Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 89 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Psalm LXXXIX. Gur daingion da ḋaóiniḃ féin, trócaire agus firinne Dé, sa nuile ċás a mbíd.
Psalm teagaisg Etan an Tesrahíteaċ.

1 Canfad trócaire an TIĠEARNA go bráṫ: foillseóċad ṫfírinne lém ḃéul ó ġinealaċ go ginealaċ.

2 Oír a duḃairt mé, Cuirfiġear trócaire súas go bráṫ: daingneoċaiḋ tú ṫfírinne fós annsna flaiṫis.

3 Do rinneas connraḋ rem ḋaóiniḃ toġṫa, ṫugas mionna dom ṡeirḃíseaċ Dáiḃi,

4 Daingneoċad go bráṫ do ṡlioċd, agus suiḋeoċad do ċaṫaóir ríoġa ó ġinealaċ go ginealaċ. Selah.

5 Agus molfaid na flaiṫeaṁnuis hoibreaċa iongantaċa, a ṪIĠEARNA: ṫfírinne fós a ccoiṁṫionól na náoṁ.

6 Oír cía annsa spéir is féidir do ċomóraḋ ris an TTIĠEARNA? cía is cosṁuil ris an TTIĠEARNA a measc ċloinne na neartṁar?

7 Is cóir eagla do ḃeiṫ roiṁe Ḋía a ccoiṁṫionól a naoṁ go roṁór, agus moḋ do ṫaḃairt dó ós cionn a ḃfuil na ṫimċioll,

8 A ṪIĠEARNA a Ḋé na slóġ, cía ata cosṁuil riot TIĠEARNA ro ċuṁaċdaċ? agus atá ṫfírinne ad ṫimċioll fa gcuáirt?

9 Riaġluiḋe tú úaḃar na mara: an tan ḃíd a tonna ar dtógḃáil súas, suáiṁniġan tú íad.

10 Do ḃris tú Rahab a mbloḋiḃ aṁuil duine ar na ṡáṫaḋ ṫríd; lé láiṁ do neirt do spréiḋ tú do naiṁde.

11 Is leatsa na flaiṫeaṁnuis, agus fós is leaċt an talaṁ: an saoġal agus a iomláine sin, do ṡuiġiḋ tusa íad.

12 Do ċruṫaiḋ tú buḋ ṫúaiḋ agus buḋ ḋeas: Tábor agus Hermon do ḋéanaid lúaṫġáire ann hainm.

13 Atá ríġ neartṁar agad: is láidir do láṁ, agus is árd do ḋeasláṁ.

14 Ceart agus breiṫeaṁnus is suiġeaḋ dot ċaṫaóir ríoġa: raċaiḋ trócaire agus fírinne ós coinne haiġṫe.

15 Is beannuiġe na daóine dar baiṫne a nfuáim ġáirdeaċ: a ṪIĠEARNA, siuḃoluid, a solus do ġnúise.

16 Do ḋéanaid gáirdeaċus ann hainmse air feaḋ an laói: agus ann ṫfíréantaċd áirdeoċṫar íad.

17 Oír is tusa glóir a neirt: agus ann ṫfaḋḃar áirdeoċṫar ar naḋarc.

18 Oír is ón TIĠEARNA atá ar scíaṫ; agus isé ar ríġ Aon Náoṁṫa Israel.

19 Annsin do laḃair tú a ttaiḋḃsi red náoṁuiḃ, agus duḃairt tú, Do ċuir mé furtaċd ar ḋuine ċuṁaċtaċ; dárduiġ mé neaċ toġṫa as an bpobal.

20 Fuáir mé Dáiḃi mo ṡerḃíseaċ; rem ola náoṁṫa dunguiḋ mé é:

21 Le a mbiaiḋ mo láṁ go diongṁalta: neartoċaiḋ fós mo ríġ é.

22 Ní ḋéana an náṁaid foiréigin air; ná mac an ċorbaiḋ a ḃuáiḋreaḋ.

23 Agus claóiḋfiod a eascáirde da laṫair féin, agus cráiḋfiod an luċt agá ḃfuil fúaiṫ air.

24 Aċt béid mfírinne agus mo ṫrócaire leision: agus áirdeoċṫar a aḋarc ann mainm.

25 Cuirfiod a láṁ mar an ccéadna annsa ṁuir, agus a láṁ ḋeas annsna haiḃniḃ.

26 Goirfiḋ sé ċugamsa, A aṫair, is tusa mo Ḋía, agus carraic mo ṡlánaiġṫe.

27 Mar an gcéadna do ḋéana mé eision na ċéidġin, niós áirde ná ríġṫe na talṁan.

28 Go bráṫ coinneoċad mo ṫrócaire ḋósan, agus biáiḋ mo ċunnraḋ fírinneaċ ḋó.

29 Agus suiġeoċad a ṡíol go bráṫ, agus a ċaṫaoir ríoġa mar láeṫe ḟlaiṫeaṁnuis,

30 Má ṫréigid a ṁic mo ḋliġeaḋ, agus naċ siuḃóluid ann mo ḃreiṫeaṁnus;

31 Má ṫruáillid mo reaċda, agus naċ ccoiṁéaduid maiṫeanta;

32 Tiucfadsa annsin dféuċuin a sáruiġṫe ris an tslait, agus a ccorbaḋ le builliġiḃ.

33 Ṫairis sin ní ḃeanfa mé mo ṫrócaire ṫrid amaċ ḋeision, agus ní ḋéanad bréug a naġaiḋ mfírinne.

34 Ní ṫruáillfiod mo ċunnraḋ, agus ní áiṫreoċad an ní do ċuáiḋ amaċ as mo ḃéul.

35 Ṫugas mo ṁionna áonuair dar mo náoṁṫaċt naċ déanuinn bréug re Dáiḃi.

36 Biaiḋ a ṡlioċd go bráṫ, agus a ċaṫaóir ríoġḋa mar an ġrian ós mo ċoinne.

37 Biáiḋ sé ar na ḋaingniuġaḋ go bráṫ mar an ngealuiḋ, agus mar ḟiaġnuise ḟirinniġ annsa naíeir. Selah.

38 Aċ do ṫréigis, agus do ḋiúlt tú, do ḃí tú ro ḟeargaċ red ungṫaċ.

39 Do ḃris tú cunnraḋ do ṡerḃísiġ: do ṫruáilliġ tú a ċoróin, da teilgion ċum na talṁan.

40 Do ḃris tú fós a ḟálta uile; agus do ṫeilġis síos a ḋaingne.

41 Gaċ a ngaḃann an tsliġe creaċaid é: is imḋeargaḋ é dá ċoṁarsanaiḃ.

42 Dárduiġ tú láṁ ḋeas a náṁad; do ġáirdiġ tú a naiṁde uile.

43 Do iompoiġis fós fáoḃar a ċloiḋiṁ tar ais, agus ní ṫugáis air seasaṁ annsa ċaṫ.

44 Ṫugais air a ḋéalraḋ cosg, agus do ṫeilg tú a ċaṫaoir ríoġa go talaṁ.

45 Do ġearraiḋ tú laéṫe a óige: dfoluiġ tú é le náire. Selah.

46 Cá fad, ḟoileoċus tú ṫú féin a ṪIĠEARNA? an go bráṫ? an loisgfiḋ ṫfearg mar ṫeine?

47 Cuiṁniġ cred fad mo ré: cred far ċruiṫiġis a ndíoṁáoineas síol Aḋaiṁ uile?

48 Cía hé an duine ṁairios, agus naċ ḃfaicfé an bás? an saorfa sé a anam ó láiṁ na huáiġe? Selah.

49 Cáit a ḃfuilid do ṫrocairiḋe roiṁe so, a ṪIĠEARNA, noċ do ṁionnuiġis do Ḋáiḃi ann ṫfírinne?

50 Cuiṁniġ, a ṪIĠEARNA, scannail do ṡeirḃíseaċ; noċ iomċuim ann mo ḃrollaċ ó nuile ċineaḋ ṁór;

51 Re ar imḋeargadar do naiṁde, a ṪIĠEARNA; ler imḋeargadar coiscéime hungṫaiḋ.

52 Go maḋ beannaiġ ḃías an TIĠEARNA go bráṫ. Amen, agus Amen.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan