Psailm 97 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Psalm XCVII. Gu cclaóiḋtear luċd aḋarṫa na níoḋal. 1 A ta an TIĠEARNA a ríoġaċt; bíoḋ lúaṫġáire air an ttalaṁ; déanaḋ a niomad oiléun gáirdeaċus. 2 Atá néulla agus dorċadus fa ccuáirt na ṫimċioll: fíréuntaċd agus breiṫeaṁnus is áit a ċaṫaóir ríoġa. 3 Téid teine roiṁe, agus loisgfe sí a naiṁde fa ccuairt na ṫimċioll. 4 Do ṡoillsiġ a ṫinteaċ an doṁan: do ċonnairc an talaṁ sin, agus do ċrioṫnuiġ sé. 5 Do ḃádar na sléiḃte ar leaġaḋ aṁuil céir air aġaiḋ an TIĠEARNA, ar aġaiḋ ṪIĠEARNA na talṁan uile. 6 Foillsiġid ná flaiṫis a ḟíréuntaċd, agus do ċíd na daóine uile a ġlóir. 7 Go maḋ claóiḋte ḃéid síad uile noċ do ní seirḃís díoṁáiġ gráḃálta, noċ do ní íad féin aiḋḃéil as ioḋalaiḃ: cláonuiḋ siḃ féin dó, a ḋée uile. 8 Do ċúaluiḋ Sion, agus do ḃí lúaṫġáireaċ; do rinneadar inġiona Iúdah suḃaċus do ḃríġ do ḃreiṫeaṁnuis, a ṪIĠEARNA. 9 Oír atá tusa, a ṪIĠEARNA, árd ós cionn na talṁan uile: atá tú ar hárduġaḋ go mór ós cionn na nuile ḋée. 10 A ḋream ler bionṁuin an TIĠEARNA, fúaṫuiġesi an tolc: coiṁéuduiġ sé anmanna a náoṁ; sáoruiḋ sé íad as láiṁ an ṗeacaiḋ: 11 Do síolaḋ solus do nfíréun, agus lúaṫġáire don díreaċ a ccroiḋe: 12 Lúaṫġáiriġiḋ annsa TIĠEARNA, siḃsi a ḟíréuna; agus moluiḋ cuiṁne a náoṁṫaċda. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society