Roṁánaċ 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil X Gu bfuil fireactaċt an dliġe, sa nduine, agus a Nisrael aṁain: aċd fireactaċt an ċreidiṁ, a Ccriosd, ag roċtain na nuile ċineaḋ. 1 A Ḃraiṫre, go deiṁin atá deaġṫoil mo ċroiḋe agus murnuiġe ċum Dé ar son Isráel, ċum a slánniġṫe. 2 Oír do ním dfiaḋnuisi ḋóiḃ go ḃfuil teas ġráḋa Dé aca, aċd ní do réir éoluis. 3 Oir ar mbeiṫ ainḃfeasaċ ḋóiḃ a ḃfiréantaċd Dé, agus ag íarruiḋ a ḃfireantaċd féin do ṡeasaḋ, níor ísliġeadar íad féin dfiréantaċd Dé. 4 Oír a sé Críosd foirċeann an reaċda ċum fíreantaċda dá gaċ áon a ċreideas. 5 Oír sgríoḃuiḋ Máoise ar an ḃfíreantaċd ṫig ón reaċd, Giḋ bé duine ḋéanus íad mairfiḋ sé tríoṫa. 6 Aċd an ḟíréantaċd ṫig ó ċreideaṁ is mar so a deir sí, Na haḃair ann do ċróiḋe féin, Cía raċas súas ar neaṁ? is ionann sin, agus Críosd do ṫaḃairt a núas: 7 Nó, Cía raċas síos don duḃaigén? is ionann sin, agus Críosd do ṫaḃairt a rís ó ṁarḃuiḃ. 8 Aċd créd a deir sí? Atá an ḃríaṫar a ngar ḋuit, ann do ḃéul, agus an do ċroiḋe: a sí so, bríaṫar an ċreidiṁ, do nimíd do ṡeanmóir; 9 Eaḋon dá nadṁa tú ód ḃéol an Tiġearna Iósa, agus dá gcreide tú ad ċróiḋe gur ṫóg Día é ó ṁarḃuiḃ, sláinéoċṫar ṫú. 10 Oír is ris an gcróiḋe ċreidṫear ċum fíréantaċda; agus leis an mbéul do níṫear adṁáil ċum slánaiġe. 11 Oír a deir an sgríoptúr, Giḋ bé ċreideas annsan ní ḃfuiġe sé náire. 12 Oír ní ḃfuil diṫfir ar biṫ eidir an Iúduiḋe agus an Gréugaċ ann: óir is éin Tiġearna ḋóiḃ uile atá saiḋḃir dá gaċ uile ḋuine ġuiḋeas é. 13 Oír giḋ bé duine ġuiḋfeas ainm an Tiġearna, sláinéoċṫar é. 14 Aċd cionnas ġuiḋfid síad an té ann nar ċreideadar? agus cionnas ċreidfid síad ann sa té naċ ccúaladar teaċd ṫairis? Agus cionnas ċluinfid síad gan seanmóntuiġ? 15 Agus cionus do ḋéanuid siad seanmóir, muna ċuirtear ċuige íad? Mar atá sgríoḃṫa, O créd é bréaġaċd ċos na muinntire ṡoisgéulas an tsioṫċain, ṡoisgéulas neiṫe maiṫe! 16 Aċd níor úṁluiġeadar uile don tsoisgéul. Oir a deir Esaías, A Ṫiġearna, cía ċreid dar seanmóirne? 17 Uime sin is tré éisdeaċd ṫig an creideaṁ, agus an téisdeaċd tré ḃréiṫir Dé. 18 Aċd a deirimse, A né naċ ccúaladar? Do ċuáiḋ a ḃfuáim go deiṁin fá gaċ uile ṫalaṁ, agus a mbríaṫra go leiṫimeal an doṁain. 19 Aċd a deirim, A né náċ raiḃ a ḟios ag Israél? A deir Máoisi ar tús, Cuirfiḋ mé tnúṫ oruiḃ lé cineaḋ naċ ḃfuil na ċineaḋ, le cineaḋ míoṫuigseaċ cuirfiḋ mé fearg oruiḃ. 20 Agus atá Esaías dána, agus a deir sé Fríṫ mé leis a ndréim naċ ar íarr mé; Do rinneaḋ follus mé don dreim nár íarr mo ṫúarasgḃáil. 21 Aċd a deir sé a naġuiḋ Israél, Do ṡín mé amaċ mo láṁa feaḋ an láoi ċum pobuil easúṁuil laḃrus am aġaiḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society