Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 94 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XCIV. Gearán um ráiṫe na ndroċḋaoine. 12 Agus tarḃa tig ré smaċduġ an TIĠEARNA .

1 O a ṪIĠEARNA Día, dar dúal dioġaltas; ó a Ḋé, dar dúal dioġaltas, déalraiḋ amaċ.

2 Tóig ṫú féin súas, a ḃreiṫiṁ na talṁan: taḃair luáiġeaċt do nuáiḃreaċ.

3 Gá fad do ḋéanas an ciontaċ, a ṪIĠEARNA, cá fad do ḋéanas an ciontaċ caiṫréim?

4 Ca fad ḃiáiḋ síad ag lúaḋ agus ag laḃairt neiṫe cruaiḋe? cá fad ḃiáid síad ag síorċaint an ṁéid oibriġios éagceart?

5 Brúiġid síad do ḋaoine, a ṪIĠEARNA, agus buáiḋrid síad hoiġreaċd.

6 Marḃuid síad an ḃaintreaḃaċ agus an duine coigriċe, agus do níd feall air an ndílleaċda.

7 Agus a deirid síad, Ní ḟaicfe an TIĠEARNA sin, ní ṫuigfiḋ Día Iacob é.

8 Tuigiḋe, a ḃrúideaṁla a measg na ndaóine: agus siḃsi ḋaóine leaṁa, cá huáir ḃeiṫíse eagnuiġe?

9 An té ṡuiġios an ċlúas, naċ ccluinfe sé? an té ċumas an tsúil, naċ ḃfáicfiḋ sé?

10 An té smaċduiġios na cineaḋaċa, naċ ttiuḃraiḋ sé aċṁusan uáḋ? an té ṁúinios éolus don duine; naċ bía a ḟios aige?

11 Is aiṫne don TIĠEARNA smuáintiġe an duine, gur díoṁaóineas íad.

12 Is beannuiġe an duine, a ṪIĠEARNA, noċ smaċduiġios tusa, agus ṁúineas tú as do ḋliġeaḋ;

13 Do ṫaḃairt súaiṁnis dó a láeṫiḃ a nuilc, nó go ttoċaltar poll don ċíontaċ.

14 Oír ní ṫeilgfiḋ an TIĠEARNA a ḋaoine féin úaḋ, agus ní ṫréigfiḋ sé a oiġreaċd.

15 Oir fillfiḋ breiṫeaṁnus ċum ceirt: agus leanfuid a nuile ḋíreaċ a ccroiḋe é.

16 Cía éireoċus-súas ar mo ṡonsa a naġaiḋ luċd déanta a nuilc? cía ċuirfios é féin air mo ṡon a naġaiḋ luċta oibriġṫe na héagcóra?

17 Aċt muna ḃeiṫ go raiḃ an TIĠEARNA na ċungnaṁ agam, ní mór naċ bíaḋ manam san nuáiḋ.

18 A nuáir a duḃras, Sciorruiḋ mo ċos; do ċonnaiṁ do ṫrócaire, súas mé, a ṪIĠEARNA.

19 A niomad mo smuáintiġṫe ionnam a stiġ do ṫaitniġiodar do ċoṁḟurtaċda rem anam.

20 An mbía cumann riotsa ag caṫaóir na hurċóide, noċ ċumas éaigceart re dliġeaḋ?

21 Coiṁċeanglaid íad feín a naġaiḋ anma a nfíréin, agus damnuiġid an ḟuil neiṁċiontaċ.

22 Aċt biáiḋ an TIĠEARNA mar ċuṁdaċ agamsa; agus mo Ḋía mar ċarraic mo ḋídin.

23 Agus fillfe sé orra féin a gcionta agus ann a nurċóid géarrfa sé amaċ íad; scriosfa an TIĠEARNA ar Ndía íad.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan