Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 95 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XCV. Gan lorg na sinnsior do leanṁuin a ndroċ ċúis.

1 Tagaiḋ, déanam lúaṫgáire ċum an TIĠEARNA: déanam fuáim ġáirdeaċ do ċarraic ar slánuiġṫe.

2 Tagam do laṫair a aiġṫe ré taḃairt buiḋeaċuis, agus déanam fuáim lúaṫġáireaċ ċuige ré Salmuiḃ.

3 Oír is Día mór an TIĠEARNA, agus Ríġ mór ós cionn na nuile ḋée.

4 Iona láiṁ atáid uile áite doiṁne na talṁan: agus áirde na ccnoc iona ċuṁaċtuiḃ.

5 Is leis an ṁuir, agus é féin do rinne í, agus do ċumadar a láṁa an fearann tirim.

6 Tagaiḋ, déanam aḋra agus cláonam: filliom ar nglúine ós coinne an TIĠEARNA ar ccruṫuiġeóir.

7 Oír is eision ar Ndía; agus sinne pobal a innḃir, agus caóiriġ a láṁ. A niuġ má éistiġe a ġuṫ,

8 Ná cruáiḋiġe ḃur ccroiḋe, mar san Meribah, aṁuil is a ló Massah san ḃfásaċ:

9 Mar ar ċuireadar ḃur naiṫre caṫuġaḋ orum, do ḋearḃuiġeadar mé, agus do ċonncadar moibreaċa.

10 Do ḃí mé ḋá ḟiṫċiod blíaḋan air mo ḃuáiḋreaḋ ris an nginealaċso, agus a duḃras, Is pobal seaċránaċ a gcroiḋe íad, agus níor ḃaiṫne ḋóiḃ mó ṡliġṫeaċa:

11 Dar ṁionnuiġios ann mfeirg, naċ raċaidís a steaċ dom ṡuaiṁneas.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan