Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 91 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XCI. Is dídion Día da ḋaoiniḃ disle, an-aġaiḋ gaċ soiġead agus sciúrsa.

1 An té áitiġios a núaingnios an té is ro áirde do ḋéana sé coṁnuiḋe ar scáṫ a Nuileċuṁaċtuiġ.

2 A déarad a ttaoḃ an TIĠEARNA, Mo ḋídean agus mo ḋaingion: mo Ḋía; cuirfiod mo ḋóṫċus ann.

3 Go deiṁin sáorfa sé ṫusa ó líon a nfíaġaiḋ, ón ṗláiġ niṁniġ.

4 Ré na sciaṫán foileoċaiḋ sé ṫú, agus fa na sciaṫánaiḃ ċuirfios tú do ḋóṫċus: is scíaṫ agus buicléir a ḟirinne.

5 Ní ḃía faítċios ort air eagla na hoiḋċe; nó fó na soiġde eitiollas san ló;

6 On ṗláiġ noċ ṡíuḃlas annsa dorċadus; nó ón dioġaltas noċ ṡiuḃlas san meaḋóin laói.

7 Tuitfid míle ré do ṫáoḃ, agus deiċ míle ar do láiṁ ḋeis; ní ṫiucfa sin ad ġarsa.

8 A ṁáin lé do ṡúiliḃ do ċífe tú agus do ċífir luáiḋeaċt na neiṁḋíaḋaċ.

9 Oír don TIĠEARNA mo ḋaingionsa, don té is ro áirde, do rinne tú hionad coṁnuiḋe;

10 Ní ḃeanfa áonolc riot, agus ní ṫiucfa an ṗláiġ a ccoṁġar dot ṗáillíun.

11 Oír cuirfe se dúalaċ air a aingliḃ dot ṫáoḃsa, dot ċoiṁéad ann do ṡliġṫiḃ uile.

12 Iomċoruid ṫú ann a láiṁ, deagla go mbeanfaḋ do ċos re cloiċ.

13 Sailteorair air an leoṁan agus air an Mbasilisc: do ḋéanair saltairt air an leoṁan óg agus air an ndragún.

14 Do ḃríġ go ḃfuil gráḋ aige orumsa, saorfa mé é: áirdeoċád é, do ḃríġ gó ráiḃ fios manma aige.

15 Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona ḃuaiḋreaḋ; do ḋéanad a ṡaoraḋ, agus a ġlóruġaḋ.

16 Do ḋéanad a ríar le fad laéṫeaḋ, agus foillseoċad mo ṡlánuġaḋ ḋó.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan