṫ ḋuit, ad ċrann ola ḟíaḋáin;

18 Ná bíoḋ uáill ort a naġuiḋ na ngég. Aċd ma ḃíonn uáill ort, ní tusa iomċras an ḟréaṁ, aċd an ḟréaṁ ṫusa.

19 Uime sin a déara tú, Do gearraḋ na géuga ḋe, ċum go bplainntéoċṫáoi misi ná náit.

20 Is maiṫ sin; is tré ṁíċreideaṁ do gearraḋ íad, agus seasuiġ tusa tré ċreideaṁ. Ná bí áirdinntinneaċ, aċd bioḋ eagla ort.

21 Oir ma nar ċoigill Día na géuga nadúrṫa, dob éidir naċ ccoigéolaḋ sé ṫusa mar an gcéadna.

22 Ar a naḋḃarsin taḃair dod aire toirḃeartas agus buirbe Dé: a ḃuirbe, do ṫáoḃ na muinntire do ṫuit; aċd a ṫoirḃeartas, duitsi, dá ḃfana tú ann a ṫoirḃeartus: nó gearrfuiḋear ṫusa mar an gcéudna.

23 Agus plainndéoċṫar íad súd a rís, aċd muna ḃfanuid síad a míċreideaṁ: óir is éidir lé Día a gcur a steaċ a rís.

24 Oír má gearraḋ ṫusa don ċrann ola do ḃí fiaḋáin ó naduir, agus gur cuireaḋ ṫusa a naġuiḋ nádúra a gcrann na fíorola: a né naċ mó na sin, ċuirfiḋṫear na géugasa atá nadúrṫa, ann a gcrann ola féin?

25 Oír ní háill leam, a ḃráiṫreaċa, ainḃfios na seicréidesi do ḃeiṫ oruiḃ, (do ċum naċ bíaḋ siḃ glic ann ḃur mbaraṁluiḃ féin;) go dtárrla daille air ċuid Díosráel, nó go dtí iomláine na Gcineaḋaċ a steaċ.

26 Agus mar sin sláineoċṫar Isráel uile: mar atá sgrioḃṫa, Tiocfa an Fear sáorṫa as Síon, agus fillfiḋ sé neaṁḋíaḋaċd ó Iácob:

27 Agus a sé so mo ċunnraḋ ríu, an tan ṫoigéuḃas mé a bpeacuiġ úaṫa.

28 Uime sin do ṫáoḃ an tsoisgéil, atáid síad na náiṁdiḃ ar ḃur sonsa: aċd do ṫáoḃ na toġṫa, atáid síad gráḋaiġe ar son na naiṫreaċ.

29 Oír atáid tioḋlaice agus gairm Dé gan aiṫreaċus.

30 Oír do réir mar naċ ttugaḃairse a nallód úṁlaċd do Ḋía, agus fúaraḃair trócaire a noís tré na neasúṁlaċdsan:

31 As mar an gcéudna a nois níor ċreideadarsan, da ḃur dtrócairesi ionnus go ḃfuiġedís féin trócaire mar an gcéudna.

32 Oír do ḋúin Día íad uile a neaṁċreideaṁ, do ċum trócaire do ḋéunaṁ orrṫa uile.

33 O créd e doíṁne ṡaiḋḃris éagna agus éolais Dé! Créd é deacraċd a ḃreiṫeaṁnuis do ċúartuġaḋ, agus lorg a ṡliġeaḋ do leanṁuin!

34 Oír cía agá raiḃ fios inntinne an Tiġearna? nó cía ba coṁairleaċ ḋó?

35 Nó cía ṫug ḋó ní ar tús, agus do ġéuḃaiḋ sé a ċúitiuġaḋ leis?

36 Oír is úaḋasan, agus ṫrídsion, agus ar a ṡonsan atáid na huile neiṫe: glóir ḋó féin go síorruiḋe. Amén.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan