Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 90 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm XC. Caintic no urnaiġ Ṁaóise, ag smuáineaḋ ar an ḃás.
Urnaiġ Ṁaóise ógluiċ Dé.

1 A ṪIĠEARNA, do ḃí tú ad ionad ċoṁnuiġ ḋúinne ó ġinealaċ go ginealaċ.

2 Súil rugaḋ na sléiḃṫe, agus suil ar ċum tusa an talaṁ agus an sáoġal, go deiṁin ó ṡíorruiġeaċt go síorruiġeaċt, atá tú ad Ḋía.

3 Impoiġ tú an duine díoṁaóin ċum a ṁillte; agus a deir tú, Filliġ, a ċlann Aḋaiṁ.

4 Oír ṁíle blíaḋan tair éis dul ṫort atáid ad raḋarcsa mar an lá a né, agus mar á nfaire annsa noiḋċe.

5 Beiriḋ tú leaċd íad aṁuil re sruṫ; atáid mar bu na ccodlaḋ: ar maidin atáid mar ḟéur do ċloḋ.

6 Ar maidin bláiṫiġ sé, agus claoċloiḋ se; traṫnóna géarrṫar síos é, agus críonuiḋ sé.

7 Oír meaṫamaoid ann ṫfeirg, agus atamaoid ar mbuáiḋreaḋ ann do ḋíḃḟeirg.

8 Do ċuir tú ar ccionta ós do ċoinne, ar bpeacuiḋe fóluiġeaċa ós coinne ṡolus do ġnúise.

9 Oír do ċúadar ar láeṫe ṫoruinn ann do ḋiḃḟeirgsi: caiṫmíd ar mblíaḋna mar sgéul.

10 Láeṫe ar mbliaḋna is deiċ mbliaḋna agus trí fiṫċid íad; agus má ḃid tre neart ceiṫre fiṫċid, is sáoṫar agus dioṁaoineas a neart; oir géarrṫar amaċ é go deiṫniosaċ, agus teiṫmíd roṁuinn.

11 Cía dar baiṫne neart ṫfeirgesi? nó do ḋiḃḟeirge, do réir heagla.

12 Teagaisg ḋúinn ar laeṫe dáirioṁ, iondus go ttugam ċugainn croiḋe eagnuiġe.

13 Iompóiġ, a ṪIĠEARNA, ca fad? agus bíoḋ aiṫreaċus ort a ttáoḃ do ṡeirḃíseaċ.

14 Sásaiḋ sinn go moċ red ṫrócaire; agus do ḋéanam lúaṫġáire agus gáirdeaċus air feaḋ ar sáoġail.

15 Taḃair fa deara ḋúinn gáirdeaċus do ḋéanaṁ do réir na laeṫeaḋ ionar ḃuaiḋir tú sinn, agus na mblíaḋan iona ḃfacamar olc.

16 Taisbeanntar hobair dot ṡeirḃíseaċaiḃ, agus do ġlóir da ccloinn.

17 Agus bíoḋ scéiṁ an TIĠEARNA ar Ndé oruinn: agus daingniḋ oibreaċa ar láṁ oruinn; sáoṫair ċeana ar láṁ daingníḋsi sin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan