Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm IX. Psalm ḃuiḋeaċuis arson ḃuaiḋ Ṡioin.
Don príṁḟear ceóil air Ṁut-Labben, Psalm Ḋáiḃi.

1 Molfa me ṫú, a ṪIĠEARNA, re croiḋe iomlán; foillseoċa mé hoibreaċa iongantaċa uile.

2 Biaiḋ mé lúaṫġáireaċ agus gáirdeoċad ionadsa: canfad molaḋ dod ainm, ó ṫusa is ro áirde.

3 A núair ḟillfiġear mo naiṁde ar a nais, tuitfid síad agus raċuid seaċad ad ḟiaġnuisi.

4 Oír do ċoṫuiġis mo ċeart, agus mo ċúis; do ṡuiġis san nárdċaṫaoir ag breaṫnuġaḋ ceirt.

5 Do imḋearguis na geinte, do lérscriosuis an ciontaċ, do ċuiris amaċ a nainm go sáoġal na sáoġal.

6 O a náiṁuid, atáid scriosta air tteaċd ċum críċe suṫuine: agus do scriosuis caiṫreaċa; dimṫiġ a ccuiṁniuġaḋ seaċad maille ríu.

7 Aċt mairfiḋ an TIĠEARNA ċoiḋċe: dullṁuiġ sé a árdċaṫaóir ċum breiṫeaṁnuis.

8 Agus do ḋéana sé breiṫeaṁnus air an sáoġal a ḃfiréantaċd, do ḋéana sé breiṫeaṁnus don ṗobal a ḃfírinne.

9 Bíaiḋ an TIĠEARNA mar an ccéadna na ionad dídin don té ṡáruiġṫear, na ḋaingion a naimsearuiḃ buáiḋearṫa.

10 Agus an ṁuinntir agá ḃfuil fios hanma cuirfid a ndóiġ ionnad: óir ṫusa, a ṪIĠEARNA, níor ṫréigis an luċd íarrus ṫú.

11 Cán molta don TIĠEARNA, noċ ċoṁnuiġios a Sion: foillsiġ a measc an ṗobail a ġníoṁarṫa.

12 A nuáir do ní sé cúartuġaḋ air ḟuil, cuiṁniġiḋ sé orra: ní ḋearmadann sé éiġioṁ na núṁal.

13 Déan trócaire oram, a ṪIĠEARNA; meas mo ḃuaiḋreaḋ noċ ḟuilngim ón muinntir ḟúaṫuiġios mé, ṫusa noċ ṫógḃus súas mé ó ġeataḋuiḃ an ḃáis:

14 Ċor go ttaisbeanfuinn do ṁolaḋ uile a ngeataḋuiḃ inġine Sion: gáirdeoċa mé ann do ṡlánuġaḋ.

15 Do sluigeaḋ síos na geinte annsa ċlais noċ do rinneadar: annsa líon noċ do ḟoluiġeadar do gaḃaḋ a ccos féin.

16 Aiṫeantar an TIĠEARNA ris an mbreiṫeaṁnus noċ ċuireann sé a ḃféiḋm: gaḃṫar an ciontaċ a nobair a láṁ féin. Higgaion. Selah.

17 Cuirfiġear na ciontaiġ go hifrienn, agus a nuile ċineaḋ noċ ḋearmadas Día.

18 Oír ni dearmadfuiġear an teasḃaḋaċ a ccoṁnuiġ: ní raċuiḋ dóṫċus na mboċd a muġa go bráṫ.

19 Eíriġ, ó a ṪIĠEARNA; na léig don duine búaḋuġaḋ: déantar breiṫeaṁnus air na geintiḃ ad raḋarc.

20 Cuir eagla orra, ó a ṪIĠEARNA: ċor go mbiáiḋ a ḟios ag na cineaḋaċuiḃ naċ ḃfuil ionnta féin aċd daóine.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan